Chaith an Taoiseach vótaí ar son comhghleacaithe leis nach raibh ina suíocháin sa Dáil ag an am.
Is é Leo Varadkar an Teachta Dála is déanaí atá tarraingthe isteach sa chonspóid maidir le vótáil i nDáil Éireann.
Dheimhnigh an Taoiseach gur chaith sé vótaí ar son comhghleacaithe leis, ach mhaígh sé go raibh na daoine sin sa seomra Dála nuair a chaith sé vótaí ar a son.
Tháinig conspóid na vótála chun solais nuair a tuairiscíodh ar an Irish Independent gur vótáil an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Niall Collins sé huaire ar son a chomhghleacaí Timmy Dooley nuair nach raibh Dooley i seomra na Dála Déardaoin seo caite. Mhaígh Collins gur cheap sé go raibh Dooley sa seomra ag an am.
Cuireadh an bheirt Teachtaí Dála ar fionraí ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil fad is atá an scéal á fhiosrú.
Ó shin i leith, tá ráite ag scata polaiteoirí eile gur chaith siad vótaí ar son a gcomhghleacaithe nuair a bhí siad áit eile sa seomra Dála seachas ina suíocháin.
Ina measc siúd a d’admhaigh gur bhrúigh siad an cnaipe vótála do dhaoine eile, bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin. Dúirt Martin go raibh a chomhghleacaithe i seomra na Dála nuair a dhein sé amhlaidh.
Dúirt urlabhraí de chuid an Taoisigh inniu go raibh difear an-mhór idir vóta a chaitheamh do dhuine a bhí áit eile i seomra na Dála agus vóta a chaitheamh do dhuine nach raibh sa seomra ag an am.
Tá conspóid na vótála á fiosrú ag Tithe an Oireachtais agus tá ráite ag ceannairí na bpáirtithe go léir gur cheart deireadh a chur leis an nós vótaí a chaitheamh ar son daoine eile, bíodh siad áit eile sa seomra Dála nó ná bíodh.
Dúirt Ceann Comhairle na Dála Seán Ó Fearghail gur scéal “an-tromchúiseach” a bhí ann agus go raibh “sláine” an phróisis vótála sa Dáil “ríthábhachtach”.