Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dochas-ann-i-gconai-go-bhfuil-margadh-ar-na-bacain

Dóchas ann i gcónaí go bhfuil margadh ar na bacáin

Lá cinniúnach eile a bheidh ann i scéal fada an Bhreatimeachta inniu agus iarrachtaí fós ar bun clabhsúr a chur ar mhargadh.

Ar Shráid Downing agus Westminster is mó a bheidh aird anois féachaint an éireoidh le Boris Johnson cur ina luí ar an DUP agus ar na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina pháirtí féin glacadh leis na moltaí is déanaí.

Bhí roinnt mhaith dóchais ann i gcaitheamh an lae inné go dtiocfaí ar shocrú roimh chruinniú mullaigh an lae inniu, ach deimhníodh aréir go raibh constaicí áirithe fós le sárú.

Cuireadh ar ceal i dTeach Laighean aréir cruinniú a bhí beartaithe ag an Rialtas le ceannairí an fhreasúra chun na sonraí is déanaí a thabhairt dóibh faoi na cainteanna.

Tuairiscíodh go leanfadh na cainteanna ar aghaidh inniu agus tuairimíocht láidir i gcónaí ann go bhfuil margadh ar na bacáin, cé go raibh amhras níos mó aréir ann faoi cathain a tharlódh sin.

Tuairiscíodh tráthnóna inné go raibh an dá thaobh tagtha ar shocrú faoi na ceisteanna éagsúla a bhí ag cothú aighnis sna cainteanna agus thuairiscigh RTÉ nach raibh fágtha le réiteach ach ceisteanna a bhain le cúrsaí VAT.

Chuir príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier na sonraí is déanaí i láthair ambasadóirí an 27 ballstát aréir agus tuairiscíodh gur chuir sé an méid sin in iúl dóibh.

Nuair a cuireadh ceist air i ndiaidh an chruinnithe sin an raibh margadh déanta, ba é a dúirt Barnier ná ‘Táimid ag obair linn, táimid ag obair linn”.

Mhéadaigh ar an dóchas go mbeadh sé ina mhargadh aréir nuair a tuairiscíodh go rabhthas tagtha ar aontú faoi cheist achrannach na teorann in Éirinn agus go raibh glactha ag an DUP leis na moltaí is déanaí faoi chúrsaí custam agus faoi cheist na tola i gcás an Tuaiscirt.

Ach cé gurbh léir ó na tuairiscí éagsúla go raibh dul chun cinn mór déanta sna cainteanna, bhí ceist an mhargaidh fós idir dhá cheann na meá aréir agus Boris Johnson ag iarraidh an DUP agus na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina pháirtí féin a mhealladh.

Chuir Príomh-Aire na Breataine na cainteanna Breatimeachta i gcomparáid le bheith “ag dreapadh Everest”. Bhíothas “gar don bharr” ach bhí “ceo” fós anuas air, a dúirt Boris Johnson.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go mbeadh geall curtha aige Dé Máirt go ndéanfaí margadh ach nach raibh sé chomh cinnte céanna faoi chúrsaí anois. Bhí ábhar margaidh ann ach is amhlaidh go raibh amhras arís ar thaobh na Breataine ann faoi rudaí áirithe, arsa Tusk tráthnóna inné. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné go raibh “bealach” ann teacht ar réiteach ach thug sé leid chomh maith go mb’fhéidir go mbeadh gá le cruinniú mullaigh eile roimh dheireadh na míosa.

Is gá go bhfoilseofaí ar dtús aon mhargadh agus an téacs dlí a bhainfeadh leis má táthar ag iarraidh go n-aontódh ceannairí na mballstát é ag a gcruinniú mullaigh atá ar siúl inniu agus amárach. 

De réir na reachtaíochta a tugadh isteach in Westminster chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, beidh iachall ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson síneadh ama eile ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh beannacht na parlaiminte in Westminster aige do mhargadh nua faoin Satharn beag seo.

Tá sé seanráite ag Johnson go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh ann nó ná bíodh.

Tá sé seanráite ag an DUP nach mbeadh aon ghlacadh acu le teorainn chustaim síos muir Éireann, moladh ar dhiúltaigh Theresa May dó toisc, a dúirt sí, nach bhféadfadh Príomh-Aire ar bith de chuid na Breataine glacadh lena leithéid.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge