Tá comharsa ag mo mháthair a fhásann tiúilipí. Ní tiúilip nó dhó atá i gceist agam ach oiread ach na scórtha míle méadar cearnach acu, mar a bheifeá ag súil leis ó tháirgreoir tiúilipí san Ísiltír. Tá aithne agam ar an bhfear céanna ar feadh mo shaoil (níl sé ach trí bliana níos sine ná mé féin) agus b’fhéidir gurb é sin an fáth nár rith sé liom riamh breathnú air le súil an scríbhneora.
Níl rogha agam le cúpla seachtain anuas, áfach. Tá mé ag stopadh i dteach mo mháthar ar feadh tamaill agus cé a bhíonn os mo chomhair amach ó dhubh go dubh agus mé ag déanamh eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam ach é féin, ag teacht is ag imeacht ar a rothar, ag rith ó theach gloine go scioból, ag léimt thar sconsaí, ag tógáil botháin nua nó ag saothrú na talún ar a ghlúine mar a bheadh Dia á rá leis. Níl éalú ón bhfuadar a bhíonn faoi toisc gur ag leac na fuinneoige a bhím féin ag obair, an áit a bhfuil an solas is fearr i mo sheanseomra, agus áit a bhfuil radharc agam, ní hamháin ar thailte tiúlipí mo chomharsan ach ar na dumhcha gainimh a scarann mo bhaile dúchais ón Muir Thuaidh.
Pé scéal é, níor shamhlaigh mé riamh go sleamhnódh an fear céanna – a chuid gothaí, le bheith cruinn – isteach i mo chuid scríbhneoireachta go dtí gur rith sé liom go n-oirfeadh a iompar coirp do dhuine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam.
Ceann de na deacrachtaí a bhaineann leis an gcur síos fisiciúil ar charachtair fhicseanúla ná nach n-oibríonn cur síos ar rud ar bith a bhíonn ina stad – sin é mo thuairimse pé scéal é, mar léitheoir agus mar scríbhneoir. Féadfaidh tú a insint dom go bhfuil gruaig fhionn ar charachtar ach ní fheicfidh mé tada. Ach cuir an carachtar á ceangal siar i gcocán, ag cogaint ar dhlaoi di nó á stróiceadh amach as a cheann, agus feicfidh mé an ghruaig sin! Ná hinis ach taispeáin, i bhfocail eile – ach measaim go bhfuil rud éigin sa bhreis i gceist i gcás cur síos ar charachtair fhicseanúla.
Scríobh mé ar na leathanaigh seo cheana go gcreidim gur i ngothaí an duine atá rún na háilleachta seachas i mbaill a choirp agus creidim gur amhlaidh a bhíonn i gcás na gcarachtar ficseanúil.
Agus mé ag breathnú ar fhuadar mo chomharsan rith sé liom gurbh é sin a bhí in easnamh ar mo phríomhcharachtar go fóill, iompar coirp a bheadh le haithint ar a chuid gluaiseachtaí go léir. Dála mo chomharsan, fear é mo phríomhcharachtar nach gcuireann obair mhaslach faitíos air, agus ba chóir go mbeadh an tréith sin dá phearsantacht le sonrú sa chur síos fisiciúil air.