Íoc as an taisteal sa Róimh… le buidéil phlaisteacha!
Chun an athchúrsáil a
chur chun cinn agus an bruscar a laghdú ar shráideanna na Róimhe,
tá scéim nua curtha i bhfeidhm sa chathair a chuireann ar chumas
daoine íoc as an iompar poiblí le buidéil phlaisteacha.
‘Ricicli Viaggi’ (Athchúrsáil Taistil) is ainm don tionscnamh faoina dtugann daoine buidéil phlaisteacha chuig innill speisialta i roinnt stáisiún, cuireann siad na buidéil isteach lena n-athchúrsáil agus tugtar creidmheas digiteach dóibh is féidir leo a úsáid ar bhusanna agus ar an meitreo.
Faigheann tú 5 cent in
aghaidh an bhuidéil, rud a chiallaíonn go mbeidh an gnáth-thuras
clúdaithe agat le 30 buidéal.
Seans go sílfí gur líon measartha mór é sin ach tá tóir ar an tseirbhís go dtí seo, agus má bhíonn rath air tar éis bliana leathnófar amach é chuig stáisiúin eile ar fud na Róimhe.
“Bítear ag caint ar
an gcriptea-airgeadra na laethanta seo, ach tá aigreadra plaisteach
againne,” arsa Paulo Simoni, ceannasaí líonra iompair phoiblí na
Róimhe, Atac.
“Is córas é ina
ndéanann daoine athchúrsáil, cruthaítear dílseacht na
gcustaiméirí agus cúitítear iompraíocht shuáilceach na
saoránach.”
Táthar ag súil go
gcuideoidh an scéim chun fadhbanna bruscair na cathrach a réiteach
agus go spreagfaidh sé tuilleadh daoine beart a dhéanamh ar son na
timpeallachta.
Forza Ricicli Viaggi!