Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Litríocht na Gaeilge – ‘más leabhair mhaithe iad, ceannaítear agus léitear iad’
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-litriocht-na-gaeilge-–-‘mas-leabhair-mhaithe-iad,-ceannaitear-agus-leitear-iad’

Litríocht na Gaeilge – ‘más leabhair mhaithe iad, ceannaítear agus léitear iad’

Ócáid mhór a bhí i mbronnadh gradam leabhar Gaeilge na bliana i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, bíodh is nach mbeadh a fhios agat é ó na meáin.

Shílfeá go mbeadh na buaiteoirí le cloisteáil ar chláracha raidió an oíche sin nó an lá dár gcionn, nó go gcuirfí faoi agallamh ar an teilifís iad, nó go gcraolfaí cuid den ócáid beo ó Bhaile Átha Cliath, ach ní mar sin a bhí.

Labhair Tuairisc.ie le beirt de na buaiteoirí, Darach Ó Scolaí ón teach foilsitheoireahcta Leabhar Breac agus an scríbhneoir iomráiteach Áine Ní Ghlinn faoi na gradaim féin, faoin litríocht agus faoina gcuid pleananna don todhchaí.

Conas mar a mhothaigh Darach Ó Scolaí tar éis do Leabhar Breac Gradam Uí Shúilleabháin, an gradam do leabhar na bliana, a bhuachan den chúigiú huair?

“Tá ríméad orm, gan dabht, ach tá mé mórtasach freisin as an leabhar féin, An Tromdhámh,” ar sé.

“Tá an-áthas orm gur éirigh le Feargal [Ó Béarra] an duais a bhaint amach ar an gcéad iarraidh agus is breá liom gur ar phrós liteartha a bronnadh an duais.”

Bhuaigh Áine Ní Ghlinn Gradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga, dá saothar do dhaoine óga, Boscadán, a d’fhoilsigh Cois Life. Is é seo an tríú huair a bhuaigh Áine Ní Ghlinn an duais seo.

“Táim thar a bheith sásta agus thar a bheith buíoch de Cois Life,” a deir sí.

“Aireoimid ar fad uainn iad agus na doirse anois á ndúnadh ag deireadh na bliana seo ach caithfidh mé a rá go ndearna siad obair iontach thar na blianta agus go bhfuil leabhair den scoth ar fáil de bharr na hoibre sin.

“Gradam foilsitheoireachta is ea Gradam Réics Carló agus murach iadsan ar fad, ní bheadh na gradaim seo buaite agamsa.”

Ach seachas an duaischiste cén mhaith a dhéanann na gradaim seo don fhoilsitheoir agus don scríbhneoir, nó an ndéanann siad difear ar bith? Creideann Darach Ó Scolaí go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na gradaim.

“Tá Gradam Uí Shúilleabháin buaite cúig uaire againn, agus gach uair díobh sin ardaíodh ar an díolachán go suntasach,” ar sé. “Cuireann sé go mór le stádas an scríbhneora freisin, gan dabht.”

Deir Áine Ní Ghlinn go gcabhraíonn gradaim léi mar scríbhneoir ar bhealaí éagsúla.

“Sílim go gcabhraíonn gradaim agus duaiseanna ar go leor leor bealaí. Cabhraíonn an t-aitheantas le do chuid féinmhuiníne mar scríbhneoir, cabhraíonn gradaim le díolachán agus le fógraíocht freisin – agus ar ndóigh, cabhraíonn siad go mór ó thaobh airgid de.

“Níl sé éasca maireachtáil mar scríbhneoir. Dá ndéanfá an obair agus an méid ama a chaitheann tú ar leabhar a bhriseadh síos bheifeá go maith faoin mbunráta pá in aghaidh na huaire. Mar sin cabhraíonn duaiseanna agus gradaim go mór liomsa ó thaobh airgid de.”

Deir sí gur beag scríbhneoir atá in ann maireachtáil ar an scríbhneoireacht amháin, rud a bhfuil aird á tarraingt air faoi láthair ag an eagraíocht Words Ireland atá ag iarraidh ar an rialtas tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do scríbhneoirí.

Scéal ársa é scéal An Tromdhámh.

“Seo ceann de na scéalta móra atá againn, scéal a thaitnigh lenár muintir os cionn seacht gcéad bliain ó shin, ach leis an gculaith nua atá curtha ag Feargal air, bainfidh léitheoirí an lae inniu an taitneamh céanna aisti,” a deir Darach Ó Scolaí. “Aoir atá sa scéal ina bhfuil insint ar chuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus ar shaint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin. Scéal iltéamach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois. Sa leagan nuachóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo. Is mór an spóirt é!”

Ar ndóigh, tá leabhar Áine Ní Ghlinn, Boscadán, iomlán éagsúil. Leabhar do léitheoirí óga atá ann agus is iad príomhcharachtair an scéil cailín óg darb ainm Aoife, agus róbó a thagann chun beatha.

“Nuair a bhí mo ghasúir féin óg bhíodh siad i gcónaí ag déanamh tithe agus gach saghas ruda as boscaí. Is minic a shíl mé go dtiocfadh scéal as sin – agus is dócha gurbh as sin a tháinig an bunsmaoineamh,” ar sí.

“Bhí an smaoineamh ag dul thart i mo cheann ar feadh na mblianta agus chaitheas isteach i dtarraiceán é gan é a bheith críochnaithe. Ó am go chéile téim siar ar smaointe agus leathsmaointe agus nuair a tháinig mé ar scéal Boscadán thosaigh mé á athscríobh. Le cúnamh agus le comhairle ó Ghráinne Ní Mhuilneoir (a bhí ina heagarthóir le Cois Life ag an am) tháinig Boscadán chun beatha arís!”

Céard é an dúshlán is mó atá roimh Leabhar Breac, agus muid ag druidim le deireadh 2019? “Go simplí: cur le líon na léitheoirí,” a deir Darach Ó Scolaí.

“D’éirigh linn cur le líon na léitheoirí atá ag Leabhar Breac le blianta beaga anuas, ach ba mhaith liom gur ardú a bheadh ansin ar líon na léitheoirí fré chéile, agus gur fearr an pobal léitheoireachta a bheadh ar fáil dár scríbhneoirí. Agus ó thaobh na léitheoirí de, ba mhaith liom leabhair níos fearr a chur ar fáil dóibh. Creidim gur fáinne fí atá ann: as leabhair mhaithe tagann léitheoirí, agus as léitheoirí tagann scríbhneoirí …”

Bronntar Gradam Réics Carló ar Leabhar na Bliana do dhaoine óga, agus bíonn idir phictiúrleabhair agus leabhair do dhéagóirí san iomaíocht don duais. Ar cheart dhá chatagóir éagsúil a bheith ann?

“D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na gradaim go léir,” a deir Áine Ní Ghlinn.

“Conas is féidir comparáid a dhéanamh idir úrscéal agus leabhar taighde? Conas is féidir comparáid a dhéanamh idir pictiúrleabhar agus úrscéal do dhéagóirí? Is dócha nach féidir – ach faraor, tá margadh na Gaeilge róbheag leis na catagóirí ar fad a bhriseadh suas. Caithfimid muinín a bheith againn as na moltóirí agus é a fhágáil fúthu siúd,” ar sí.

Nuair a bhronntar gradaim mar seo ar leabhar, comhartha é go bhfuil ardchaighdeán bainte amach ag an scríbhneoir agus ag an bhfoilsitheoir. Nuair a deirim nach ionann é sin agus a rá go léifidh nó go gceannóidh daoine an leabhar, ní thagann Darach Ó Scolaí liom.

“Ní aontaím leat, ceannaítear agus léitear na leabhair más leabhair mhaithe iad! Is iondúil, tar éis do leabhar Gradam Uí Shúilleabháin a bhuachaint, go mbíonn orainn tuilleadh cóipeanna a chur i gcló,” a deir sé.

Agus céard faoi staid na litríochta Gaeilge? Deir Áine Ní Ghlinn go bhfuil níos lú léitheoireachta á dhéanamh ag daoine óga sa lá atá inniu ann.

“Déanann siad méid áirithe léitheoireachta agus iad sa bhunscoil ach éiríonn go leor daoine as a bheith ag léamh a luaithe is a thosaíonn siad sa mheánscoil,” ar sí. “Bíonn caitheamh aimsire eile acu agus caitheann siad níos mó ama ar an bhfón póca is dócha. Tá éacht déanta ag na foilsitheoirí maidir le leabhair Ghaeilge nua-scríofa a chur ar fáil do dhaoine óga, idir pháistí óga agus iad siúd atá sna déaga. Tá feabhas iontach tagtha ar chaighdeán na leabhar atá ar fáil do léitheoirí óga agus caithfimid treabhadh linn!”

Is scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí, rud a fhágann go bhfuil léargas sainiúil ar litríocht na Gaeilge aige.

“Feictear dom anois gur rud an-luaineach faisean léitheoireachta. Ach tá bunrudaí ann: is maith le léitheoirí leabhar maith, is cuma cén seánra é. Mar theach foilsitheoireachta, breathnaíonn muid ar an réimse leabhar atá againn agus déanaimid iarracht i gcónaí bearnaí a líonadh. Ach bíonn brú orainn freisin freastal ar na léitheoirí atá againn cheana féin.”

Is léir ón méid a deir sé go mbraitheann sé freagracht i leith na léitheoirí seo, agus go nglacann sé go dáiríre leis an bhfreagracht seo.

Tá Áine Ní Ghlinn ag obair ar chúpla rud éagsúil faoi láthair i dtaca leis an scríbhneoireacht.

“Tá go leor idir lámha agam – ach an t-am a fháil len iad a chríochnú,” a deir sí. “Táim ag obair ar chnuasach nua filíochta – tá sé tamall ó chuireas an cnuasach deireanach le chéile. Táim ag obair freisin ar dhrámaí nua do pháistí –dhá cheann acu – agus ar úrscéal do dhaoine fásta. Agus chomh maith leis sin tá smaoineamh nó leathphlean agam do scéal nua do dhéagóirí.  Coinneoidh siad sin gnóthach mé go ceann tamaill.”

Agus cad atá ag teacht ó Leabhar Breac sa todhchaí? Go leor, is cosúil.

“An tríú leabhar (agus an leabhar deireanach) i dtriológ ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil, Bealach na Spáinneach. Aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar leabhar Steinbeck Ar Luch agus ar Dhuine. Eagrán nua de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le Nessa Ní Shéaghdha. Trí leabhar nua do léitheoirí óga sa tsraith ‘Mac Tíre’. An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh,” ar sé.

Beifear ag súil leo.

Níos mó

Meadhbh Ní Eadhra

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge