Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Idirnáisiúnta
  • ‘Ní bheidh riachtanas an tríú teanga ina bhac feasta ar aistritheoirí le Gaeilge’  – Ceann Aonaid na Gaeilge san AE
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ni-bheidh-riachtanas-an-triu-teanga-ina-bhac-feasta-ar-aistritheoiri-le-gaeilge’ -–-ceann-aonaid-na-gaeilge-san-ae

‘Ní bheidh riachtanas an tríú teanga ina bhac feasta ar aistritheoirí le Gaeilge’  – Ceann Aonaid na Gaeilge san AE

Ní bheidh an tríú teanga de dhíth feasta ar aistritheoirí le Gaeilge atá ag iarraidh obair in institiúidí aistriúcháin an AE.

Tá ráite ag Ieva Mainardi, Ceann Aonad na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, atá ar cuairt ar Éirinn an tseachtain seo nach mbeidh an tríú teanga “ina bhac” feasta ar dhaoine a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu post a fháil san AE.

Sna comórtais d’aistritheoirí go dtí seo bhí sé riachtanach go mbeadh líofacht i dtrí theanga de chuid an AE ag duine le dul ag obair i bParlaimint na hEorpa, ach ní bheidh ag teastáil feasta ó aistritheoirí le Gaeilge ach dhá theanga, an Ghaeilge féin agus teanga eile de chuid an AE.

Táthar ag fáil réidh le riachtanas an tríú teanga mar gheall ar na deacrachtaí leanúnacha atá ag an AE teacht ar aistritheoirí oilte Gaeilge.

Sa chomórtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge is déanaí de chuid EPSO, ar tháinig deireadh leis mí an Mheithimh seo caite, níor éirigh ach le 14 iarrthóirí le Gaeilge post buan a fháil san AE, cé go raibh 72 folúntas le líonadh.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana gur líonadh níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

Tá méadú 40% le theacht ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ieva Mainardi, gurb é “an rud is tábhachtaí go mbeadh máistreacht ar an Ghaeilge ag iarrthóirí”.

“Níor cheart go mbeadh riachtanas an tríú teanga ina bhac ar dhaoine a bhfuil máistreacht acu ar an Ghaeilge. Fiú mura bhfuil ach an beagán beag den tríú teanga ag aistritheoirí le Gaeilge, cuirfear traenáil agus gach cúnamh ar fáil dóibh chun feabhas a chur ar an teanga sin,” a dúirt sí.

Dúirt Mainardi freisin go bhfuil “dúshlán mór” le sárú maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

“Go dtí le déanaí, bhí an Ghaeilge ina teanga oifigiúil ach ní raibh dualgas orainn gach cuid den reachtaíocht a aistriú go Gaeilge.

“Tháinig athrú air sin. Is cinneadh polaitiúil a bhí ann chun an stádas céanna a thabhairt don Ghaeilge is atá ag teangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Seirbhís chúng a bhíodh á cur ar fáil againn ach seirbhís aistriúcháin iomlán atá de dhíth anois agus is gá an líon céanna aistritheoirí Gaeilge le gach teanga eile.

“Ba mhaith linn cur leis an chomhoibriú atá ar bun againn leis na hollscoileanna agus leis na hinstitiúidí ardoideachais ionas go dtuigfidh daoine a bhfuil sárchumas sa Ghaeilge acu go bhfuil deiseanna fostaíochta acu i bParlaimint na hEorpa.

“Ar na dúshlán atá le sárú chun aistritheoirí ardchaighdeán a aimsiú, tá an líon beag cainteoirí Gaeilge atá ann. Chomh maith leis sin, níl an t-ardchaighdeán a bhíonn de dhíth acu chun aistriúchán a dhéanamh ar reachtaíocht.”

Ieva Mainardi, Ceann Aonad na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa go raibh caidreamh “an-mhaith” ag an aonad leis an rialtas agus leis na hollscoileanna abhus.

Bhí Mainardi agus cuid dá comhghleacaithe ar cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chun mic léinn a chur ar an eolas faoi na poist do Ghaeilgeoirí san AE.

“Tá athrú ó bhonn ar an aistriúchán a bhuíochas don teicneolaíocht agus uirlisí aistriúcháin. Theastaigh uainn a thaispeáint do na mic léinn nach reachtaíocht amháin a bhíonn á haistriú againn.

“Is mian linn an chumarsáid a fheabhsú leis an saoránach agus teanga shoiléir a úsáid seachas béarlagair an Aontais Eorpaigh. Is mór idir ról an aistritheora san AE inniu agus na seanlaethanta. Déanann muid go leor podchraoltaí agus fotheidealú, mar shampla,” a dúirt sí.

Tá sé fógartha chomh maith ag Parlaimint na hEorpa go mbeidh ról níos leithne ag aistritheoirí feasta agus chuige sin tá teideal nua ar phost an aistritheora, ‘Teangeolaí Gairmiúil Idirchultúrtha’.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge