Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe’ – amhras faoi thairiscint Foster maidir leis an nGaeilge
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ni-ghlacfar-le-sop-in-ait-na-scuaibe’-–-amhras-faoi-thairiscint-foster-maidir-leis-an-ngaeilge

‘Ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe’ – amhras faoi thairiscint Foster maidir leis an nGaeilge

Tá lucht an fheachtais ar son achta Gaeilge ó thuaidh amhrasach faoin tairiscint chomhréitigh atá déanta ag Arlene Foster maidir le sáinn Stormont.

Thug ceannaire an DUP Arlene Foster le fios ag comhdháil de chuid a páirtí go mbeadh sí sásta comhghéilleadh maidir leis an nGaeilge, an dris chosáin is mó atá sa mbealach ar athbhunú an Fheidhmeannais in Stormont.

“Ba mhaith liomsa an Tionól agus an Feidhmeanna a fheiceáil ar bun arís agus fuinneamh as an nua iontu. Táimid ar a shon sin. Tá a fhios againn gur fearr a oibríonn Tuaisceart Éireann nuair a oibrímid as lámha a chéile.

“Tá mo thairiscint fós ar an mbord. Más féidir linn teacht ar fhoclaíocht agus ar dhlíthe cultúir a dhéanfaidh freastal orthu siúd a labhraíonn an teanga agus nach ndéanfaidh sárú míchuí ar chearta daoine eile nó nach mbeidh ina bhagairt orthu, ní loicfidh an  DUP,” a dúirt Arlene Foster.

Cé gur chuir lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge fáilte roimh chaint níos dearfaí Foster faoin nGaeilge, tugadh suntas dó gur ag trácht ar “dhlíthe cultúir” a bhí sí i gcónaí seachas ar acht teanga don Ghaeilge amháin mar atá á éileamh acu féin.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí ón ghrúpa feachtais An Dream Dearg nach mbeadh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge le reachtaíocht “lag” in áit acht don Ghaeilge amháin.

“Chonaic muid cá raibh na páirtithe nuair a sceitheadh an dréacht-chomhaontú i mí Feabhra anuraidh. Chuir pobal na Gaeilge in iúl ag an phointe sin nach nglacfar le reachtaíocht lag, reachtaíocht nach dtugann na cosaintí cuí mar a gealladh dúinn.

“Ní raibh teanga Arlene Foster chomh diúltach i gcoinne na Gaeilge ag an deireadh seachtaine agus a bhí aimsir na ‘gcrogall’, ach tá bealach fada le dul acu go fóill chun go mbeidh cearta teanga ó thuaidh aitheanta mar is ceart acu.”

Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh ciall cheannaithe ag pobal na Gaeilge maidir le dearcadh an DUP i leith na Gaeilge.

“Bíonn an páirtí ag cur i gcoinne cearta Gaeilge sna comhairlí áitiúla, ag Cnoc an Anfa agus in Westminster gach seachtain. Ná bíodh aon dallamullóg orainn faoi sin. Ní ghlacfar le sop in áit na scuaibe,” a dúirt urlabhraí An Dream Dearg.

De réir eolais a sceitheadh le suíomh idirlín an iriseora Éamonn Mallie, ba é a bhí á phlé cheana i gcainteanna Stormont ná reachtaíocht teanga don Ghaeilge agus don Ultais.

Tá acht teanga don Ghaeilge amháin á éileamh ag Sinn Féin agus ag feachtasóirí ach tá an DUP glan ina choinne sin.

Is cosúil gurbh é an réiteach a bhí ar an easaontas sin go dtí seo ná gan cruth na reachtaíochta a phlé agus díriú ar a mbeadh inti.

I measc na moltaí a tuairiscíodh a bhí luaite go dtí seo, tá Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus Coimisinéir don Ultais; tuairiscí bliantúla don chomhthionól; stádas oifigiúil don Ghaeilge agus don Ultais ó thuaidh; go gcuirfí caighdeáin i bhfeidhm maidir le seirbhísí; agus láraonad aistriúcháin a chuirfeadh seirbhís ar fáil don fheidhmeannas agus d’eagrais eile.

Nuair a dhiúltaigh Sinn Féin a rá cheana cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an páirtí sásta maolú a dhéanamh ar a n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin, thug an grúpa feachtais an Dream Dearg rabhadh dóibh nach aon réiteach ar an scéal reachtaíocht ‘lag’.

Thángthas ar chomhréiteach faoi acht Gaeilge mí Feabhra na bliana seo caite ach cuireadh an margadh ó mhaith toisc gur theip ar lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis an socrú.

Dúirt Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg nárbh aon socrú sásúil an reachtaíocht a bhí molta mí Feabhra seo caite agus gur chóir do Shinn Féin agus na páirtithe eile seasamh go diongbháilte leis an éileamh ar acht láidir don Ghaeilge amháin.

Dúirt An Dream Dearg nach raibh “seans ar bith” go nglacfadh siad leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin mí Feabhra seo caite.

Idir an dá linn, dúirt Arlene Foster ina hóráid gur chóir don Aontachtas fáilte a chur “roimh chách” agus dúirt sí gur chóir go mbeadh sé de cheart ag gach duine “an saol cultúrtha is mian leo a chleachtadh”.

Dúirt sí go bhféadfadh duine a bheith ina Aontachtóir agus ina Ghaeilgeoir.

“Cé go mbíonn go leor daoine ag ceangal an Aontachtais leis an Ultais, ba mhaith liomsa a bheith an-soiléir,  níl aon chúis nach bhféadfadh duine a bheith ina Aontachtach agus ina chainteoir Gaeilge – go deimhin féin, d’fhéadfadh go bhfuil duine nó dhó anseo inniu atá amhlaidh,” a dúirt sí.

“Is féidir leis an gcultúr a bheith ina chuid an-tábhachtach dár bhféiniúlacht agus dínn féin mar dhaoine. Is rómhinic i dTuaisceart Éireann gur maslaíodh cultúr agus gur tarraingíodh droch-cháil air agus gur bac a bhí ann ar an dul chun cinn abhus. Tá saibhreas cultúir éagsúla  i dTuaisceart Éireann agus caithfimid glacadh leo ar fad agus meas a bheith againn orthu ar bhealach nach mbeidh ina bhagairt d’aon duine.”

Dúirt Foster nach raibh “aon rud le buachan ag aon duine atá ag iarraidh cogadh cultúir a throid”.

“Tá Tuaisceart Éireann sách mór go bhfuil áit ann do chultúr gach duine. Mar Aontachtaigh is chun ár leasa féin é sa bhfadtéarma a chinntiú go mbeidh gach duine, is cuma cén cultúr atá acu, ar  a suaimhneas i dTuaisceart Éireann,” a dúirt ceannaire an DUP.

Dúirt sí gur mhaith léi an Tionól agus an Feidhmeannas a fheiceáil ar bun arís agus “fuinneamh as an nua iontu”.

“Táimid ar a shon sin. Tá a fhios againn gur fearr a oibríonn Tuaisceart Éireann nuair a oibrímid as lámha a chéile,” a dúirt sí.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge