Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Súil le scéal faoi shíneadh ama agus toghchán le lorg ag Johnson
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-suil-le-sceal-faoi-shineadh-ama-agus-toghchan-le-lorg-ag-johnson

Súil le scéal faoi shíneadh ama agus toghchán le lorg ag Johnson

Tá súil le cinneadh inniu ó cheannairí an AE maidir le síneadh ama eile a chur leis an mBreatimeacht.

Táthar ag súil leis an gcinneadh sin tráth a bhfuil géillte ag Boris Johnson den chéad uair nach mbeidh sé ina Bhreatimeacht ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine inné go mbeadh toghchán mí na Nollag á lorg aige an tseachtain seo chugainn.

Meastar gur ‘flextension’, nó ‘lúbshíneadh’, a thairgfidh an tAE, is é sin síneadh ama a dtiocfadh deireadh leis ar an 31 Eanáir 2020 ach a bhféadfaí deireadh a chur leis roimhe sin ach an reachtaíocht chuí a bheith curtha tríd.

I measc na gceannairí atá ag tacú lena leithéid de chur chuige, tá seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel agus Taoiseach na hÉireann, Leo Varadkar.

A luaithe is a dhéanfar fógra faoi shíneadh ama is ar Westminster a dhíreoidh gach súil. Beidh cinneadh le déanamh ag feisirí ansin an tseachtain seo chugainn faoi cé acu an bhfuil olltoghchán luath uathu nó nach bhfuil.

D’fhógair Boris Johnson tráthnóna inné go mbeadh olltoghchán ar an 12 Nollaig á lorg aige an tseachtain seo chugainn agus é i gceist aige rún toghcháin a chur faoi bhráid pharlaimint Westminster Dé Luain.

Bheadh tacaíocht ó dhá thrian d’fheisirí ag teastáil ó Johnson.

Tá toghchán curtha as an áireamh go dtí seo ag an bhfreasúra in Westminster mar go rabhthas ag iarraidh a chinntiú ar dtús nach mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt Páirtí an Lucht Oibre cheana go mbeidís sásta vótáil ar son toghcháin a luaithe is a bheadh  mbeannacht tugtha ag ceannairí an 27 ballstát do shíneadh ama eile agus fad is a bheadh Breatimeacht gan mhargadh curtha as an áireamh.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn aréir, áfach, go gcaithfí Breatimeacht gan mhargadh a chur as an áireamh ar fad chun go dtacóidís le toghchán.

“Bain de bhord [an Breatimeacht] gan mhargadh agus cinnte tabharfaimid tacaíocht do thoghchán. Tá toghchán á lory agamsa ón gceann deireanach mar tá ceann ag teastáil chun go rachadh an tír seo i ngleic leis an éagóir shóisialta, ach caithfear [an Bhreatimeacht] gan mhargadh a bhaint den bhord ar dtús,” arsa Jeremy Corbyn..

Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson faoi bhrú le tamall agus cinneadh le déanamh aige faoi conas a láimhseálfadh sé an freagra ar an iarratas ar shíneadh ama ab éigean dó a dhéanamh in aghaidh a thola an deireadh seachtaine seo caite.

Dhá rogha a bhí ag Johnson, treabhadh leis lena iarracht a bhille Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint sula lorgódh sé toghchán nó toghchán a lorg láithreach.

Faoi acht Benn, an reachtaíocht a tugadh isteach chun Breatimeacht gan mhargadh a chosc, cuireadh iachall ar Johnson síneadh ama a lorg ón AE, rud a gheall sé go minic nach ndéanfadh sé go brách.

De réir na reachtaíochta céanna bheadh iachall ar Johnson glacadh le haon tairiscint ar shíneadh ama ón AE, sin mura ndiúltódh feisirí parlaiminte don tairiscint sin laistigh de dhá lá.

Tá formhór de cheannairí an 27 ballstát ar son síneadh ama go dtí an 31 Eanáir a thairiscint don Bhreatain, ach tuairiscítear go bhfuil a chos á cur i bhfeac ag Uachtarán na Fraince Emanuel Macron faoin scéal agus é buartha gurb é an toradh a bheadh ar shíneadh ama trí mhí ná a thuilleadh éiginnteachta, fiú má bhíonn toghchán ann.

Síltear go mb’fhearr le Macron síneadh ama gearr a thabharfadh ar fheisirí Westminster díriú ar an gcomhaontú aistarraingthe a chur tríd.

Fágann cinneadh Johnson toghchán a lorg an tseachtain seo chugainn go bhfuil géillte aige nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair, rud a gheall sé a dhéanfaí ba chuma cad a tharlódh.

Tuairiscíodh inné go raibh scoilt i rialtas Johnson faoi cé acu ar cheart an cúrsa a sheasamh agus iarracht a dhéanamh margadh an Phríomh-Aire a chur tríd an bparlaimint, nó arbh fhearr éirí as an iarracht sin agus toghchán i mí na Nollag a lorg.

Dúirt Johnson tráthnóna inné go mbeadh “neart ama” ag feisirí a bhille Breatimeachta a scrúdú as seo go dtí an 6 Samhain, an lá deireanach a chaithfí an pharlaimint a chur ar scor chun go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig.

Dúirt sé go mbeadh sé “dochreidte” ó thaobh na “moráltachta” de mura dtacódh Páirtí an Lucht Oibre lena iarratas ar thoghchán tobann.

Tá sé ina imní ag na Tóraithe dá mbeadh síneadh ama fada ann gan toghchán go bhféadfadh na feisirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a thacaigh le margadh Johnson an tseachtain seo comhghuaillíocht a bhunú le heasaontóirí coimeádacha chun leasuithe a chur i bhfeidhm ar an mbille ar mhaithe le Breatimeacht níos boige, nó fiú reifreann eile.

Os a choinne sin, tá imní ar dhaoine eile go mbeadh deacracht mhór ag Johnson a mhíniú do vótóirí cén fáth nár éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích mar a mhaígh sé a dhéanfadh sé go minic.

Bheadh an baol ann chomh maith go n-éireodh le páirtí Breatimeachta Nigel Farage dul chun cinn a dhéanamh sa chás go mbeadh toghchán ann agus gan an Breatimeacht curtha i gcrích.

Táthar ann chomh maith a chreideann gur fearr a d’éireodh leis na Tóraithe i dtoghchán dá bhféadfaí Johnson a chur i láthair mar an té ar éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích faoi dheireadh, bíodh gur thóg sé níos mó ama ná mar a gheall sé.

Chuir Johnson a bhille Breatimeachta “ar sos” oíche Dé Máirt nuair a diúltaíodh i bparlaimint Westminster dá phlean an reachtaíocht Bhreatimeachta a bhrú tríd an tseachtain seo, cinneadh a d’fhág a phlean an tAE a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair in aimhréidh.

Theip ina dhiaidh sin ar Phríomh-Aire na Breataine agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn teacht ar réiteach maidir le clár ama don reachtaíocht Bhreatimeachta, rud a chuir leis an gcaint faoi olltoghchán.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge