Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Saol
  • ‘Tá an cultúr Gaelach ag croí-lár ár gcuideachta’
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-an-cultur-gaelach-ag-croi-lar-ar-gcuideachta’

‘Tá an cultúr Gaelach ag croí-lár ár gcuideachta’

Tháinig Aindriú Ó Murchú agus Feargal Chambers aníos leis an smaoineamh don ghrúdlann Four Provinces sé bliana ó shin i dteach Aindriú. Bunaíodh an comhlacht faoi chomhúinéireacht na beirte, agus ceithre bliana ina dhiaidh sin, d’oscail siad an ghrúdlann. 

A bhfiontar is déanaí ná an teach tábhairne Four Provinces, a osclaíodh i mí an Mhárta san áit a mbíodh an Black Horse Inn i gCamaigh, a dúnadh cúig bliana ó shin. 

“Theastaigh uainn ár gcuideachta ghrúdaireachta féin a thosú. Bhí cúrsa déanta ag Aindriú sa ghrúdaireacht agus sa driogaireacht, agus bhí mé ar tí an cúrsa a rinne sé a dhéanamh ach níor bhac mé leis ar deireadh. Thosaigh muid as sin!” a dúirt Feargal.

Tá an bhrandáil a bhí ag an Black Horse Inn fós ar fhuinneoga agus scátháin an tí tábhairne, a mheabhródh an tseanáit, a raibh an oiread sin grá acu uirthi, do mhuintir na háite. 

Agus muid ag amharc timpeall ar an décor chlasaicigh, labhair Feargal le beirt sheanóirí rialta, agus dúirt sé linn go raibh siad ag teacht chuig an Black Horse ó bhí siad ocht mbliana déag d’aois agus cé chomh sásta is atá siad gur osclaíodh arís é mar The Four Provinces.

“Ceapaim go bhfuil táirge iontach againn leis an teach tábhairne, is eispéireas uathúil é i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, chomh maith le bheith ina theach tábhairne do mhuintir na háite” a dúirt sé. 

Tá Aindriú agus Feargal an-sásta nach nead ólacháin amháin atá sa teach tábhairne, ach “speictream mór rudaí difriúla” é. Tá siad thar a bheith díograiseach faoin gcultúr Gaelach agus faoin teanga, agus cúrsaí déanta ag Feargal le Gaelchultúr. 

“Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach dár gcreideamh agus dár gcultúr anseo sa chuideachta. Ceiliúrann gach beoir ár gcultúr, ba é sin ár n-aidhm ón tús. Tá Gaeilge againn ar gach ceann dár gcannaí agus tá an fhoireann go léir dátheangach sa teach tábhairne. Tá go leor cainteoirí Gaeilge timpeall anseo, agus is féidir leo teacht isteach agus comhrá a dhéanamh as Gaeilge,” a dúirt Feargal.

Dúirt Aindriú nach bhfuil “gach duine sa teach tábhairne go huile is go hiomlán líofa” ach go measann sé go bhfuil sé sin “tábhachtach”.

“Tá foghlaimeoirí ann, tá daoine atá ag an meánleibhéal agus tá cainteoirí líofa ann, mar sin tá meascán maith anseo,” a dúirt sé. 

Tá réimse leathan beoracha ag Four Provinces a dhéantar sa ghrúdlann in aice láimhe, gach ceann acu le huisce Chamaí.  Tá fiú lágar ann darb ainm Poddle, a ainmníodh as an bPoitéal, abhainn a shníonn tríd an gceantar.

Tá Four Provinces bródúil as táirgí Éireannacha a stocáil, agus cuireann an bainisteoir, Ross Geraghty, Micil Gin, ó Chois Fharraige, agus uisce tonach Poachers ó Chill Mhantáin os ár gcomhair go fonnmhar.

“Déanaimid iarracht gan ach táirgí Éireannacha a úsáid nuair is féidir linn, agus tacaíocht a thabhairt do gnólachtaí áitiúla,” a dúirt sé.

Gné shainiúil eile den teach tábhairne ná go bhfuil sé oiriúnach do mhadraí, agus tá comórtas ‘Madra na Míosa’ ann.

 “Tá neart daoine ann a thugann isteach madraí; tá babhla beag madraí agus sneaiceanna againn do na madraí,” a dúirt Feargal. 

Beidh beoir Four Provinces le dáileadh ar fud na tíre sna míonna atá amach romhainn agus tá súil ag an teach tábhairne go mbeidh gean air ag muintir na hÉireann, Gaeilgeoirí agus turasóirí. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge