Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tit-i-ngra-le-redemption-falls

Tit i ngrá le Redemption Falls

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Compántas fíorchumasach go deo é Moonfish atá tar éis sárléirithe iomadúla a dhéanamh le blianta anuas. An rud is mó atá le brath ar a gcuid oibre ná an tuiscint atá acu do na ceirdeanna uile ar féidir iad a áireamh san amharclannaíocht. Tá iomlán na gceirdeanna sin le feiceáil is le clos sa léiriú is déanaí uathu.

Baineadh siar asam a iontach a bhí Tromluí Phinoccio, an chéad léiriú dá gcuid ar éirigh liom freastal air. Athshamhlú tuisceanach dátheangach ar aistriúchán Phádraig Uí Bhuachalla a bhí ann. Bhí an cur chuige céanna, cuid mhór, agus béim ar an bhfísiúlacht agus ar fhuaimeanna, chun tosaigh arís nuair a rinneadh léiriú ar an úrscéal Star of the Sea le Joseph O’Connor.

Seo anois againn an chéad úrscéal eile ó O’Connor, Redemption Falls. Deir Amharclann na Péacóige linn gur i bhfoirm gig amharclainne a chuirtear inár láthair é. Is cinnte go bhfuil an bhéim ar fad ar cheol sa léiriú seo, idir amhráin thraidisiúnta agus cinn a bhaineann le scéalta na gcarachtar. Nílim féin róthógtha le ceoldrámaí ach is rud eile ar fad an léiriú seo.

Tá an ceol, an comhcheol agus an ceol uirlise ann ar chaighdeán an-ard go deo. Amhráin thraidisiúnta áille atá roghnaithe a léiríonn turas na gcarachtar sa scéal agus iad ag siúl Mheiriceá le linn an Chogaidh Chathartha.

Tá an ceol chomh maith sin ar uairibh gur éasca dul ar strae ann agus cuid de scéal an dráma a chailliúint. Amanna tá an oiread sin ar siúl ar an ardán gur gá súil agus cluas ghéar a bheith agat le nach gcailltear aon rud. De réir mar a chuireamar aithne níos fearr ar charachtair ba mhó a chuaigh an t-iomlán i bhfeidhm orm. Tá greann ann in áiteanna agus snas ar mhíreanna físiúla go leor.

Tá nithe beaga iomadúla a thugann sárchur chuige Moonfish i gceird na hamharclannaíochta i láthair. Baintear úsáid ríchliste as dathanna agus leachta. Tá tírdhreach lámhdhéanta bídeach á theilgean ar an scáileán cúil, a thugann gluaiseacht isteach san insint. Fuáil le snáithín dearg a rianaíonn siúl na gcos. Drumadóireacht agus marú agus soineantacht. Tá brúidiúlacht a bhain stangadh asam ann a cuireadh láthair i mbealaí éirimiúla éagsúla. Mothaítear an phian agus an náire agus braitear smál na fola ort ag a dheireadh.

Eispéireas cumhachtach amharclainne atá san iomlán. Ainneoin beagán de chíor thuathail a bheith ag baint leis an gcéad chuid forbraíonn obair Moonfish ina píosa álainn a imreoidh tionchar ar do chroí roimh dheireadh.

Tá moladh ar leith ag dul do ghlórtha na cléire, do ghiotár galánta Pat Hargan agus do chroí an phíosa. Tá na deirfiúracha fíorchumasacha Ní Chróinín le moladh arís as léiriú fíorthaitneamhach fíorshamhlaíoch a chur inár láthair.


Amharclann na Péacóige, 8pm, ar siúl go dtí an 19 Deireadh Fómhair // Ticéid €18 – €25, Rátaí laghdaithe €16 – €20

Níos mó