Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2020…
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tuairisc-bheo:-gach-cor-agus-casadh-i-sceal-buisead-2020…

TUAIRISC BHEO: Gach cor agus casadh i scéal Buiséad 2020…

13.16. Tús curtha ag an Aire Airgeadais lena óráid…

Breatimeacht, Breatimeacht, Breatimeacht…Tá tús curtha sa Dáil ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe lena óráid bhuiséid sa Dáil. Deir sé gur ullmhaíodh an buiséad faoi scáth an Bhreatimeachta agus faoi scáth bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh go háirithe. Dá bharr sin, is buiséad nár fachthas a leithéid riamh cheana atá ann, a deir sé. Dúshlán é an Breatimeacht go bhfuil sé d’acmhainn againn dul i ngleic leis, a deir sé. Cuirfear €1.2 billiún i gciste teagmhais le déileáil leis na hiarmhairtí a bheidh ag an mBreatimeacht. Sa chás gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann déanfar €650 milliún eile a fháil ar iasacht.  D’ainneoin an Bhreatimeachta, cruthófar 90,000 post nua in 2020 agus tiocfaidh méadú ar an teacht isteach ó cháin, a mhaíonn an tAire.


An Teacht Dála, Aonghus Ó Snodaigh. Pictiúr: Sam Boal /Rollingnews.ie

12.59. ‘Athrú radacach atá ag teastáil ach ní dhéanfar é…’

Ní mór an dóchas atá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ach oiread go ndéanfaidh an Rialtas beart fónta inniu ar son na teanga.

“Tá méadú suntasach ag teastáil, agus níl aon fhianaise againn go ndéanfaidh an rialtas seo na hathruithe radacacha atá ag teastáil chun difear mór a dhéanamh,” a deir Ó Snodaigh.

Luann sé “dhá mholadh a bhfuil práinn i gceist leo” – poist a chruthú sa nGaeltacht agus cur le maoiniú na pleanála teanga.

“Tá Údarás na Gaeltachta ag streachailt go mór chun poist a chruthú agus táthar anois sa chás nach mbeidh siad in ann leanúint le tograí a chruthóidh poist sa Ghaeltacht. Tá sé mar sprioc acu míle go leith post a chruthú sa Ghaeltacht as seo go ceann ceithre bliana agus tá méadú suntasach ar an maoiniú de dhíth leis sin a dhéanamh.

“Tá Údarás na Gaeltachta thíos go mór ó aimsir na gciorruithe agus níor tháinig airgead ar ais chucu ar aon bhealach i gcomparáid le húdaráis fiontraíochta eile agus tá cúraimí breise anois orthu.”


Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas

12.54. ‘Dímheas ag Fine Gael ar mhuintir na Gaeltachta’

Deir Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas linn go gcuirfeadh a pháirtí béim mhór ar TG4 dá mba acusan a bheadh an sparán.

“Tá €20 milliún de chaiteachas sa bhreis á lorg ag Comhaontas Glas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Ba chóir seacht milliún de sin a chur ar fáil do TG4 chun breis agus 100 uair an chloig de chláracha teilifíse a dhéanamh i nGaeilge do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí.

“Tá sé á mholadh ag Comhaontas Glas ina mbuiséad ailtéarnach go gcaithfí an chuid eile den airgead ar thograí pobail, lena n-áirítear scéim phíolótach do chúram leanaí agus maoiniú do mhic léinn agus do mhúinteoirí le tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

“Níl muid dóchasach go ndéanfaidh Fine Gael na bearta atá ag teastáil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a neartú. Tá dímheas iomlán léirithe ag Fine Gael ar mhuintir na tuaithe ach tá sé níos measa fós i gcás na Gaeltachta. Níl muinín againn go gcuirfidh an tAire Stáit Gaeltachta atá ann faoi láthair mórán de throid suas.”


12.44. Ná slogtar aon ‘smartie’ gan chogaint…

Mar is gnách, beimid ag coimeád súil ghéar anseo inniu ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Más fíor don Aire Stáit Kevin ‘Boxer’ Moran ní bheidh aon ‘seacláidí’ sa bhuiséad ach beidh ‘smartie nó dhó’ ann.

Is amhlaidh go mbeadh lucht na teanga buíoch as spadhar siúcra de chineál ar bith.

Tá ardú beag tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anuas ach ní mór é nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an ardú atá tagtha ar an gcaiteachas i réimsí eile, laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta féin fiú.

Is fiú cuimhneamh chomh maith ar an bpictiúr mór sula slogtar aon ‘smartie’ gan chogaint inniu.

Cuimhnigh go raibh an buiséad caipitil a bhí ag Roinn na Gaeltachta a dhá oiread níos mó le linn na tréimhse 20 bliain idir 2006-2017 ná mar atá an buiséad atá geallta dóibh don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

Le linn na mblianta is measa den ghéarchéim eacnamaíochta, idir 2009-2013, tháinig laghdú 16.6% in aghaidh na bliana ar ollchaiteachas caipitil an stáit ach laghdú 33% a bhí i gceist i gcás na Gaeltachta agus na n-oileán.

De réir taighde a rinneadh don ghrúpa Teacht Aniar, An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027, ní bhainfear amach an leibhéal caiteachais a bhí á dhéanamh ar chúrsaí Gaeltachta in 2008 faoin mbliain 2028 fiú.

An t-údar dóchais is mó atá ann i mbliana ná go mbeidh ardú i gceist do bhuiséad Údarás na Gaeltachta go háirithe i bhfianaise an Bhreatimeachta.

Seo an scéal is déanaí ó Tuairisc.ie maidir lena bhfuiltear ag súil leis inniu ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

BUISÉAD 2020: Beag dóchas don Ghaeilge seachas ardú d’Údarás na Gaeltachta


Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

12.35. An Scéim um Cheannach Tithe le fanacht mar atá

Sceitear oiread eolais faoin mbuiséad gach bliain gur beag rúndiamhair a bhaineann anois leis an lá mór. Ach tá cúpla cor nua sa scéal cheana féin ó foilsíodh an tuairisc thíos ar maidin.

Is cosúil anois go gcosnóidh an caiteachas ar fad ar Bhuiséad 2020 €3.1 billiún, €300,000 níos mó ná an 2.8 billiún a rabhthas ag súil leis. Meastar chomh maith go bhfaighidh an státchiste suas le €140 milliún ó dhleacht stampála idir 6% agus 7.5% ar mhaoin tráchtála.

Maidir leis an Scéim um Cheannach Tithe, bhí sé i gceist go dtiocfadh deireadh léi. Bhí mórán den tuairim go raibh an scéim a chuidíonn le daoine a gcéad teach a cheannach rófhlaithiúil agus bhí sé i gceist go ndéanfaí í a leasú chun nach mbeadh daoine atá go maith as ina teideal.

Dealraíonn sé anois go bhfuil dhá bhliain eile tugtha di agus nach ndéanfar aon athrú ar an leagan amach atá uirthi. Cosnóidh an scéim seo €50 milliún sa bhreis.

Buiséad cnuaisciúnach faoi scáth bhaol an Bhreatimeachta gan mhargadh


12.25. Ná bac an cháinaisnéis, seo chugainn an Buiséad…

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 202o ag 1pm i nDáil Éireann. Beidh na scéalta is déanaí anseo againn agus beifear ag coimeád súil ghéar chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn freisin ar Twitter agus ar Facebook.

Idir an dá linn, meabhraímis daoibh polasaí tábhachtach de chuid Tuairisc.ie – buiséad an téarma a bhíonn á úsáid againne agus ní cáinaisnéis.

Ní hin le rá nach gcloisfear ‘cáinaisnéis’ áiteanna eile inniu ach géillimid do mhíniú aistear.ie ar an scéal:

‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile.’

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge