Tá amhras léirithe ag Uachtarán nua-cheaptha an Oireachtais, Gearóid Denvir, faoi thiomantas an stáit, idir “an rialtas tofa agus bhuanrialtas na státseirbhíse” don Ghaeilge ná don Ghaeltacht.
Ag labhairt dó ag ócaid a insealbhaithe mar Uachtarán ar Oireachtas 2020 i mBóthar na Trá, Gaillimh aréir, dúirt an t-iar-ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go dtagann an tráth a gcaitear “cearta bunúsacha a éileamh trí labhairt amach gan fuacht gan faitíos” agus dúshlán na bunaíochta a thabhairt mar a rinne bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i dtús an fichiú haois, agus muintir Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta leathchéad bliain ó shin.
Agus é ag tagairt d’easpa tiomantais an stáit don Ghaeilge, thagair Gearóid Denvir “don síorionsaí agus an síorchreimeadh ar ionad na Gaeilge sa gcóras oideachais, nó sna forais éagsúla stáit atá ceaptha a bheith faoi réir ag forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla”.
Dúirt sé go dtagann pobal na Gaeilge le chéile ag an Oireachtas le “ceiliúradh a dhéanamh orainn féin, ar ár n-oidhreacht, ar ár bhféiniúlacht mar dhaoine daonna agus mar bhaill dár bpobail éagsúla”.
Dúirt an tUachtarán nua go raibh “fís áirithe againn i gcomhpháirtíocht lena chéile maidir leis an gcineál Éireann is ansa linn, fís atá fréamhaithe san aisling a chruthaigh agus a chothaigh an tOireachtas agus bunaitheoirí an stáit ó thús.”
Pobal “forásach bisiúil nua-aoiseach” é pobal na teanga, dar le Denvir agus bhí moladh ar leith aige ar an óige as a bpáirtíocht i bhféile an Oireachtais.
“Saibhreas oidhreachta cultúrtha agus teanga atá na daoine óga seo a thabhairt leo le dúchas agus le hoiliúint, saibhreas nár chodail amuigh, ach a chuireas agus a chuirfeas ar a súile dóibh cé hiad féin, agus cé dar díobh iad, agus iad ag dul i mbun an tsaoil mhóir,” a dúirt sé.
Dúirt an tUachtarán nua-cheaptha go raibh sé ag freastal ar an Oireachtas ón bhliain 1967 nuair a tionóladh é san RDS i mBaile Átha Cliath, “i bhfoisceacht leathmhíle den áit inar rugadh agus inar tógadh mé” agus tá sé ag freastal ó shin air bliain i ndiaidh bliana. Níl aige ach “cuimhní geala Oireachtais” agus is “onóir agus pribhléid ar leith” dó a bheith ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2020, a dúirt sé.