Tacaigh le comhlachtaí a dhéanann táirgí Gaeilge an Nollaig seo
Bíonn earraí ar nós T-léinte, geansaithe, agus málaí ar fáil ar shuíomh Beanantees.com.
Cuireann siad roinnt bailiúchán ar fáil le nathanna greannmhara agus spéisiúla orthu: An Bhitseach Sin, Bród agus Tiocfaidh ár nGrá gan ach cúpla ceann a lua.
Téann 10% den bhrabús ón bpríomhbhailiúchán atá acu chuig Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath agus The Rape Crisis Network Ireland.
Bígí á gceannach!
Tá Gaeilgheansaí ag an bhfód le tamall anuas agus tá siad i mbéal an phobail ó shin i leith.
Deir siad gur “Gaeilgeoirí bródúla muid agus theastaigh uainn ár mbród sa teanga a léiriú! Cuireann daoine iad féin in iúl óna n-éadaí go minic faoina gceol, tuairimí (ar nós geansaithe Repeal) agus theastaigh an rud céanna uainn don Ghaeilge.”
Tá ceithre dath ar fáil den gheansaí ‘Tá Gaeilge Agam’: Bándearg, Dubh, Dúghorm agus Liath. Tá earraí eile ar nós t-léinte agus hátaí ar díol ar an suíomh freisin. Is féidir teacht ar na geansaithe agus t-léinte sa Siopa Leabhar.
Is féidir iad a leanúint ar Instagram chun an nuacht is déanaí a fháil.
Mar aon le cártaí Nollag tá réimse leathan earraí ar fáil ag Nine Arrow a bheadh iontach oiriúnach mar bhronntanas Nollag i mbliana. Tá priontaí ealaíne, cupáin, málaí Tote agus piliúir i measc rudaí eile ar díol acu. Is féidir teacht orthu uilig anseo agus tá roinnt acu ar fáil sa Siopa Leabhar freisin.
Deir Catherine, úinéir agus ealaíontóir Nine Arrow go dtaitníonn sé léi a bheith ag ‘engaging with the Irish language on a daily basis. I want to show you what I learn with each piece of Irish through an illustration. You can follow this visual journey through my blog or via Instagram or Facebook. I believe Irish belongs to everyone.”
An ceart ar fad aici – agus nach álainn an ealaín í?
Tá Mireog ar an bhfód ó 2014 agus tá sé lonnaithe sa Rinn i gContae Phort Láirge.
Is iad Shona Shirley Macdonald, maisitheoir leabhar agus ealaíontóir ó Albain, agus Ciarán Ó Nualláin, ealaíontóir agus oide a bhunaigh Mireog. Déanann siad ‘gach iarracht an Ghaeilge a chothú trí dhearaí uathúla a chruthú i nGaeilge agus sna teangacha Ceilteacha eile, dearaí a thógann spreagadh ón mbéaloideas, ón timpeallacht nádúrtha agus ón teanga féin.’
Cuirtear béim mhór ar a bheith éiceabhách trí na táirgí ar fad a chuireann siad ar fáil.
Féach ar chatalóg Mhireog anseo – ní bheidh díomá ort!
Is comhlacht nuabhunaithe é Éirlíne a dhéanann t-léinte amháin. Faoi láthair tá dhá cheann ar fáil acu atá le feiceáil sa dá íomhá thíos.
Deir siad gur mhaith leo ‘a bheith bródúil as an nGaeilge’ agus gur iarracht iad na t-léinte an pobal a chur ‘ar a gcumas an rud céanna a dhéanamh.’
Coinnigh súil agam dóibh amach anseo – cinnte go bhfuil tuilleadh táirgí le cur amach acu san am amach romhainn.
Díolann an Siopa Leabhar réimse leathan táirgí anuas ar leabhair agus irisí Gaeilge. Bíonn margaí speisialta acu ar bhonn minice agus ceapann muid gur iontach an áit é bronntanas Gaelach a cheannach don Nollaig. Tabhair cuairt ar shuíomh an tSiopa anseo.