Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-clar-nua-gaeilge-‘solidarity’-le-seoladh-ag-oireachtas-na-samhna-inniu

Clár nua Gaeilge ‘Solidarity’ le seoladh ag Oireachtas na Samhna inniu

| Tuairisc.ie | ,

Seolfar clár nua Gaeilge an pháirtí Soildarity ag Oireachtas na Samhna tráthnóna.

Tá ‘Neart Le Chéile’ ag iarraidh “an eite chlé a thabhairt isteach i saol na Gaeilge agus saol na Gaeilge a thabhairt isteach san eite chlé”, a deir Maitiú de Hál, urlabhraí de chuid an pháirtí.

“Is comhghuaillíocht iad Neart le Chéile a d’eascair as feachtais éagsúla i gcoinne na déine, an feachtas i gcoinne na dtáillí uisce ina measc,” arsa de Hál.

“D’aithin baill an pháirtí a bhfuil an Ghaeilge acu, go raibh ról le himirt againn i ngluaiseacht na teanga agus d’aithin muid go dteastaíonn anailís agus taithí na heite clé chun mianta phobal na Gaeilge a bhaint amach.

“Is mian linn labhairt le pobal na Gaeilge ina dteanga féin agus an fód a sheasamh leo ina gcathanna chun cearta teanga agus buanú pobail a bhaint amach.”

Deir de Hál go n-aithníonn gluaiseachtaí na heite clé ar an mhór-roinn agus in áiteanna eile an dualgas atá ar an eite chlé tacú le mionteangacha agus go gcaithfear “fáil réidh leis an mbéalghrá” a dtugtar don Ghaeilge.

“Is mian linn na bacanna, eacnamaíochta agus cultúrtha, atá roimh dhaoine an Ghaeilge a úsáid a bhaint anuas,” a deir de Hál.

“Tá go leor grúpaí inár sochaí nach bhfuil fáil chomh héasca acu ar an Ghaeilge ná ar shócmhainní cultúrtha eile an tsaoil. Is mithid an scéal sin a athrú.

“Pobal atá i gceannas ar a dtodhchaí féin, ar gach bealach, atá uainn.”

Beidh an t-iarfheisire Eorpach agus iarTheachta Dála, Joe Higgins, i láthair in Aonach an Oireachtais in Óstán an Citywest ag 3.00pm chun Neart le Chéile a sheoladh.

Tá an seoladh ar cheann de scata imeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna inniu.

Seolfar trí leabhar in Aonach an Oireachtais tráthnóna. Ag 12.00pm, seolfaidh Ray Mac Mánais Fabhalscéalta Aesóip leis an Athair Peadar Ó Laoire, atá athchóirithe ag Risteárd Mac Annraoi.

Seolfar leabhar nua do pháistí, Mór agus Muilc, ag 2.00pm agus seolfar ag 3.00pm leagan nua den leabhar Mac Rí na hÉireann le Pádraic Colum. Tá an leabhar nua aistrithe ag Niall Ó Dónaill agus cóirithe ag Micheál Mac Giolla Easbuic.

Ag 4.00pm sa tSvuít Citywest, labhróidh na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag cur pleananna teanga i bhfeidhm timpeall na tíre ar a dtaithí le bliain anuas agus súil le díospóireacht bhríomhar ar a bhfuil i ndán don Ghaeltacht amach anseo.

Seolfar an dlúthdhiosca Seanchas Sheáin Néill ag 5.00pm in Aonach an Oireachtais. Béaloideas Sheáin Néill atá ar an ndlúthdhiosca agus meascán dá scéalta agus dánta curtha le chéile ag Bríd Anna Ní Bhaoill.

Níos mó