Tá príomhdhuais náisiúnta buaite ag cainteoir óg Gaeilge ag ócáid bhronnta ghradam TechSpace le déanaí.
Bronnadh ‘TechSpacer na Bliana’ ar Adam Ó Cuinneagáin atá sa dara bliain i gColáiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí i gcontae na Gaillimhe as “sárchumas” agus “cruthaitheacht” a léiriú i gcúrsaí códála.
Dúirt na moltóirí go raibh “bua ar leith” ag Adam sa chódáil agus nach raibh “a shárú le fáil” i measc a aoisghrúpa.
Reáchtálann TechSpace, clár oideachas teicneolaíochta, ‘Gradaim Creative Tech Fest ESB’ gach bliain. Tugann na gradaim aitheantas do dhaltaí i scoileanna Béarla agus Gaeilge a bhaineann barr feabhais amach i réimsí éagsúla na teicneolaíochta, códáil, cruthaitheacht agus eile.
And the 2019 TechSpacer of the Year is ….. Adam Ó Cuinneagáin. Comhghairdeas mór Adam! #ESBCTF pic.twitter.com/XJwfnd7l8l
— TechSpace (@TechSpaceTweets) October 30, 2019
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Bairbre Ní Choisdealbha, múinteoir i gColáiste an Eachréidh, a bhí ainmnithe ar an ghearrliosta ‘Oideachasóir TechSpace na Bliana’ ag gradaim na bliana seo, gur léir go ndeachaigh saothar Adam i bhfeidhm go mór ar na moltóirí.
“Bhí cluichirí fásta i láthair a shíl a mhór d’obair Adam agus dúirt siad go raibh caighdeán a chuid oibre chomh hard sin go raibh sé dochreidte.”
Dúirt Ní Choisdealbha go raibh Adam ina “cheannródaí” sa scoil ó thaobh na ríomhaireachta de agus gur chuir sé “go mór” le foghlaim daltaí eile atá mar chuid den chlub ríomhaireachta.
“Bíonn sé ag múineadh na ndaltaí sa chlub ríomhaireachta atá againn ar scoil agus gan é ach sa dara bliain.
“Spreagadh mór é dá chomhghleacaithe óga eile agus léiríonn sé nach bhfuil teorainn lenar féidir a bhaint amach sa réimse sin.”
Dúirt Ní Choisdealdha go raibh daltaí Choláiste an Eachréidh “an-tógtha” leis an teicneolaíocht agus go bhfuil táibléid ag gach dalta sa scoil.
Seo an tríú mórdhuais atá buaite ag Adam Ó Cuinneagáin. Bhuaigh sé duais na cruthaitheachta anuraidh as cluiche ríomhaireachta a chruthú in Google agus ainmníodh é mar ‘Códóir na Bliana’ ag TechFéile i mí Mhárta.