Níl aon scéim ar leith ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le deontas a thabhairt d’úinéirí tithe ceann tuí le brat nua tuí a chur ar na tithe sin.
An tAire Josepha Madigan a thug an t-eolas seo mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil James Browne as Loch Garman a dúirt gur minic go gcosnaíonn sé suas le €20,000 anois brat nua tuí a chur ar na tithe seo.
Thug an tAire Madigan le fios go bhfuil scéim á reáchtáil ag na húdaráis áitiúla thar ceann na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le deontais tuíodóireachta a íoc le húinéirí tí. Faoin scéim sin ceadaítear deontais suas le €3,810 d’úinéirí tithe ceann tuí ar an mórthír agus €5,714 ar oileáin na tíre. Ceadaítear suimeanna níos mó má bhíonn cárta leighis ag úinéir an tí a bhíonn i gceist, suas le €6,350 ar an mórthír agus €8,253 ar na hoileáin.
Thug an tAire Madigan le fios go bhféadfaí i gcásanna ar leith tacaíocht deontais a fháil do bhrat nua tuí faoi dhá scéim de chuid a Roinne féin. Baineann scéim amháin acu sin le foirgnimh a bhfuil stádas acu mar struchtúir faoi chosaint speisialta agus a bhfuil tábhacht oidhreachta leo. Chaithfidís a bheith liostaithe ar thaifid na n-údarás áitiúil. Baineann an scéim eile le hobair mhór chaomhnaithe do struchtúir atá faoi chosaint speisialta. Tá os cionn €4 mhilliún sa bhuiséad don dá scéim sin ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Dúirt an tAire Madigan go bhféadfadh cúnamh airgid a bheith ar fáil freisin ón gComhairle Oidhreachta a thagann faoi scáth na Roinne aici féin, agus a bhfuil cúraimí reachtúla orthu maidir le cosaint agus caomhnú na hoidhreachta tógtha.