Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Extinction
  • Extinction Rebellion: ag fanacht glan ar an lucht oibre?

Extinction Rebellion: ag fanacht glan ar an lucht oibre?

Kerron Ó Luain

Scríobh mé anseo roinnt seachtainí ó shin go raibh comhdhéanamh meánaicmeach ar an stailc aeráide a tharla i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fhómhair.

Agus tá na himpleachtaí a bhain leis sin le brath go géar sa mhéid atá tithe amach ó shin i leith leis an dream agóide Extinction Rebellion (XR) atá lárnach sa ghluaiseacht ar son na haeráide faoi láthair.

Ag tús mí Dheireadh Fómhair chuaigh XR i mbun gnímh san ardchathair. Shocraigh siad ar champáil i gCearnóg Mhuirfean gar do Theach Laighean – áit a bhfuil siad go fóill –  agus chuireadar tús le seachtain agóide.

Bhí neart Gaeilge le feiceáil ar a gcuid meirgí agus bhí roinnt den teanga le cloisteáil ina gcuid cainte. Is cosúil go bhfuil roinnt mhaith Gael páirteach sa ghluaiseacht. Is maith sin. Má tá an teanga le teacht slán caithfidh na Gaeil a bheith lárnach agus feiceálach i ngach gluaiseacht fhorásach, óir tá tacaíocht na ngluaiseachtaí céanna de dhíth orainn mar phobal beag mionlaithe. Ní féidir fanacht i gcúl an tseomra.

Tá XR le moladh freisin, dar ndóigh, as an aird a tharraing siad ar chúrsaí athraithe aeráide ó cuireadh tús lena gcuid gníomhaíochtaí. Mura dtiocfar ar réiteach leis an téamh domhanda a aisiompú cuirfear isteach go mór ar an tsochaí mar atá. Ní fiú d’éinne a bheith ag trácht ag an bpointe sin anonn ar an gcóras sláinte nó tithíochta a fheabhsú. Beidh leibhéal na mara ardaithe, beidh imirce as cuimse de bharr fhairsingiú na bhfásach agus mar sin de, agus seans láidir go mbeidh stáit éagsúla i mbun cogaíocht le chéile ar mhaithe le smacht a fháil ar acmhainní a bheas gann, amhail uisce inólta agus arbhar.

Mar sin, tá moladh ag dul arís do XR. Tá an teachtaireacht acu gur ghá díriú ar cheist na haeráide go práinneach i mbéal an phobail.

É sin ráite, tá ceisteanna deacra nach mór don dream gníomhaithe seo dul i ngleic leo má theastaíonn uathu a gcuid spriocanna a bhaint amach. Ceisteanna maidir lena gcomhdhéanamh aicmeach agus an stráitéis agus na teaicticí atá acu.

Cuid de na gníomhaíochtaí atá déanta acu go dtí seo, bhíodar bunaithe ar an easumhlaíocht shibhialta. Thall i Londain, spraeáladh an Roinn Airgeadais le “fuil” – gníomh glic a bhí ann a tharraing aird an phobail ar easpa suime an rialtais thall i gcúrsaí aeráide agus sa chosmhuintir trí chéile.

Mar chuid de na gníomhaíochtaí eile bhí bóithre á mblocáil ag XR i Londain agus i mBaile Átha Cliath leis – rud a chuireann olc ar thiománaithe dar ndóigh. An aidhm atá acu ná go ngabhfaidh na póilíní nó Gardaí go leor gníomhaithe. Dar leo go gcuirfidh sé seo brú ar cibé rialtas feidhmiú mar is ceart agus go gcuirfidh sé an ghéarchéim ar a súile don phobal mór.

Chonacthas drochthoradh na dteaicticí seo ag XR nuair a chinn beirt ghníomhaithe stáisiún gnóthacha Underground i Londain, i gceantar lucht oibre darb ainm Canning Town, a bhlocáil. D’iompaigh an slua ar an mbeirt agus bualadh iad.

Chonaic na milliúin duine an físeán a glacadh agus d’aontaigh cuid mhaith dóibh sin le beartas an tslua. Níor cheart go mbuailfí an bheirt, dar ndóigh, ach cuireadh ceisteanna fiúntacha ar XR i ndiaidh na hócáide. Cén fáth nár dhírigh siad ar stáisiúin Tiúb i gceantar baincéireachta agus airgeadais? Cén fáth ar dhírigh siad ar an gcóras iompair leictreach ar chor ar bith nuair is sin a bheas ag teastáil chun go dtabharfar slán muid?

Tá an chosúlacht ar an scéal nár thacaigh go leor de mhuintir XR leis an ngníomh nuair a bhí sé á phlé roimhe sin, nó ina dhiaidh. De bharr an struchtúir atá acu, nó easpa struchtúir na heagraíochta, is cosúil nach raibh sé de chumhacht ag an móramh a d’easaontaigh leis seo cur in éadan an mhionlaigh bhig a bhí ar a shon.

Níor chóir dúinn neamhaird a thabhairt ach oiread ar an bhféidearthacht gur provocateurs a bhí sa mbeirt sin nó go raibh a leithéid lárnach sa gcinneadh go ndéanfaí an beart – ní gá ach cuimhneamh ar an bpóilín Mark Kennedy a bhí mar spiaire i measc grúpaí éiceolaíocha roinnt blianta ó shin. D’fhan sé faoi rún chomh fada sin sna grúpaí gur chothaigh sé caidreamh fadtéarmach le roinnt ban.

Cibé ar bith, nílimse i gcoinne teaicticí easumhlaíochta sibhialta ar bhonn prionsabail. Mar sin féin, caithfear smaoineamh go géar nuair atá a leithéid á n-úsáid agus ar an am ceart chun iad a chur i bhfeidhm. Is féidir a bheith cinnte de nach gcuireann sé cuma rómhaith ar an scéal i súile an lucht oibre más dream beag meánaicmeach atá amuigh i lár na sráide nó i gcroílár stáisiúin traenach ag cur bac ar dhaoine agus iad ag iarraidh dul ar obair. Is fearr do XR díriú ar chur isteach ar áiteacha oibre lucht an rachmais agus an rialtais ina bhfoirgnimh agus ag a gcuid ócáidí poiblí.

Ar aon nós, bhí an deighilt aicmeach le brath arís i gCanning Town. Seachas a bheith ag iarraidh an lucht oibre a “dhúiseacht”, b’fhearr díriú orthu sin atá i gceannas.

Lena ais sin, is fiú do XR snas a chur ar an teachtaireacht acu. Is léir go bhfuil borradh faoi na daoine a shéanann an eolaíocht taobh thiar den athrú aeráide. Tá na Glasaigh ag éileamh cáin charbóin a ghearradh ar an lucht oibre mar réiteach ar chúrsaí. An toradh air seo ná go ndeimhníonn daoine a bhfreasúracht ar an gcáin sin trí shéanadh don athrú aeráide atá ag titim amach mórthimpeall orthu.

D’fhéadfadh XR casadh suntasach a imirt sa scéal anseo dá nglacfaidís seasamh frith-chaipitlíoch. Caithfear an teachtaireacht a chur faoi bhráid na cosmhuintire go bhfuil an t-athrú aeráide ag tarlú mar gheall ar an bhfás as cuimse. Is fás é seo a éilíonn an córas agus is é an córas céanna sin a dhéanann cos ar bholg ar an lucht oibre ó thaobh caighdeán saoil de.

N’fheadar ag an bpointe seo an bhfuil XR radacach go leor leis an seasamh sin a ghlacadh. Faraor, is sa mhalairt treo atá siad ag dul i bhfianaise an bhealaigh a bpléann an ghluaiseacht leis na Gardaí. Chualathas baill XR i mBaile Átha Cliath ag canadh ‘Gardaí we love you, we’re doing this for your children too’, rud a chuireann mórchuid na ngníomhaithe polaitiúla in Éirinn a bhfuil drochthaithí acu leis na Gardaí ó dhoras.

Ní gá ach smaoineamh siar ar an ngluaiseacht shóisialta ba mhó in Éirinn ó bunaíodh an stát 26 Chontae – gluaiseacht na dtáillí uisce a bhí i mbarr a réime idir 2014-16. D’ionsaigh na Gardaí seandaoine, chabhraigh siad le hUisce Éireann na méadair uisce a chur isteach lasmuigh de thithe daoine agus rinneadar iarracht gníomhaithe a chur chun príosúin as ‘fuadach’ a dhéanamh ar Joan Burton bhocht i Ráth Miontáin.

Bímis soiléir: is naimhde iad na Gardaí d’aon ghluaiseacht fhorásach. An phríomhaidhm atá acu i gcomhthéacs na sochaí ná an stát – agus dá bhrí sin an córas caipitlíoch a scriosann an timpeallacht – a chosaint.

Deirtear gur i mbaile beag meánaicmeach darb ainm Stroud sna Cotswolds i Sasana a thosaigh XR an chéad lá riamh. Tá an teachtaireacht acu fíorthábhachtach, ach caithfidh siad dianmhachnamh a dhéanamh ar na teaicticí agus ar an bpolaitíocht atá i gcroílár a ngluaiseachta.

Níor chóir a bheith ródhian orthu. Is gluaiseacht úrnua iad i ndeireadh na dála. Ach mura ndéantar an cíoradh atá ag teastáil, caillfear tacaíocht ar bith atá fágtha acu i measc an phobail. Seans go dtiocfaidh an bunús meánaicmeach éiceolaíochta atá fúthu salach ar iarracht ar bith a dhéantar nasc a chothú leis an lucht oibre – lucht oibre a bhíonn buartha faoi chúrsaí caighdeáin saoil go príomha. Tá súil agam nach dtiocfaidh agus go sárófar na deacrachtaí rompu. Beidh codanna forásacha den mheánaicme de dhíth chun dul i mbun comhghuaillíochta leis an lucht oibre má tá athruithe suntasacha le baint amach againn. Neosfaidh an aimsir.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge