Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-inteirneachtai-gaeilge-a-dtairiscint-den-chead-uair-ag-parlaimint-na-heorpa

Intéirneachtaí Gaeilge á dtairiscint den chéad uair ag Parlaimint na hEorpa

Tá intéirneachtaí íoctha á dtairiscint den chéad uair riamh d’fholúntais in Aonad an Aistriúcháin Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa, Lucsamburg.

Triúr aistritheoirí atá á lorg le tabhairt faoi thréimhse oiliúna cúig mhí i Lucsamburg, ó thús an Mhárta go deireadh mhí Iúil 2020.

Dheimhnigh urlabhraí ó Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Pharlaimint go bhfuil iarratas amháin faighte acu cheana féin ar na folúntais oiliúna sin.

Aistritheoir faoi oiliúint a bhfuil Gaeilge líofa “amhail cainteoir dúchais” atá á lorg, a deirtear i bhfógra an phoist.

Deirtear chomh maith gur gá go mbeadh Béarla nó Francis líofa ag an iarrthóir a cheapfar agus “cumas maith” i dteanga eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Beidh na haistritheoirí faoi oiliúint ag obair faoi stiúir meantóirí, aistritheoirí gairmiúla de chuid an aonaid Ghaeilge.

Beidh oiliúint á cur ar an té a cheapfar maidir leis na modhanna aistriúcháin reatha a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí sa Pharlaimint. Deirtear chomh maith go ndéanfar leasuithe ar shaothar an aistritheora faoi oiliúint lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiliúnaí “forbairt agus foghlaim” agus “an buntáiste a fearr a fháil ón tréimhse oiliúna”.

Táthar ag súil freisin go mbeidh iarrthóirí in ann a bheith ag obair le foireann aistritheoirí an Aonaid Ghaeilge agus go léireoidís scileanna maithe cumarsáide.

Anuas ar na folúntais sin, tá intéirneacht cúig mhí ar fáil don tréimhse chéanna, do dhuine le “sárchumas” Gaeilge le dul i mbun oibre in Aonad Cumarsáide Digití na Parlaiminte. Sa Bhruiséil a bheidh an folúntas sin.

An bhfuil an mianach ceart ionat le bheith ag obair ar son na hEorpa trí mheán na #Gaeilge? Agus le bheith ag tvuíteáil ar an gcuntas seo? Cuir isteach ar intéirneacht íoctha lenár bhfoireann cumarsáide!

Spriocdháta = 30 Samhain. Ar aghaidh leat >> https://t.co/LKmWga8OsX 🙌 pic.twitter.com/Q8FGUyebsf

— Parlaimint na hEorpa (@Europarl_GA) November 19, 2019

Beidh an té a cheapfar sa ról oiliúna sin ag plé le suíomh gréasáin na Parlaiminte agus leis na láithreáin shóisialta eile. Beidh ábhar i nGaeilge agus i mBéarla le soláthar ag an duine a cheapfar do leathanach nuachta na parlaiminte agus do na meáin shóisialta, Facebook, Instagram agus Snapchat san áireamh.

Beidh deis ag an duine freastal ar sheisiún iomlánach na Parlaiminte in Strasbourg.

Íocfar ar a laghad €1,335 sa mhí le daoine faoi oiliúint i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá go dtí an 30 Samhain ag iarrthóirí le cur isteach ar na folúntais.

Níos mó