Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-saol-an-mhadra-bhain

Saol an Mhadra Bháin

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Sa bhliain 2008, cúpla seachtain roimh dom an Ardteist a dhéanamh, chaill mé neart mo chos. Thug mo thuismitheoirí chuig an ospidéal mé, áit a bhfoghlaimíomar go raibh fadhb thromchúiseach le mo dhroim, agus go mbeadh orm dul faoi scian. 

Mhínigh an dochtúir dúinn go raibh fadhb le cuid de mo veirteabraí agus go raibh chuid acu briste. Chomh maith leis sin, bhí cúpla diosca sciorrtha agam, agus bhí an galar dromlaigh, an scolóis, orm.

Faraor, níor éirigh leis an gcéad obráid sin, agus bhí orm dul faoi scian arís. Thar na bhlianta, bhí go leor obráidí móra agam, agus de bharr deacrachtaí, fágadh le ghortú an chorda dromlaigh mé agus gortú inchinne. 

Taobh istigh de nóiméad amháin, athraíodh mo shaol go hiomlán. Ní raibh mé in ann siúl agus bhí orm brath ar dhaoine eile chun gach rud a dhéanamh dom. Bhí sé seo an-deacair mar ba dhuine an-neamhspleách a bhí ionam, agus bhí náire orm cabhair a lorg ó dhaoine eile. 

Ansin chuala mé faoi Irish Dogs for the Disabled, carthanacht a dhéanann traenáil ar mhadraí cabhrach do dhaoine faoi mhíchumais fhisiciúla. Rinne mé teagmháil leo agus go luath ina dhiaidh sin thaistil mé go Corcaigh chun bualadh leo. 

Cuireadh ar an liosta mé chun madra a fháil tar éis dom measúnú a dhéanamh. Cúpla mí ina dhiaidh sin, tugadh cuireadh dom teacht go Corcaigh chun traenáil a dhéanamh le labradúdal darbh ainm Bart.

Ar dtús, bhí eagla orm mar gur madra ollmhór a bhí ann. D’fhoghlaim mé go tapa, áfach, gur madra álainn, séimh a bhí ann freisin. I rith na seachtaine sin, d’fhoghlaim mé conas aire a thabhairt do Bart agus conas orduithe a thabhairt dó. 

Elizabeth McNicholas agus a madra cabhrach

Ag an am sin, bhí mé fós in ann siúl beagáinín, agus bhí Bart in ann cabhrú liom fanacht ar mo chothrom agus dul i ngleic le staighrí agus bacanna eile.

Ansin nuair a chaill mé an cumas siúil go hiomlán, chabhraigh sé liom gníomhaíochtaí éagsúla laethúla a dhéanamh. Mar sampla, m’éadaí a chur orm agus iad a bhaint, soilse a lasadh agus a mhúchadh, doirse a oscailt agus a dhúnadh, rudaí a phiocadh suas ón urlár agus cabhair a lorg má bhí rud éigin mícheart liom — rudaí a bhí an-deacair a dhéanamh sa chathaoir rotha. 

Chomh maith leis sin, compánach iontach a bhí ann. Bhí gach rud níos fearr le Bart taobh liom. Faraor, tar éis seacht mbliana ag obair le chéile, cailleadh Bart go tobann i mí an Mheithimh 2018. Bhí mé chroíbhriste gur chaill mé an cara is fearr liom, ach bhí a fhios agam go mbeidh Bart ag iarraidh go bhfaighinn madra eile. 

Cuireadh ar an liosta mé chun madra nua a fháil, agus i mí Lúnasa 2018, chuir Jennifer Dowler, príomhoifigeach feidhmiúcháin an charthanais, glaoch orm chun a rá liom go raibh madra nua réidh dom. 

Isobel an t-ainm atá ar an madra nua, agus is Golden Retriever í. Go luath ina dhiaidh sin, tháinig Isobel abhaile liom, agus rinneamar traenáil le chéile. Madra álainn atá inti, agus tá pearsanacht iontach aici. Tá sí an-spraíúil agus grámhar, agus is breá léi a bheith ag obair. 

Cosúil le Bart, cara iontach atá inti, agus cuireann sí meangadh gáire ar m’aghaidh gach uile lá. 

Madraí an-speisialta atá iontu agus tá mé an-bhuíoch de Irish Dogs for the Disabled as ucht an obair ar fad a dhéanann siad chun na madraí seo a chur ar fháil do dhaoine faoi mhíchumais fhisiciúla ar fud na tíre. 

Beidh sraith nua TG4 Saol an Mhadra Bháin ag tosú amárach, an 27 Samhain ag 21:30. Beidh scéal Elizabeth á insint Dé Céadaoin an 4ú Nollag.

Níos mó