Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • ‘Tá mé thar a bheith bródúil gur tháinig an corn cór, Corn Sheáin Uí Riada isteach ar an mbaile’
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-me-thar-a-bheith-broduil-gur-thainig-an-corn-cor,-corn-sheain-ui-riada-isteach-ar-an-mbaile’

‘Tá mé thar a bheith bródúil gur tháinig an corn cór, Corn Sheáin Uí Riada isteach ar an mbaile’

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Sílim gurb í an chéad chuimhne atá agam ar an Oireachtas ná a bheith i gCaisleán an Bharraigh in 2000 déarfainn. Bhí mo chuid deirfiúracha páirteach sa gClub Óige áitiúil agus chuaigh grúpa againn chomh maith le mo chuid tuismitheoirí suas in éindí. Bhíodh sé de nós ag Club Óige Lurgan ag an am, sceitse a chur le chéile don Oireachtas agus bhí cáil go deimhin ar aisteoirí óga an chlub ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin freisin! Cé nach raibh duine ar bith den ghrúpa ar comhaois liomsa ag an am bhí an-phíosa craic againn!

2. An rud is fearr faoin Oireachtas

Bhí uair ann nach gcasfaí lucht Oireachtais ort ach ag an Oireachtas ach mar gheall ar chomh forbartha agus atá an teicneolaíocht anois bíonn muid ag caint le chéile ó cheann ceann na bliana. Ach má bhíonn féin, bíonn sé go deas bualadh le seanchairde ar feadh scaithimh agus cúrsaí an tsaoil a chur trína chéile. Ní bhuailfeadh an diabhal píosa seanchais!

3. An rud is measa faoin Oireachtas ……..

Is beag rud diúltach atá mé in ann a rá faoin bhféile i ndáiríre. Déarfadh go leor go bhfuil sí faighte rómhór mar fhéile ach is éard a déarfainn faoi sin ná go bhfuil rudaí ag bogadh ar aghaidh mar is ceart dóibh. Sea, tá an tOireachtas ar bun sna hionaid chéanna anois, ach ní mhór a bheith ag súil leis sin mar go dteastaíonn ionaid mhóra le freastal ar na sluaite móra a thagann ann.

4. Citywest?

Níl mé in ann breithiúnas a thabhairt ar Bhleá Cliath mar láthair don Oireachtas de bharr nach raibh mé ann riamh mé féin. Is maith is cuimhneach liom scéalta a chloisteáil uaidh chairde liom faoin Citywest ach b’fhearr liom an áit agus an fhéile a fheiceáil le mo dhá shúil féin sula ndéarfaidh mé aon bhlas faoi!

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Seomra a bheith faighte agat luath go maith má thograíonn tú dul ann. Is iondúil go mbíonn sciob sceab ar lóistín áit ar bith a mbíonn an tOireachtas ar siúl. Ach thar aon rud eile triail imeacht amach ón bhféile cúpla uair an chloig le dul ag spaisteoireacht sa mbaile a mbíonn an tOireachtas ann.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Tá sé an-deacair an ceann sin a fhreagairt ar dhá chúis. An chéad cheann ná go bhfuil cúlra láidir go maith sa Sean-Nós ag mo mhuintir, ó mo sheanathair Máirtín Pheaits go ndéana Dia grásta air.

Is maith is cuimhin liom suí fríd uaireanta an chloig de shean-nós agus níor chuir sé isteach ná amach orm. Tá mé thar a bheith bródúil gur tháinig, ní hamháin Corn na bhFear agus Corn na mBan chuig an Teach Mór in imeacht na mblianta, ach freisin gur éirigh leis an gcorn mór, Corn Sheáin Uí Riada a theacht isteach ar an mbaile chomh maith.

Ach ansin ar an láimh eile tá mé sáite sa gceol fiú mura gcasfainn féin an coirnéal. Mhairfinn ag éisteacht leis an gceol Gaelach agus bainim an-sásamh as Club na Féile. Dá mbeifeá gan tada a dhéanamh ach seasamh le balla agus cluas éisteachta a thabhairt don chraic agus don cheol bheifeá maraithe amach ag Club na Féile!

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Thriailfinn an tOireachtas a thabhairt níos gaire don Ghaeltacht dá bhféadfainn ar chor ar bith é. Ach ansin tá a chuid anró féin leis an moladh sin.

Is beag áit sa nGaeltacht a bheadh in ann ag na sluaite a bhíonn ag tarraingt ar an Oireachtas chuile bhliain – agus más cóir géilleadh d’fhigiúirí na bliana seo caite mar shampla, chinnfeadh ar cheantracha amhail Indreabhán, Acaill, Gaoth Dobhair, Baile na nGall nó an Rinn áit a fháil do chuile dhuine!

Ach – tá’n tOireachtas ag teacht go Gaillimh an chéad bhliain eile – go deimhin – ní fhéadfadh sé a bheith níos gaire do chuid againn an t-am sin!

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Má tá comhartha maith ar bith ann, sin go dtiocfadh chuile dhuine abhaile slán sábháilte ón Oireachtas, beag beann ar chomórtas ar bith.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Níl ann ach a bheith ciallmhar go maith agus gan do shúil a chur thar do chuid, má thuigeann tú leat mé.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leatsa agus cén fáth?

Tá sé deacair ceann thar a chéile a phiocadh. Tháinig mo Dheaideo, Máirtín Pheaits Ó Cualáin, go ndéana Dia grásta air, sa gcéad áit i gcomórtas na bhfear nuair bhí an tOireachtas sa Daingean agus tá an-chuimhní agam ar an mbliain sin.

Tá an-chaitheamh ina dhiaidh agam nach raibh mé ag an Oireachtas le bua m’aintín, Caitlín Ní Chualáin i gCorn Uí Riada a fheiceáil le mo dhá shúil féin…ach mura raibh, bhí sé ina cheiliúradh nuair a tháinig an Corn go Cois Fharraige!

Is dóigh ansin ar leibhéal eile go bhfanfaidh Oireachtas Chathair na Mart i mo chuimhne. Bhí mé féin agus duine de mo chuid cairde ón meánscoil, Eoin Ó Dubhghaill i gcomórtas na n-agallamh beirte faoi 18. Bhí sé sin speisialta don bheirt againn cheapfainn de bharr gur muid a scríobh an t-agallamh beirte céanna agus ansin gur tháinig muid sa gcéad áit. Is beag duine as Conamara nach raibh ag Oireachtas Chathair na Mart an bhliain chéanna!!

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge