Níor ceapadh mar státseirbhíseach anuraidh oiread agus duine amháin ó na painéil speisialta a bunaíodh lena chinntiú go mbeadh baill foirne le líofacht i nGaeilge ag obair i ranna Rialtais na tíre.
Ceapadh 15 duine ó na painéil Ghaeilge go dtí seo i mbliana ach ba ag an ngrád is ísle sa státseirbhís – grád Oifigeach Cléireachais – a bhí gach duine acu agus níor ceapadh aon duine chuig aon cheann de na ceithre ghrád níos airde – Oifigeach Feidhmiúcháin, Oifigeach Riaracháin, Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach Cúnta – a bhfuil painéil Ghaeilge ar fáil dóibh.
An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, a thug an t-eolas sin mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Éamon Ó Cuív.
Thug an tAire le fios gur 64 duine a ceapadh chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo sa státseirbhís le ceithre bliana anuas ach bhain 49 de na ceapacháin sin leis na blianta 2016 agus 2017. Ba le linn na bliana 2017 is mó a ceapadh baill foirne chuig poist Ghaeilge nuair a fostaíodh 20 Oifigeach Cléireachais, 4 Oifigeach Feidhmiúcháin, 4 Oifigeach Riaracháin, Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin amháin agus dhá Phríomh-Oifigeach Cúnta.
Cuireadh tús leis an gcóras le painéil de chainteoirí Gaeilge a bhunú do phoist sa státseirbhís sa bhliain 2013 nuair a cuireadh deireadh leis an gcóras a bhí ann roimhe sin go gceadófaí marcanna bónais do dhaoine a raibh líofacht i nGaeilge agus i mBéarla acu sa chomórtas earcaíochta nó i gcás arduithe céime sa státseirbhís.
Státseirbhís | |||||
---|---|---|---|---|---|
Grád | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | Iomlán |
Oifigeach Cléireachais | 0 | 20 | 0 | 15 | 35 |
Oifigeach Feidhmiúcháin | 18 | 4 | 0 | 0 | 22 |
Oifigeach Riaracháin | 0 | 4 | 0 | 0 | 4 |
Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin | 0 | 1 | 0 | 0 | 1 |
Príomh-Oifigeach Cúnta | 0 | 2 | 0 | 0 | 2 |
Iomlán | 18 | 31 | 0 | 15 | 64 |
Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil titim shuntasach freisin ar an ráta ag a bhfuil earcaigh le Gaeilge á gceapadh mar bhaill den Gharda Síochána. Glacadh le 35 duine ar phainéal Gaeilge na nGardaí sa bhliain 2013 agus 28 sa bhliain 2016 ach níor glacadh ach le ceathrar sa bhliain 2017, deichniúr in 2018 agus seisear go dtí seo i mbliana.
An Garda Síochána – earcaí le Gaeilge | |
---|---|
Bliain | Líon |
2013 | 35 |
2016 | 28 |
2017 | 4 |
2018 | 10 |
2019 | 6 |
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí atá faoi chúram an Aire Paschal Donohoe a riarann na comórtais earcaíochta don státseirbhís agus don Gharda Síochána.
Tiocfaidh ionadaithe ón eagraíocht sin i láthair cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTeach Laighean tráthnóna inniu. Tá an cruinniú á reáchtáil i gcomhthéacs na leasuithe atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly TD gur deis a bhí i gcruinniú an lae inniu éisteacht a thabhairt don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le gealltanais i leith na Gaeilge.