Níl siad in aon ord faoi leith, tharraing siad achrann i measc mo chairde agus iad á roghnú, ach seo é mo liosta den deich rud ba shuntasaí a tharla sa spórt le deich mbliana.
Katie Taylor
Murach í, seachas nach mbeadh mná fiú ag dornálaíocht sna Cluichí Oilimpeacha. Ghnóthaigh sé an bonn óir, thit a saol sa mbaile óna chéile ina dhiaidh sin, chlis uirthi, ach choinnigh sí uirthi, í anois ar an dornálaí is fearr agus is mó le rá ar domhain. Laoch.
Leicester
Ní raibh mórán súil ag tús an tséasúir peile i 2015-2016 gurbh iad Leicester beag a dhéanfadh an beart. In easpa airgid na mboc mór, tá siad i measc an sé chlub a ghnóthaigh Príomhroinn Shasana ó tosaíodh an comórtas i 1992.
Colin Kaepernick
Is mó atá múinte ag Colin Kaepernick faoi chúrsaí comhionannais agus ciníochais sna Stáit Aontaithe ó chuaigh sé ar ghlúin in 2016 ná na mílte leabhar agus léachtaí. Faraor, tá an iomarca fós nach bhfuil ag éisteacht leis. Beidh a áit aige i leabhar staire an domhain amach anseo.
Éacht Bhaile Átha Cliath
Rinne mná Chorcaí é, ach é Jim Gavin an chéad bhainisteoir a ghnóthaigh craobh na hÉireann cúig bliana as a chéile. B’fhéidir gur bhfearr leis an gcuid is mó againn go mbeadh deis ag foireann eicínt eile ar an gcorn, ach ní féidir an méid atá déanta acu a shárú.
Bréaga Lance Armstrong
Ní dhéanfar dearmad ach an oiread ar Lance Armstrong agus leis an gcaoi gur chaith sé le daoine agus é ag déanamh caimiléireachta. Rugadh air sa deireadh agus d’inis sé a scéal suarach in agallamh le Oprah Winfrey ag tús 2013. Breathnaigh air, agus bíodh buicéad agat don mhúisc.
Sciorradh Steven Gerrard
In 2014, bhí lámh amháin ag Liverpool ar chorn na Príomhroinne, ach faraor, thit an corn uathu nuair a sciorr Steven Gerrard in aghaidh Chelsea. Shamhlóinn nach bhfuil lá ar bith nach gcuimhníonn an fear bocht ar an tráthnóna sin, agus faraor, níl an chraobh gaibhte go Liverpool ó shin.
Iománaithe Chontae Laoise
Rinne fir Eddie Brennan a n-éacht féin an samhradh seo nuair a chaith siad Baile Átha Cliath (a bhí tar éis fáil réidh le fathaigh na Gaillimhe) amach as an gcraobhchomórtas iomána. Ní fhaca mé a leithéid de cheiliúradh le fada an lá, agus a bhí i bPort Laoise an tráthnóna sin.
Rugbaí na hÉireann
Tar éis an Nua-Shéalainn a bhualadh faoi dhó, agus Éirinn rangaithe ar an bhfoireann rugbaí ab fhearr ar domhain ar feadh scaithimh, bhí barúil ag go leor acu do Chorn an Domhain. A Mhuire na gcoinneal, ach rinne siad praiseach de. Ní dhéanfar dearmad ar an náire sin go ceann scaithimh.
An FAI
Ní fios fós céard atá i ndán do John Delaney, ná don FAI, ach i 2019 rugadh sa deireadh ar an gcur amú airgid agus acmhainní a bhí ar bun san eagraíocht. Ní gá mórán eile a rá, ach buicéad mhúisc Lance Armstrong a chrochadh leat.
Cúilín Joe Canning
Ghnóthaigh Gaillimh an chraobh iomána in 2017, ach ba é cúilín gleoite Joe Canning in aghaidh Thiobraid Árann, a chuir isteach sa gcluiche ceannais iad. Ní raibh ach cúpla soicind fanta sa gcluiche, chlis ar iarracht a rinne sé cúpla soicind roimhe sin, ach choinnigh sé an cloigeann agus faoi Scáth Ardáin Uí Chíosóig agus chuile imreoir beo a d’imir do Thiobraid Árann riamh thar timpeall air, sheol sé an sliotar tar an trasnán agus Gaillimh isteach sa gcluiche ceannais. Draíocht.