Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Ar tugadh Sasanach riamh ortsa?

Seaghan Mac an tSionnaigh

Ar measadh tú a bheith i do Shasanach riamh agus tú ar an gcoigríoch? Ar chuir sé an gomh dearg ar fad ort?

Sin é go díreach ar tharla do Clare Carroll, príomhphearsa an scannáin The Nightingale (2018) inar lárnach iad ceisteanna an iarchoilíneachais.

Agus faoi mar is nós le go leor de mhuintir na hÉireann a dhéanamh ina leithéid de chás, is ar an nGaeilge a thiontaigh Clare lena féiniúlacht uathúil Ghaelach a chur in iúl don té a raibh an dul amú damanta úd air.

Is amhlaidh a scaoil sí seo le sraith mallachtaí ar chuma a chuirfeadh Caitríona Pháidin Chré na Cillé i gcuimhne do dhuine.

Máchail na bolgaí” a ghuigh sí ar na Sasanaigh lena hÉireannachas a chur i léire.

An Bhuí Chonaill” á seoladh ina dtreo aici d’fhonn a Gaelachas a chur i gcéill.

Go tigh an diabhail gach mac máthar acu”, arsa í, agus a neamh-Shasanachas á chur go mórtasach ar shúile caocha an tsaoil.

Saibhreas teanga ar taispeáint sa mhéid seo – is léir gur deineadh cúram ar leith de scríobh na scripte Gaeilge don scannán seo. Cathal Goan an té a luaitear mar chomhairleoir Gaeilge i dteidil chreidiúna ag deireadh an tsaothair.

Caithfidh mé a rá nár mar a chéile a labhrainn féin le duine a chuirfeadh Sasanachas i mo leith trí dhearúd, agus ní mholfainn d’éinne eile a leithéid de chur chuige. Ní mór, áfach, comhthéacs éigin a thabhairt don racht drámatúil seo ó Clare Carroll.

San Astráil a shuitear imeachtaí The Nightingale. Scannán é a phléann le saol na nÉireannach a “cuireadh an loch amach” – téarmaíocht an naoú haois déag a thagraíonn don ‘transportation’ a deineadh ar ghéillsinigh na Ríocht Aontaithe de bharr coireanna as ar chúisigh réimeas barbarach Shasana iad.

Ba mhinic i dtréimhse seo an naoú haois déag gur coireanna bréagacha a cuireadh ina leith mar chuid de pholasaí Londan ó thaobh tír na hÉireann, mar shampla, a bhánú. Fulaingt agus ainnise a bhíodh i ndán dóibh de ghnáth, mara miste do Liam Hogan mé a rá, agus tugtar léiriú ar a raibh i gceist leis an bhfulaingt sin sa chéad chúpla radharc ón scannán.

Taibhsítear dúinn Clare Carroll agus sclábhaíocht feirme ina gnó laethúil aici ar eastát an tiarna Shasanaigh ar maoin phearsanta dá chuid féin í. Tuigtear dúinn gur scaradh an spéirbhean seo óna fear céile óna gcéad lá ann, agus gur éigniú a dheineadh an tiarna mar chaitheamh aimsire uirthi nuair a bhíodh cúpla piúnt thiar aige. An dtuigeann tú anois di?

Léiriú thar a bheith grafach a thugtar ar uafás an éignithe sna radharcra seo. Má tá sé i gceist agat breathnú ar an scannán, mholfainn tabhairt fé i d’aonar nó le duine a bhfuil tú go mór ar do chompord ina c(h)omhluadar. Táimse buíoch gur theip ar an Chromecast an oíche a raibh sé beartaithe agam féin agus ag mo mháthair féachaint ar The Nightingale, agus nach léi sa deireadh a d’fhéachas ar an tromluí de rud!

Cuirfidh na Gaeil suim sa mhéid Gaeilge a chloistear sa scannán neamhspleách seo a d’eisigh an comhlacht Astrálach léiriúcháin Causeway Films anuraidh.

An t-aisteoir Astrálach Michael Sheasby a ghlac páirt Aidan, fear céile Clare, agus bhí sé siúd breá ábalta ar a bheith siar agus aniar idir Béarla Bhaile Átha Cliath agus Gaeilge Chonnacht. Díol suntais ab ea é seo go mór mhór sa radharc inar thug sé fé phlean a chur le chéile do theitheadh a chlainne ón tiarna.

Cuma Outlander na Gàidhlig, ní chuirtear fo-theidil ar fáil don chuid de dhialóg an scannáin atá as Gaeilge – rud a chabhraíonn le caidreamh comhgheilgeach a chruthú idir na hÉireannaigh éalaitheacha seo agus cainteoirí Gaeilge an lae inniubh sa lucht féachana. An chuid sin den lucht féachana ná tuigeann ach teanga na dtioránach, an féidir ceangal de chineál eile a chur ina leith siúd?

Gael-Iodálach agus céimí ó Choláiste na Tríonóide sa bhFraincis agus sa Spáinnis í an té a ghlac páirt Clare – Aisling Franciosi, banaisteoir a bhfuil comhairle foghraíochta ar cén dóigh lena hainm a rá curtha ina féinfhaisnéis Twitter aici. Thuigfeadh Saoirse Ronan di!

Is léir do chainteoirí Gaeilge an tábhacht scannánaíoch a bhaineann le Clare a bheith ag tabhairt “a amadáin” ar Aidan sa chéad leath, agus “you fool” a bheith á thabhairt aici ar a threoraí bundúchasach tar éis dúnmharú dá fear céile. Nod ab ea an cleas ealaíonta seo don ghrá a bhí le titim amach idir Clare agus Billy an Bundúchasach Astrálach tamall ina dhiaidh sin.

Locht a bheadh agam ar an scannán ná go mb’fhéidir go bhféadfaí níos mó de pháirt a thabhairt do theanga dhúchais Billy (Baykali Ganambarr) anuas ar a chuid rinceoireachta ealaíonta, in The Nightingale – scannán Astrálach is ea é tar éis an tsaoil. Agus tá ina theannta sin roinnt de bhlas an chliché ar ghnéithe áirithe den teangbháil steiréitipiciúil idir an tÉireannach agus an Bundúchasach Astrálach. B’fhiú féachaint ar chlár faisnéise le Paula Keogh dar teideal An Dubh ina Gheal le roinnt cothramaíochta a chur thar n-ais isteach i d’aigne.

Ach idir an dá linn, féach ar The Nightingale! Más in aon ghiorracht do Bhéal Feirste duit, cuimhnigh ar fhreastal a dhéanamh ar an léiriú a bheidh Queen’s Film Theatre ag cur ar bun ar an 11 agus ar an 12 Nollaig.

Tá an Dr. Seaghan Mac an tSionnaigh ag múineadh cúrsa ar scannánaíocht na Gaeilge in Ollscoil na Ríona fé láthair.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge