Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-camino-cha-na-heireann

Camínó-cha na hÉireann

Shiúil mé ó St-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostella níos luaithe i mbliana agus molfaidh mé do dhuine ar bith a éistfidh liom an turas sin a dhéanamh —bhain mé an oiread sin taitneamh as agus tá cairde nua aimsithe agam ar fud an domhain. Cheana féin, thug mé cuairt ar bheirt éagsúil i Meiriceá, agus tá cuirí chun na Fraince agus na Gearmáine faighte agam freisin. 

Ach tuigim gur fada an t-achar é 800km, agus nach bhfuil an t-am saor ag chuile dhuine turas ceithre nó cúig seachtaine trasna na Spáinne a dhéanamh. Má bhíonn an deis agat an Camino a dhéanamh — fiú ina gcodanna beaga mar a dhéanann formhór na n-oilithreach — déan é, ach mura bhfuil an t-am ná an t-airgead agat an turas mór a dhéanamh, ná bí buartha. Is iomaí Camino in Éirinn. 

Agus mé ar cuairt ag duine de mo chairde Camino in iarthar New York an mhí seo caite, luaigh sé liom go raibh spéis aige féin agus a bhean saoire fánaíochta a dhéanamh san Eoraip agus go raibh an-spéis acu sa mBreatain agus in Éirinn, mar nach bhfuil sé chomh te céanna anseo don fhánaí.

Bhí a chuid taighde déanta aige agus níos mó eolais aige féin faoi oilithreachtaí na hÉireann ná mar a bhí agam féin. Chuala mé faoi Chosán na Naomh i gcontae Chiarraí, ar a bhfuiltear ag tabhairt an ‘Kerry Camino’ ar na saolta seo, agus go deimhin shiúil mé Slí Chaoimhín Naofa agus mé i mo dhéagóir. Tá Cruach Phádraig dreaptha agam ceithre huaire anois (agus gan ach trí thuras eile le déanamh, de réir na bpisreog!), agus chuala mé faoi chonairí eile ar nós turas Loch Dearg, Turas Cholm Cille agus cúpla ceann eile.

Ach níor thuig mé go raibh ord agus eagar ar na hoilithreachtaí seo agus go bhféadfaí turas ar nós an turais mhóir a dhéantar sa Spáinn a dhéanamh anseo in Éirinn ar chostas an-bheag.

Tháinig an eagraíocht Oilithreachtaí na hÉireann le chéile in 2013, agus ó 2016 i leith, tá ‘Teastas Oilithreachta’, ar nós an teastais a bhronntar in Santiago, á bhronnadh ar dhaoine a shiúlann (nó a ritheann) cúig cinn de na hoilithreachtaí Gaelacha seo. Tá líon na ndaoine a bhaineann an teastas seo amach ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana, agus tá an spéis atáthar a chur inár gconairí dúchais ag fás de réir a chéile. 

Mhúscail fear New York mo spéis féin sna cosáin seo agus tá sé i gceist agam féin an teastas a bhaint amach an bhliain seo chugainn — is Mílaoiseach ceart mé atá thar a bheith goal-motivated. Tá cuid de na bealaí siúlta agam cheana féin, agus molaim do dhuine ar bith ar spéis leis siúlóidí fada faoin tuath tabhairt faoin dúshlán céanna.

Ach an oiread leis an gCamino sa Spáinn, thosaigh na conairí seo amach mar chosáin naofa agus bhíodh an-bhéim go deo ar an taobh reiligiúnda den oilithreacht, ach, díreach cosúil leis an gCamino tá go leor daoine ann nach bhfuil creideamh ar bith acu a bhainfeadh taitneamh as an tsiúlóid. 

Coinneoidh mé ar an eolas sibh faoi cén chaoi a n-éiríonn liom ar Oilithreachtaí na hÉireann in 2020. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge