Tá Ciara Ní É, as Baile Átha Cliath, ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Scríbhneoir agus tionchaire aitheanta ar líne í Ciara Ní É, agus is í a chuir tús leis na hoícheanta filíochta Gaeilge REIC.
Foilsíodh saothar le Ní É in irisí liteartha éagsúla, Icarus agus Comhar ina measc. Tá saothar dá cuid coimisiúnaithe ag RTÉ TV, BBC Radio, TG4, Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus go leor eile.
Bhí Ní É, a bhfuil a céad chnuasach filíochta idir lámha aici, i measc na bhfilí a roghnaíodh don scéim ‘Introductions’ de chuid Éigse Éireann, scéim atá dírithe ar fhilí atá ag teacht chun cinn.
Tá sraith físdánta ar YouTube ag Ní É, a rinneadh i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus tá sí le feiceáil i mbun aithrise ar a cuid saothair i bhfíseán mór-ráchairte, ‘Phenomenal Woman’, a chuir Cumann Pheil na mBan amach anuraidh.
An bhliain seo chugainn a chuirfidh Ní É tús lena tréimhse mar scríbhneoir cónaithe na hollscoile, mar a mbeidh ceardlanna filíochta agus scríbhneoireachta á reáchtáil aici do mhic léinn na hollscoile.
Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Réaltán Ní Leannáin.