Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
  • Baile
  • Nuacht
  • Nuacht
  • Tuairisc
  • Gaeltacht
  • Dhá scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dha-scoil-ghaeltachta-agus-dha-scoil-lan-ghaeilge-i-measc-na-scoileanna-is-mo-a-sholathraionn-mic-leinn-don-triu-leibheal

Dhá scoil Ghaeltachta agus dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal

Tá dhá iarbhunscoil Ghaeltachta agus dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge i measc na ndeich scoil gan táille sa stát is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.

De réir liosta a d’fhoilsigh an Irish Times ar maidin, tá Coláiste Chroí Mhuire gan Smál sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara sa cheathrú háit ar liosta náisiúnta na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. 

Bhí Coláiste na Coirbe, scoil i nGaeltacht chathair na Gaillimhe, sa seachtú háit ar an liosta na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Bhí Coláiste Chnoc na Labhras, meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach, san ochtú háit agus bhí Coláiste Iosagáin i mBaile Átha Cliath sa 10ú háit.

Bhí Coláiste Iosagáin ar an scoil gan táille is mó sa stát a sholáthair daltaí do chúrsaí ‘ardphointí’ tríú leibhéal .

Bhí Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin sa 16ú háit maidir le soláthar mac léinn nuair a fhágtar scoileanna príobháideacha as an áireamh agus bhí Gaelcholáiste Luimnigh sa 21ú háit.

Bhí Gaelcholáiste na Mara sa cheathrú háit sa stát ar liosta na scoileanna is mó a dhein feabhas le cúig bliana anuas maidir le céatadán na mac léinn a sholáthraítear don tríú leibhéal. 

Bhí an scoil i gCill Mhantáin sa séú háit ar liosta na scoileanna gan táille is mó sa stát a sholáthair daltaí do chúrsaí ‘ardphointí’. 

Bhí Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde i mBaile Átha Cliath sa séú háit s ar liosta na scoileanna is mó a dhein feabhas le cúig bliana anuas maidir le céatadán na mac léinn a sholáthraítear don tríú leibhéal,

114% de scoláirí Choláiste Chroí Mhuire gan Smál ar an Spideál a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Bhí an scoil Ghaeltachta san ochtú háit sa stát nuair a chuirtear scoileanna príobháideacha san áireamh.

As an 32 dalta a bhí i gceist i gcás scoil an Spidéil, 17 acu a chuaigh go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus 12 a chuaigh go dtí Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

De réir liostaí an nuachtáin, tugtar le fios go dtéann níos mó ná 100% de dhaltaí i scoileanna áirithe ar aghaidh go dtí institiúid tríú leibhéal mar go gcuirtear san áireamh iardhaltaí, daoine a rinne cúrsaí iar-Ardteiste agus daoine a d’éirigh as cúrsa tríú leibhéal amháin le freastal ar cheann eile. 

Níor chuir an Irish Times san áireamh ar a liostaí náisiúnta scoileanna inar dhein níos lú ná 20 duine an Ardteist i mbliana nó scoileanna inar tháinig laghdú 15% nó níos mó ar líon na ndaltaí a dhein an Ardteist in 2019 i gcomparáid le 2018.

D’fhág sin go raibh neart scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhí ard go maith ar liostaí na gcontaetha, ach nach raibh áirithe i measc na scoileanna is airde ar an liosta náisiúnta.

Bhí Coláiste Cholmcille in Indreabhán (117%)  i nGaeltacht Chonamara sa dara háit i gcontae na Gaillimhe agus bhí Pobalscoil Ghaoth Dobhair (102%). sa chéad áit i gcontae Dhún na nGall. 

Bhí Scoil Phobail Mic Dara i gCarna (100%) sa naoú háit sa Ghaillimh agus bhí Gaelcholáiste Thrá Lí (107%) sa cheathrú háit i gCiarraí. 

Bhí Gaelcholáiste Reachrann (116%) i nDomhnach Míde sa chéad áit i mBaile Átha Cliath 13 agus í i measc na scoileanna is fearr a chruthaigh san ardchathair. Bhí Coláiste Oiriall sa chéad áit i gcontae Muineacháin, bhí Meánscoil Garman sa chéad áit i Loch Garman agus bhí bhí Gaelcholáiste Phort Láirge i Baile Mhic Gunair sa tríú háit i bPort Láirge.

Bíonn roinnt conspóide i gcónaí faoi liostaí na scoileanna ‘feeder’ nó freastail. Dar le go leor saineolaithe nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

Dar leis an Irish Times go léiríonn na liostaí is déanaí atá acu deighilt mhór sa tsochaí sa mhéid is go bhfuil na scoileanna príobháideacha go mór chun tosaigh i gcónaí.

Bhí seacht scoil lán-Ghaeilge i measc an 50 iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát, de réir rangú an Sunday Times i mbliana.

De réir figiúirí nua a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie i mbliana is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

58,333 dalta scoile atá cláraithe le scoileanna ina bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu.

Fágann sin gur 6% de dhaltaí an Stáit, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge