Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-glactha-ag-an-asai-le-gearan-faoi-fhogra-inar-mhaigh-scoil-go-raibh-‘better-teachers,-better-results’-acu

Glactha ag an ASAI le gearán faoi fhógra inar mhaígh scoil go raibh ‘better teachers, better results’ acu

| Tuairisc.ie | ,

Tá glactha ag Údarás na gCaighdeán Fógraíochta le gearáin faoi fhógra inar mhaígh scoil i mBaile Átha Cliath gur acu a bhí na múinteoirí agus na torthaí is fearr.

Sheas Údarás na gCaighdeán Fógraíochta leis na gearáin a rinneadh faoi fhógra a bhí ag an Institute of Education, áras oideachais príobháideach ar Shráid Leeson i mBaile Átha Cliath, ar an mbonn nach bhféadfaí an maíomh a bhí ann a chruthú.

Ar thaobh Bhus Átha Cliath an samhradh seo caite a bhí an fógra ag an áras a chuireann ranganna dianteagaisc ar fáil don dhaltaí Ardteiste.

Rinneadh breis is scór gearán faoin bhfógra bus inar maíodh go raibh “múinteoirí níos fearr agus torthaí níos fearr” ag an institiúid phríobháideach phulctha. 

Tá beagnach €8,000 sa mbliain táillí ar chúrsa bliana san institiúid a bunaíodh i 1969 agus féadann scoláirí an cúigiú agus an séú bliain iarbhunoideachais a dhéanamh san ionad foghlama. Bíonn go leor ranganna breise dianteagaisc ann tráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus i rith na laethanta saoire do dhaltaí a bheadh ag freastal ar scoileanna eile. 

Dúirt an Institiúid agus iad ag freagairt an ghearáin nach ndearna siad aon chomparáid idir a múinteoirí féin agus na múinteoirí in aon scoil eile agus nach raibh sa bhfógra ach rian den ‘mholadh mór’ seachas fíric. Ba léir do chách, a dúradh, nach bhféadfaí a cheapadh “gur acu a bhí na múinteoirí is fearr ó tharla gur tuairim shuibiachtúil í sin seachas ráiteas fíoras”. 

Ghlac an ASAI leis an ngearán cheal aon fhianaise a bheith ann gurbh fhíor don fhógra, agus chinn go raibh an fógra ag sárú chód an ASAI. 

Ghlac an ASAI le gearán eile a líomhain go bhféadfaí a thuiscint ón bhfógra go raibh sé “dímheasúil” faoi scoileanna agus múinteoirí eile. Rialaigh an ASAI nach bhféadfaí an leagan sin den fhógra a úsáid níos mó. 

I mí Lúnasa seo caite a tuairiscíodh ar dtús go riabh gearáin déanta nuair a d’fhógair an ASAI nár ghá aon ghearáin eile a chur faoina mbráid faoin bhfógra sin mar go raibh an scéal á fhiosrú acu. I measc na ndaoine a rinne gearán bhí Pat McKenna, príomhoide Phobalscoil Neasáin i mBaile Dúill i dtuaisceart Átha Cliath. Dúirt McKenna ag an am go ndearna sé gearán oifigiúil mar nach bhféadfaí a leithéid de rud a mhaíomh.

Dúirt McKenna go raibh sé le tuiscint ón bhfógra ‘better teachers, better results’ go bhfuil múinteoirí na hinstitiúide níos fearr, rud nach raibh cruthaithe. 

“Sáraíonn an maíomh sin na caighdeáin fógraíochta. Ní féidir le haon duine eolas nach bhfuil cruinn ó thaobh na bhfíricí a chur i bhfógra. Creidim féin go bhfuil scoth na múinteoirí ag obair i scoileanna ina bhfuil dúshláin mhóra le sárú,” a dúirt sé.

Níos mó