Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-moramh-mor-ag-boris-johnson-agus-an-bealach-reitithe-don-bhreatimeacht

Móramh mór ag Boris Johnson agus an bealach réitithe don Bhreatimeacht

Tá móramh mór faighte ag Boris Johnson in olltoghchán Westminster, toradh a réiteoidh an bealach don Bhreatimeacht roimh dheireadh mhí Eanáir.

Toghchán tubaisteach a bhí ann do pháirtí an Lucht Oibre agus Jeremy Corbyn a dúirt nach mbeadh sé ina cheannaire ar an bpáirtí don chéad olltoghchán eile. Chaill ceannaire eile, Jo Swinson na nDaonlathach Liobrálach, a suíochán.

Dúirt Boris Johnson gurb amhlaidh go raibh “mandáid fhíorláidir” tugtha ag an bpobal dá pháirtí an Breatimeacht a chur i gcrích.

I dtoghchán an Tuaiscirt ba é an scéal mór ná go bhfuair John Finucane ó Shinn Féin an ceann is fearr ar leascheannaire an DUP Nigel Dodds i mBéal Feirste Thuaidh. Buille tubaisteach ab ea é seo don DUP agus suíochán parlaiminte nach raibh i seilbh éinne riamh ach aontachtach caillte ag a gceannaire in Westminster. Ar an láimh eile, údar mór caithréime a bhí ann do Shinn Féin.

Tháinig laghdú áfach ar vóta Shinn Féin agus an DUP ar an iomlán agus mhéadaigh an céatadán den vóta a fuair Alliance agus an SDLP, ar éirigh leo dhá shuíochán a fháil ar ais, ceann ag a gceannaire Colum Eastwood sa bhFeabhal agus ceann ag Claire Hanna i mBéal Feirste Theas.

Ba é an chéad duine a toghadh ó thuaidh ná Stephen Farry a thug leis an suíochán sa Dún Thuaidh d’Alliance, páirtí ar tháinig borradh suntasach faoina vóta i gceantair éagsúla.

Cuirfidh a mhóramh ar chumas Boris Johnson fuascailt a fháil ar an tsáinn Breatimeachta in Westminster agus a margadh imeachta a chur tríd an bparlaimint.

Ní bheadh ansin ach tús aistir ar bhóthar casta crosta, áfach.

Tá geallta ag Johnson nach mairfidh an tréimhse eatramhach idirbheartaíochta níos faide ná deireadh na bliana 2020, ach measann mórán gur ar éigean go n-éireoidh leis an dá thaobh teacht ar mhargadh faoi chúrsaí trádála faoin am sin.

Nuair a fógraíodh toradh na pobalbhreithe iarvótála aréir ba léir gur bua mór a bhí i ndán do na Tóraithe agus go raibh drochlá amach is amach ag páirtí an Lucht Oibre. De réir na pobalbhreithe, bheadh an móramh is mó ag na Tóraithe ó bhuaigh Margaret Thatcher a tríú olltoghchán in 1987 agus bheadh níos lú suíochán ag páirtí an Lucht Oibre ná mar a bhí I ndiaidh aon toghchán ó 1935.

Nuair a tháinig na torthaí féin isteach ba léir go raibh smidiríní déanta ag na Tóraithe de ‘bhalla dearg’ pháirtí an Lucht Oibre i dtuaisceart Shasana agus go raibh ag éirí leo daoine ar béas leo vótáil do pháirtí an Lucht Oibre a mhealladh i gceantair sa Bhreatain Bheag agus i lár Shasana a bhí ar son an Bhreatimeachta.

Ba é an chéad bhua mór den oíche do na Tóraithe ná suíochán Blyth Valley, baile in Northumberland a bhí ina baile mianadóireachta tráth agus ina raibh an suíochán parlaiminte ag páirtí an Lucht Oibre ó 1950.

In Albain bhí ollbhua ag an SNP a bhuaigh formhór na suíochán, toradh a fhágann go dtreiseoidh ar an gcaint faoin dara reifreann faoi neamhspleáchas na tíre sin.

Ba iontach an bua é do Boris Johnson a mbíodh daoine ina pháirtí féin fiú ag déanamh beag is fiú dó tamall de bhlianta ó shin agus mórán den tuairim gur ghaige ábhairín gamalach a bhí ann nach raibh aon ní coir i ndán dó.

Níos mó