Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

4 áit saoire le gormacha an Eanáir a chur díot

| PEIG |

Cinque Terre, an Iodáil

Deirtear gurb é an bealach is fearr le Cinque Terre a bhaint amach ná dul ó aerfort Genoa nó Pisa agus traein a fháil a théann díreach ann. Ceantar cois farraige le cúig shráidbhaile atá i gceist le Cinque Terre: Monterosso, Vernazza, Corniglia, Manarola agus Riomaggiore agus níl aon amhras ach go bhfuil go leor rudaí le déanamh san áit dheas iargúlta ghleoite seo.

Coisíocht

Tá rogha ann cuairt a thabhairt ar gach baile ar bhus, traein, bád nó is féidir leat siúl ó áit go háit. Tógann sé cúig huaire nó mar sin dul díreach ó Monterosso go Riomaggioretrí trí na bailte beaga ar fad sa dúiche. Leis seo a dhéanamh caithfear Cárta Treno Cinque Terre a cheannach. Deirtear nach bhfuil ach bróga maithe de dhíth.

Cuairt a thabhairt ar Vernazza

Deirtear gurb í Vernazza an áit is deise in Cinque Terre. Baile beag gleoite atá ann a bhíonn i gcónaí plódaithe le daoine. Moltar cadhc a fháil ar cíos le dul ann nó dul ag snámh san fharraige. Tá clú agus cáil freisin ar Séipéal Santa Margherita d’Antiochia freisin, foirgneamh a bhfuil an-chuid staire ag baint leis.

Bia agus Fíon

Sainbhia de chuid na háite iad na hainseabhaithe anseo. Chomh maith leis sin, toisc go bhfuil an Cinque Terre suite ar aghaidh sléibhe, fástar go leor fíonchaor ann agus moltar triail a bhaint as an bhfíon áitiúil chun blaiseadh de shlí mhaireachtála na háite a thabhairt duit féin.

Prág, Poblacht na Seice

Is í Prág príomhchathair Phoblacht na Seice agus an chathair is mó sa tír sin freisin. Ailtireacht agus stair is mó a mheallann daoine chun na cathrach seo agus tá sé éasca an áit a bhaint amach toisc go bhfuil aerfort Václav Havel in aice láimhe.

Turas faoi thalamh Phrág

Bíonn Prague Underground Tours i gceannas ar an turas timpeall na dtithe meánaoiseacha i lár na cathrach. Tabhair cuairt ar na catacómaí agus foghlaim faoi stair ársa na háite. Cosnaíonn an turas gearr ach fiúntach seo 410 CZK nó €16.

Balla John Lennon

Suíomh saor in aisce é Balla John Lennon atá suite i Kampa. Is fiú cuairt a thabhairt ar an mballa a léiríonn síocháin agus grá, balla atá clúdaithe le liricí John Lennon. Tá cead ag turasóirí tarraingt ar an mballa seo freisin agus deis fótagrafaíochta den chéad scoth atá inti.

Tabhair cuairt ar na músaeim

Tá liosta fada de mhúsaeim suite i bPrág, rud a léiríonn gur áit ársa agus saibhir ó thaobh cultúir de é. Ó stair an chumannachais go stair Cheantar na nGiúdach, tá ábhar spéise ann do gach duine. Moltar go láidir buail isteach chuig an ‘Apple Museum,’ áit ina dtugtar ómós do Steve Jobs don mhéid a bhain sé amach ina shaol.

Dún na nGall, Éire

Tá Dún na nGall i gCúige Uladh agus deirtear gurb é ceann do na contaetha is áille atá againn. An t-aon phíosa comhairle atá againn duit ná go bhfuil carr ag teastáil chun Dún na nGall a fheiceáil i gceart.

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Deirtear gurb é an áit is deise i nDún na nGall ná an pháirc náisiúnta agus an caisleán i nGleann Bheatha. Tá tointeálaí ar fáil idir an pháirc agus an caisleán agus níl ach costas €2/€3 air. Tá sé ar oscailt ó dhubh go dubh i rith na séasúr ar fad den bhliain.

Cionn Mhálanna

Is í seo an áit is faide ó thuaidh in Éirinn agus is álainn an áit í. Feictear cuid de na dumhcha gainimh is mó san Eoraip ansin agus nuair a thagann taoide thráite is féidir leat an raic don bhád ‘Twilight’ ó 1889 a fheiceáil. Tá rud éigin ag Cionn Mhálanna do chách! Is féidir leat dul ar shiúlóid, ag iascaireacht, ag snámh nó ag grianghrafadóireacht.

An Earagail

Tá cáil mhór ar an Earagail mar shliabh a bhfuil an-chuid draíochta agus mistéire ag baint léi. Tá oidhreacht áitiúil shaibhir ag baint léi agus is dochreidte an radharc atá air ó gach acra talún leis na mílte ina timpeall. Moltar duit iarracht a dhéanamh í a dhreapadh. Bíonn dúshlán faoi leith ag baint leis seo ach geallann muid daoibh – is fiú go mór é nuair a nochtar an fhairsinge ar bharr na sléibhe duit den chéad uair.

Búdaipeist, an Ungáir

Is í Búdaipeist príomhchathair na hUngáire, tír atá lonnaithe idir an Ostair agus an Rómáin. Is cathair í a bhfuil an-chuid staire ag baint leis a bheadh foirfe le haghaidh deireadh seachtaine ar saoire san Eoraip. Tá go leor rudaí le déanamh ann ach don alt seo roghnaigh muid na trí cinn is fearr dar linn.

Foirgneamh Pharlaimint na hUngáire

Is iontach an radharc é ón bhfoirgneamh Gotach a mbaintear úsáid as do pharlaimint na tíre. Tógadh é ag tús an chéid seo caite. Tá gréas casta ar gach balla taobh istigh agus taobh amuigh den struchtúr álainn seo. Tá costas iontrála i gceist ach níl sé costasach – thart ar €10.50 do dhaoine fásta agus €5.70 do mhic léinn.

An Danóib

Téann an abhainn seo tríd an chathair ar fad agus is í ceann de na haibhneacha is faide ar domhan. Moltar an Danóib a fheiceáil trí thuras báid a dhéanamh. Níl mórán costais ag baint leis seo – €10.00 don duine nó mar sin. Is féidir dinnéar iomlán a bheith agat ar an abhainn chomh maith – ceann a bheadh go deas do na lánúineacha amuigh ansin.

Oileán Margaret

Is seantearmann don tsealgaireacht é OileánMargaret ach anois is páirc phoiblí í. Tá go leor nithe le déanamh ann, ach is é an ceann is fearr ná an túr uisce sa pháirc a dhreapadh. Tá radharc álainn ag barr an túir ar an ngairdín Seapánach agus ar an ngairdín rós istigh ann. Tá fothrach ann ó shéipéal agus clochar a bhí ann fadó freisin. Bíodh seo ar do liosta agus tú ar chuairt i mBúdaipeist.