Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘aire-sinsearach-don-ghaeltacht’-agus-tri-eileamh-toghchan-eile-nochta-ag-conradh-na-gaeilge

‘Aire sinsearach don Ghaeltacht’ agus trí éileamh toghchán eile nochta ag Conradh na Gaeilge

Ceithre phríomhéileamh a bheidh ag Conradh na Gaeilge ar na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir a bheidh san iomaíocht in olltoghchán na míosa seo chugainn.

Deimhníodh do Tuairisc.ie gurb iad na héilimh réamhthoghcháin a fhógróidh Conradh na Gaeilge go luath ná Aire Sinsearach don Ghaeltacht,  breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Julian de Spáinn nach raibh “aon amhras” ach go raibh “tábhacht ar leith” leis an éileamh go mbeadh aire sinsearach sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ann ó bhí Pat Carey ina aire Gaeltachta ag Fianna Fáil roimh thoghchán 2011. Ó shin i leith, cheap Fine Gael triúr airí sóisearacha chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, Joe McHugh agus Seán Kyne.

Bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge in 2017 dúirt 81% den phobal gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air nó uirthi.

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh geallúint a fháil chomh maith ó na páirtithe agus na hiarrthóirí olltoghcháin go léir go dtacóidís le breis infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Beidh polasaí náisiúnta oideachais don Ghaeilge á éileamh chomh maith ag an eagraíocht teanga agus iad i mbun stocaireachta as seo go ceann trí seachtaine.

Baineann an ceathrú héileamh ag Conradh na Gaeilge leis an mbille teanga atá ar ar cheann de na píosaí reachtaíochta a bheidh thíos leis an olltoghchán luath.

Bhí an reachtaíocht don Ghaeilge,  a rabhthas ocht mbliana ag fanacht uirthi, le bheith os comhair na Dála ach a bhfillfeadh sí amárach.

Bhí easaontas mór idir an Rialtas agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta nuair a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite í agus cháin saineolaithe éagsúla an dréachtreachtaíocht chomh maith.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an bhille agus mhaígh siad go bhféadfadh sé “cothrom na Féinne agus comhionannas a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ón Stát den chéad uair riamh” agus “éagóir stairiúil” a chur “ina ceart”. 

Bhí sé sin “ar fad ag brath”, áfach, ar leasuithe a bheith déanta ar an mbille i dTithe an Oireachtais agus beidh bille teanga “níos láidre” a éileamh acu mar chuid dá bhfeachtas stocaireachta d’olltoghchán 2020.

Léirigh formhór na n-iarrthóirí a toghadh chun an 32ú Dáil a gcuid tacaíochta do na héilimh réamhthoghcháin a bhí ag Conradh na Gaeilge in 2016 ach níor ghlac an rialtas leo ar fad.

Níor glacadh le héileamh réamhthoghcháin an Chonartha an uair sin go gcuirfí aire sinsearach i bhfeighil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dhíultaigh an Taoiseach ag an am, Enda Kenny, a leithéid de gheallúint a thabhairt roimh an toghchán agus cé go ndúirt Fianna Fáil i ndiaidh an toghcháin go gcuirfí aon mhargadh maidir le bunú rialtais ó mhaith sa chás nach mbeadh aire sinsearach don Ghaeltacht mar chuid den mhargadh sin, rinne siad socrú le Fine Gael gan a leithéid a éileamh.

€18 milliún breise a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge in 2016, éileamh nár chuathas gar dá chomhlíonadh cé go ndeir an eagraíocht teanga go ndearnadh “roinnt mhaith dul chun cinn” sna buiséid ó shin.

€6.687 milliún a bhí i mbuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta in 2015 agus €10 milliún a bheidh aige i mbliana. Is ar éigean gur tháinig aon athrú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó 2016, ach meastar go raibh baint mhór ag an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh leis sin.

Ghlac an rialtas a bunaíodh tar éis olltoghchán 2016 le ceann eile de phríomhéileamh an Chonartha, go mbunófaí coiste oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, coiste atá ag feidhmiú ó shin faoi chathaoirleacht an Teachta Dála neamhspleáigh as Gaillimh, Catherine Connolly.

Beidh Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta faoin mbrat #Gaelvóta le linn fheachtas olltoghcháin 2020. Deirtear go mbunófar fóram gnímh mar chuid d’fheachtas #Gaelvóta agus go gceapfar stiúrthóir i ngach dáilcheantar chun brú a chur ar iarrthóirí agus na héilimh a chur chun cinn.

Foilseofar liosta de na hiarrthóirí atá ag tacú leis na héilimh roimh lá na vótála.

Dúirt Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie tráthnóna inné gurb é an dúshlán is mó atá roimh an eagraíocht

ná a chinntiú go mbeadh ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta i lár an aonaigh agus tacaíocht na n-iarrthóirí a mhealladh.

Cuirfear ceist ar gach iarrthóir a sheasfaidh in Olltoghchán 2020 cé acu an mbeadh nó nach mbeadh siad sásta a gcuid éileamh a chur chun cinn sa Dáil dá dtoghfaí iad.

Beidh ceathrar ón nGaeltacht ag súil lena suíocháin i dTeach Laighean a choinneáil: Joe McHugh agus Pearse Doherty i nDún na nGall agus Seán Kyne (FG) agus Éamon Ó Cuív (FF) sa Ghaillimh. 

Beidh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir, as na Rosa, fear a thug dhá thréimhse sa Dáil cheana agus a bhí ina Fheisire Eorpach freisin, ag iarraidh suíochán a bhaint amach d’Fhianna Fáil i nDún na nGall chomh maith.

Ó dheas, beidh an Comhairleoir Aindrias Ó Muineacháin (FF) ag iarraidh suíochán a fháil sa dáilcheantar Corcaigh Thiar-Thuaidh, mar a bhfuil Múscraí Uí Fhloinn.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge