Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

An Breatimeacht, an toghchán, achtanna Gaeilge agus sobaldráma Washington

| PEIG |

An tús céanna a bheidh le 2020 is a bhí le 2019 – an Breatimeacht, an Breatimeacht, an Breatimeacht. Tá Boris Johnson slán sábháilte in Uimhir 10 go ceann cúig bliana agus an comhaontú a rinne sé leis an Aontas Eorpach ceadaithe ag an bParlaimint. Níl muid ach ina thús ó thaobh an Breatimeacht seo a chur i bhfeidhm. Anois a gheobhaidh muid léargas ceart ar a bhfuil i ndán dúinn i saol nua na trádála. Beidh lucht gnó, feirmeoirí agus chuile earnáil ghnó eile ag faire go géar go bhfeicfidh siad céard a bheidh á aontú le linn na tréimhse eatramhaí. Beidh muid ag comhaireamh freisin, ar feadh an ama. Cén praghas atá á íoc ag pobal na hÉireann, go heacnamúil agus go sóisialta, as an scéal ar fad? Scéal do lá eile é ach d’fhéadfadh nach mbeadh rath ar na cainteanna agus go mbeadh muid ag caint arís taca an ama seo an bhliain seo chugainn faoin bhagairt An Bhreatimeachta gan mhargadh.

Olltoghchán

Tá a fhios againn go mbeidh olltoghchán againn sa gcéad leath de 2020. Ní haon scéal nuachta go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael in iomaíocht lena chéile le bheith i gceannas ar an rialtas sin. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an toghchán seo don dá dhream. Tá súil ag Fine Gael an tríú téarma rialtais as a chéile a bhaint amach den chéad uair riamh agus ar ndóigh beidh Fianna Fáil dírithe ar a chruthú go bhfuil siad ar ais ina neart. Creidim go bhfuil an pobal iompaithe in aghaidh an rialtais seo. Cé go raibh súil ag an rialtas teacht i dtír ar an dea-obair atá déanta acu ag cur chás na hÉireann chun cinn le linn sháinn an Bhreatimeachta go dtí seo, is mithid a rá go bhfuil nithe níos gaire do bhaile ag dul i bhfeidhm ar an bpobal. Tá an-dochar déanta ag an ngéarchéim tithíochta don chomhaireacht, mar shampla.

Ní hin le rá gurb iad Fianna Fáil a bhainfidh tairbhe as sin. Is iomaí duine sa pháirtí sin atá bréan den socrú muiníne agus soláthair. Feictear dóibh go bhfuil Micheál Martin ag damhsa rómhór de réir phort Varadkar le blianta anois.

Agus ós ag caint ar dhamhsa mé nach ann a bheidh an spórt ag faire ar na páirtithe ar fad ag damhsa thart ar a chéile agus iad ag iarraidh na seansanna le comhrialtas a bhunú eatarthu a mheas?

Achtanna teanga, thuaidh agus theas

Tá an 13 Eanáir, an sprioc faoina gcaithfear beart a dhéanamh i dtaobh athbhunú Stormont, ag teannadh linn. Beidh éileamh an phobail náisiúnaigh agus rialtas na hÉireann go mbeadh stádas ag an teanga ó thuaidh agus cearta ag lucht a labhartha lárnach in aon réiteach. Ó tharla cinniúnt na bpáirtithe a bheith athraithe ag toghchán Westminster, beidh sé spéisiúil toil na bpáirtithe a fheiceáil. An mbeidh an scéal ar fad ag brath ar Acht Teanga? Shílfeá go bhfuil go leor eile le réiteach freisin.

Anseo ó dheas tá an bille leis an Acht Teanga a leasú pléite, faofa agus foilsithe ag an rialtas. Tá go leor spriocanna uaillmhianacha sa bhille gan aon tréimhse ama luaite le go leor acu. Tá imní ann ar ndóigh, nach mbeidh ar chumas an státchórais mianta na reachtaíochta a chomhlíonadh. An cheist eile, an bhféadfadh go dtarlódh tubaiste nó timpiste a thabharfadh olltoghchán chun cinn? Agus céard a tharlódh sa gcás sin don reachtaíocht nach bhfuil rite?

Sobaldráma Washington

Bhí rath agus cáil ar an tsraith teilifíse House of Cards nó gur thuig lucht a dhéanta (roimh scannal Kevin Spacey) nach bhféadfaidís aon ábhar a chruthú a bheadh chomh maith leis an méid a bhí ag tarlú beo beathach sa Teach Bán. Ó toghadh Donald Trump i mí na Samhna 2016 is iomaí sin scéal, ráfla, finscéal agus scéal sí atá cloiste againn as Washington.

Ag tús 2020 cuirfear caibidil nua leis an dráma. Tá Donald Trump le táinseamh tráth a bhfuil réamhthoghchán na nDaonlathach ag bailiú nirt. Tá an táinseamh bunaithe ar chúiseanna faoi mhí-úsáid chumhachta nuair a lorg sé fiosrúcháin faoi ghnó Hunter Biden san Úcráin. Hunter, mac Joe Biden, iarLeas-Uachtarán agus rogha na coitiantachta d’ainmniúchán na nDaonlathach don toghchán uachtaránachta. An bhfuil mearbhall ort go fóill? Níor mhór do dhuine a bheith grinn le gnéithe éagsúla den scéal seo a leanacht.

An Ghéarchéim Aeráide

D’fhógair rialtas na hÉireann géarchéim aeráide go hoifigiúil in 2019. D’fhógair Parlaimint na hEorpa an rud céanna. Tugadh an ghéarchéim chun suntais i rith na bliana de bharr agóidí idirnáisiúnta agus an tonn ghlas tháinig chun cinn sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha. An mairfidh an tonn sin i mbliana? Inseoidh an t-olltoghchán an scéal sin. Cé go bhfuil aidhmeanna i leith na timpeallachta á léiriú ag an uile pháirtí anois, is beag atá déanta againn mar thír go dtí seo. Deir an tAire Richard Bruton go ndéanfaidh muid ár gcion ach an mbeidh daoine sásta íoc as an iarracht? Tá brú ó dhaoine óga ag dul i bhfeidhm ar dhaoine fásta ar fud na cruinne. An áit a bhfuil an buille i mbliain toghcháin ná nach bhfuil aon vóta ag an gcuid is mó de na daoine óga.