Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-bhfada-ata-ar-thraein…

Ár bhFada atá ar thraein…

Is le fada an lá atá daoine a bhfuil ainmneacha Gaelacha orthu — iad siúd a bhfuil síneadh fada san ainm go háirithe — ag clamhsán faoi Iarnród Éireann agus na hainmchláir dhigiteacha a thaispeántar os cionn na suíochán ar thraenacha in Éirinn. Ach tá ‘fadhb an tsínidh fhada’ réitithe anois ar deireadh thiar thall ag an gcomhlacht traenacha.

Is féidir suíochán a chur in áirithe roimh ré ar thraenacha de chuid Iarnród Éireann, agus taispeántar ainm agus sloinne an duine a cheannaigh an ticéad os cionn an suíocháin ar an traein. Go dtí seo, dhéantaí praiseach ceart den ainm agus den sloinne sa chás go raibh síneadh fada ar cheachtar acu. Ní raibh córas Iarnród Éireann in ann déileáil leis na litreacha Gaelacha seo agus chuirtí siombailí aisteacha ina n-áit.

Bhí an fhadhb ina údar mór gearáin agus clamhsáin ar feadh na mblianta — ní hamháin i measc cainteoirí Gaeilge na tíre ach i measc daoine gan Gaeilge a bhfuil ainm Gaeilge orthu. Bliain i ndiaidh bliana gheall Iarnród Éireann gur fadhb ghearrthéarmach a bhí ann agus go rabhthas ag obair ar réiteach na ceiste. 

Tá gearáin le feiceáil ar na meáin shóisialta ag dul chomh fada siar le 2011, agus an freagra céanna á thabhairt ag Iarnród Éireann ó shin i leith orthu. 

Dúirt an comhlacht le Tuairisc.ie go raibh an fhadhb réitithe acu in 2015 ach níorbh fhíor a scéal.

Ach inné bhí bainisteoir an stáisiúin Raidío Rí Rá, Niamh Ní Chróinín, ar thraein de chuid Iarnród Éireann agus thug faoi deara go raibh a hainm litrithe i gceart os cionn a suíocháin — an trí shíneadh fada san áireamh. 

Anuraidh cháin an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill Iarnród Éireann ina thuarascáil bhliantúil agus dúirt gur sárú ar an dlí a bhí i gceist nár taispeánadh ainmneacha i gceart ar na traenacha. 

“B’ait liom go gcuirfeadh comhlacht poiblí in Éirinn córas comharthaíochta isteach nach bhféadfadh ainmneacha paisinéirí atá sa teanga náisiúnta a léiriú go cruinn ná an dínit agus an chúirtéis a thabhairt dá phaisinéirí a n-ainmneacha Gaeilge a litriú mar a tugadh d’Iarnród Éireann iad,” a dúirt an Coimisinéir Teanga

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge