Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceard-a-rinne-an-impireacht-duinne?

Céard a rinne an Impireacht dúinne?

Bhí mé sách mall ag teacht chuige, ach an tseachtain seo caite léigh mé an leabhar iomráiteach Sapiens leis an Ollamh Yuval Noah Harari (foil. 2014). Cé go mbíonn amhras orm i gcónaí faoin bpopeolaíocht — an féidir stair 70,000 bliain an chine daonna a chur i 500 leathnach? — thaitin an leabhar seo liom den chuid ba mhó. 

Tugadh léargas leathan ar an stair sin ón tréimhse ‘réamhstaire’ (téarma nach nglacann an t-údar leis) tríd an Réabhlóid na Cognaíochta, Réabhlóid na hEolaíochta, Réabhlóid na Tionsclaíochta agus chomh fada le rud ar a dtugann an t-údar “Réabhlóid an Daonnachais” — stair chuimsitheach agus go leor le plé ann. 

Chuir cuid mhaith den ábhar a pléadh ag smaoineamh mé faoin domhan ina maireann muid agus faoin domhan atá amach romhainn, d’aontaigh mé le cuid de, d’easaontaigh mé le cuid de agus d’fhoghlaim mé go leor. 

Ach bhí dhá rud ann nár thaitin liom sa leabhar — cuid de na rudaí a dúradh faoi stádas na mban ó thús ama agus an chaoi ar pléadh tionchar an impiriúlachais i stair an chine daonna. Déarfaidh an t-údar, is dóigh, gur ag tabhairt léargas neamhchlaonta ar an stair a bhí sé agus na hábhair sin faoi chaibidil aige ach, mar is eol dúinne Gaeil, ní bhíonn an stair neodrach riamh — cuma cé atá á ríomh. 

Fágfaidh mé na gearáin faoi cheist na mban faoi na mná, tá i bhfad níos mó údaráis acusan locht a fháil ar a smaointeoireacht ná mar atá ag fear eile. Ach tabharfaidh faoi a chuid smaointeoireachta ar choincheap an impiriúlachais le fonn. 

Sular thosaigh sé ag plé an impiriúlachais, mhínigh Harari go soiléir gur minic a tharla sé, agus a tharlaíonn sé go fóill, go mbíonn an smaoineamh céanna ag beirt eolaithe/innealtóirí/mhúinteoirí etc agus go bhforbraítear rudaí atá an-chosúil le chéile i sochaithe nach raibh riamh i dteagmháil lena chéile — coincheap an airgid mar shampla, nó droichid, nó tithe, nó go deimhin, Teoiric na hÉabhlóide. Glacann muid leis mar sin, gur féidir le sochaithe éagsúla rudaí a dhearadh a chabhróidh leo sa saol gan tionchar ó shochaí eile a dhear an rud nach mór ceannann céanna. 

Mar sin féin, cúpla caibidil ar aghaidh sa leabhar, agus ceist an impiriúlachais á cíoradh ag an Ollamh, cuireann sé ina luí orainn nach féidir an t-impiriúlachas agus an coilíneachas a cháineadh go huile is go hiomlán. Ní hé go maíonn Harari go ndearna an coilíneachas maitheas mhór don chine daonna — ach maíonn sé go ndearna sé maitheas bheag, agus go mb’fhéidir gur gá dúinn a bheith buíoch as seo. 

Luann sé na forbairtí a thug lucht an choilíneachais do thíortha eile agus na buntáistí a bhain na pobail dúchais as an gcineáltas seo — bóithre iarainn, carranna, teicneolaíocht nua, bia nua agus araile.

Ach má leanann muid smaointeoireacht an údair sna caibidil roimhe sin, caithfear glacadh leis go bhféadfadh na pobail agus sochaithe a ionsaíodh agus a díbríodh ó dhroim an domhain teacht aníos leis an teicneolaíocht chéanna.

Níos fearr fós, nuair a bhreathnaíonn muid ar an domhan sa lá atá inniu ann, má éiríonn le heolaithe sa bhFrainc trealamh nua teicneolaíochta a fhorbairt is féidir leo an teicneolaíocht nua sin a dhíol nó a bhronnadh le muintir na hAilgéire — ní gá dóibh ionradh a thabhairt faoin tír leis an dea-scéal a scaipeadh. 

Tá sé gránna agus mí-chúramach an smaoineamh gur chabhraigh lucht an choilíneachais leis na daoine a chuir siad faoi chois a chur chun cinn. Níl ré an choilíneachais thart go fóill, agus sa gcuid sin den domhan a bhfuil ré an iar-choilíneachais i réim (ár dtírín féin san áireamh), ní chabhraíonn an normálú seo ar an gcoilíneachas ar chor ar bith.

Tá leabhar Yuval Noah Harari taitneamhach, ach ná slogtar gach a bhfuil ann. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge