Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dea-ruin-do-ghaeil-ghlasa-in-2020

Dea-rúin do Ghaeil Ghlasa in 2020

| An Gael Glas |

Tá na 2020idí buailte linn, agus níos lú ná deich mbliana fágtha go 2030, an sprioc mhór atá luaite ag an Aontas Eorpach don athrú aeráide. Bhíothas ag súil go laghdófaí astú ceaptha teasa an AE 40% faoin mbliain sin, ach thug an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le fios anuraidh nach mbainfí an sprioc sin amach.

Ar ndóigh, is gá d’údaráis na dtíortha gníomhú le sprioc chomh mór sin a bhaint amach, agus ní féidir linne, daoine aonair atá buartha faoina bhfuil i ndán don chomhshaol, athruithe móra millteacha a chur i bhfeidhm, ach is féidir linn rudaí beaga a dhéanamh.

Iarraim oraibh, Gaeil Ghlasa, ceann amháin de na hathruithe beaga a leanas a dhéanamh agus a bheith ag smaoineamh ar an gcomhshaol leochaileach agus muid ag tabhairt aghaidhe ar dheichaois nua.

Caith uait an scuab plaisteach fiacla 

Níl leithscéal ar bith agat anois a bheith ag cur le líon na scuab plaisteach fiacla atá á gcarnadh i ndumpaí na hÉireann. Is féidir scuab fiacla adhmaid (bambú den chuid is mó) a cheannach go héasca i siopaí glasa ar nós The Filling Station i gcathair na Gaillimhe, Small Changes i mBaile Átha Cliath, ag margaí ar fud na tíre, agus ar líne. Tá síntiús agamsa le comhlacht a sheolann scuab nua bambú chugam gach trí mhí sa phost.

Athraigh an aiste bia de bheagán

Feicfidh tú go leor pictiúr ar na meáin shóisialta sna seachtainí amach romham de mhiasa folláine ildaite agus an saol is a mháthair ag tabhairt faoi Vegánair. Tá sé deacair a leithéid a dhéanamh agus boscaí seacláide fós scaipthe ar fud an tí i ndiaidh na Nollag. Ní gá duit a leithéid d’athrú mór millteach a dhéanamh le difear a dhéanamh. Más maith leat a bheith i do veigeán feasta, coinnigh ort, ach ná ceap gur gá duit an t-athrú mór a dhéanamh.

D’éirigh cara liom as feoil fhola a ithe cúpla bliain ó shin, tá mise i mo veigeán nuair is féidir liom ach i mo veigeatóir den chuid is mó, agus tá cara eile liom fós a bhíonn ina veigeatóir i rithe na seachtaine ach a itheann feoil i dteach a mháthar tráthnóna Dé Domhnaigh!

Déan do chuid taighde agus déan an t-athrú is fearr duitse. Seans go mbeifeá compordach a bheith i do veigeán amach anseo, ach ná dearmad go mbíonn blas ar an mbeagán!

Ceannaigh rothar

Ok, ní fhéadfainn a mhaíomh gur “rud beag” é ceannach rothair — bíonn cúpla céad ar a bhformhór — ach is féidir liom a mhaíomh go sábhálfaidh tú an t-uafás airgid i rith na bliana má cheannaíonn tú ceann an mhí seo. Bíonn sladmhargaí ar siúl an tráth seo bliana sna siopaí maithe rothar, agus níos fearr fós bíonn leithéidí Adverts.ie, Gumtree agus DoneDeal lán go béal le rothair úrnua agus athláimhe agus daoine ag fáil réidh le bronntanais nach dteastaíonn uathu, nó a seanrothair i ndiaidh dóibh ceann nua a fháil don Nollaig.

Ní féidir liomsa cur síos níos fearr a dhéanamh ar bhuntáistí an rothair ná mar a rinne Rónán Ó Dálaigh ar NÓS cúpla mí ó shin. Mar a deir Rónán, sábhálfaidh tú an oiread sin airgid ar bhreosla cairr nó ticéid bus amháin, gan chaint ar na buntáistí sláinte a bhaineann leis an rothaíocht.

Mura rothaí thú, ná bí buartha, tá an dá chos chomh maith céanna le dhá roth! Déan iarracht ‘taisteal glas’ a dhéanamh níos minice i mbliana. Siúl chun na hoibre nó an choláiste, tóg an traein (tá brón orm a mhuintir Thír Chonaill), nó an bus nuair is féidir, agus má tá grúpa agaibh ag dul áit éigin, brúigh an oiread daoine agus atá suíocháin isteach sa charr.

Mearfhaisean

Tháinig an téarma fast fashion chun cinn go mór i saol an Bhéarla anuraidh. Bhí a fhios againn uilig nach raibh na comhlachtaí ar NÓS Penny’s, Next, Zara, agus H&M ag cabhrú leis an gcomhshaol (ná lena gcuid oibrithe go deimhin) ach tarraingíodh aird an domhain ar an gceist i gcaitheamh na bliana seo caite trí shraith cláracha faisnéise agus postálacha ó thionchairí móra ar Instagram.

An bealach is saoire leis an mearfhaisean a sheachaint ná éadaí a cheannach i siopaí carthanachta nó do chuid éadaí féin a dhéanamh. D’fhéadfá dul an treo eile agus gan ach éadaí ardchaighdeáin a dhéantar in Éirinn a cheannach ach bíonn siad sin thar a bheith costasach.

Caith é go mbeidh sé caite, mar a deir an nuafhocal!

Labhair le do chairde faoin mearfhaisean freisin – chaill cara liom go leor meáchan le déanaí agus tháinig mála mór éadaí i mo threo-sa!

Tabhair aire don cheantar thar timpeall ort

 
Tá an ceann seo thar a bheith éasca ach is beag duine a dhéanann é. Is iomaí bealach is féidir aire a thabhairt don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí nó ag obair. Má tá spás agat do phlandaí i ngairdín, i gclós, nó ar bhalcóin cur plandaí ann agus cabhraigh leis na beacha! Má tá tú i do chónaí amuigh faoin tuath, cur crann nó dhó ar do chuid talún a thabharfaidh foscadh do na héin agus bláthanna do na beacha.

Is iondúil go mbíonn coiste comhshaoil ag bailte móra. Ní gá duit a bheith i do bhall den choiste, ach coinnigh cluas leo agus gabh amach uair sa mí ag glanadh na páirce, na trá, nó na coille áitiúla. Ní thógfaidh sé ach uair a chloig as an 720 uair an chloig atá agat gach mí!

Níos mó