Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Ná ligimis do cheo na staire an todhchaí gheal a cheilt orainn

| Dáithí Anraí | ,

Concubhar Ó Liatháin

Buaileadh bob orainn an tseachtain seo.

An dream atá i gceist agam le ‘orainn’ ná sinne ar mhaith leo athaontú na tíre a bhaint amach go síochánta.

Is é an rud glic seo a bualadh mar bhob orainn ná gur shamhlaíomar – agus cuid againn, creidimid go fóill é – gur againne a bhí an bua!

Nuair a tháinig sé chun solais go raibh an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan, ag beartú ócáid chomórtha stáit don RIC agus an DMP, an dá fhórsa póilíneachta a bhí in Éirinn óna 1820í go dtí 1922, bhrostaigh gach poblachtóir go dtí na barracáidí – bhuel na meáin mhíshoisialta – chun an Phoblacht a chosaint in éadan an chomórtha náirigh seo.

Bhí gach poblachtóir ag sárú a chéile le caint bhladhmannach chun an raidhfil a d’fhag ár seanathracha ar leataobh a phiocadh suas chun a gcuimhne a chosaint sa bhearna bhaoil, faoi lámhach na bpiléar (meafarach) ó na léinte gorma agus na hathscríbhneoir staire.

Dúirt Mícheál Ó Máirtín, ceannaire FF, go raibh an cinneadh a léithéid de chomóradh a reáchtáil místuama agus ná raibh sé ag teacht leis an gcur chuige staidéartha agus tomhaiste a bhí ann go dtí sin.

Bhí Uachtarán SF, Mary Lou McDonald, níos láidre fós ag iarraidh go gcuirfí an ócáid ar ceal láithreach.  A leithéid d’athscríobh ar an stair ag rialtas na tíre! Ní náire go dtí é.

Níor mhair ‘éirí amach’ Charlie Flanagan go dtí an Mháirt – mhair Éirí Amach na Cásca ón Luan go  dtí an Satharn ar a laghad – agus bhí an brat bán in áirde aige ag am tae Dé Máirt.

Dúirt sé go raibh díomá air de bharr an aisfhreagra dhiúltaigh dá phlean – caithfidh go raibh díomá dhúbailte air nuair a dúirt a chomhgleacaithe rialtais féin – leithéidí Regina Doherty – gur féidir ná raibh machnamh ceart déanta aige ar a phlean.  

Faoi am tae ar an gCéadaoin bhí an Taoiseach ag caint go sollúnta faoin dochar a bhí déanta d’Éirinn Aontaithe mar gheall ar an aisfhreagra diúltach seo ar an bplean go mbeadh comóradh stáit ann don RIC is an DMP (agus ná dearúd gur ‘póilíní’ san fhórsa céanna ba iad na Dúchrónaigh is na Auxiliaries freisin).

Dar le Leo, a dúirt go raibh sé ar shon Éire Aontaithe agus gur mhaith leis an sprioc a bheith bainte amach agus é beo:

“We need to embrace and understand that shared history if we are going to build a united Ireland and it is my deep regret that this week embracing that shared history and moving towards united Ireland feels to me to be a little bit further away than it was before, and I regret that this is a setback for unity and a setback for reconciliation.

“I think that can be changed and I think there are lessons to learn and work to do.”

D’fhéadfá mé a leagadh le cléite nuair a chuala go raibh Leo Varadkar ina thacaí tréan d’Éirinn Aontaithe. Níl mo chuimhne chomh tinn leis an Alzheimers nach gcuimhním ar an bhfoláireamh fiochmhar fainiciúil ag rá go raibh aon chaint faoi Éirinn Aontaithe i gcomhthéacs an Bhreatimeachta ag teacht roimh am.  Ní rabhamar ullamh.

Ag an am céanna, tuigeann gach madra ar an mbaile go bhfuil an chaint faoi Éirinn Aontaithe dosheachanta mar gheall ar an tslí a bhfuil Rialtas na Breataine tar éis an cheist a láimhseáil agus an tacaíocht thréan a fuair an Breatimeacht ón DUP, in ainneoin chomh nimhneach is a bhí sé don phróiseas polaitiúil is do phrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí baill den DUP, an UUP agus Jim Allister ana-thapa chun leas a bhaint as an “bhfeall” a deineadh ar an RIC is an DMP leis an gcinneadh an comóradh stáit a chur ar athló – ghlac siad leis an eachtra seo mar léiriú ar an bhfailte fhuar a bhfaighidís, dar leo, in Éirinn Aontaithe.  Ba dheacair an locht a chur orthu – bhí an cúl lán ar oscailt agus chuireamar an liathróid go dtí a gcosa.

An rud nach dtuigeann an DUP agus eile ná go bhfuil imtharraingt pholaitiúil nach féidir a chur ar mhalairt treo ag tarraingt na cainte i dtreo na hÉireann Aontaithe. Ní chuireann éinne ceist orthu faoi cad iad na rudaí atá siad sásta géilleadh le go mbeadh daoine nach dá dtraidisiún iad ag iarraidh cónaí ina nAontas siúd. Tá cúis mhaith leis sin – tá an imtharraingt pholaitiúil ag tarraingt sa treo eile.  Ní gá ach an cur chuige atá acu i leith Acht Gaeilge ó thuaidh a thabhairt chun cuimhne chun a ndearcadh a léiriú.

Tá iarracht fhánach déanta ag Mary Lou McDonaldh an nimh a bhaint dá ráiteas faoin RIC le forógra go mbeadh sí sásta ceiliúradh náisiúnta ar an 12 Iúil a thairiscint in Éirinn Aontaithe. Faire fuithí nó níl ansan ach raiméis mar seachas an mórshiúl a bhíonn ann ar aon nós i dTír Chonaill gach samhradh, is ar éigean go mbeadh beirt nó triúr den Ord Oráisteach ag siúl na mbóithre in aon ócáid a bheadh urraithe ag Sinn Féin!

Ní bheadh aon dúil agamsa freastal ar a leithéid de cheiliúradh an oiread céanna is ná raibh rún agam ligint do chomóradh stáit ar an RIC/DMP/(Na Dúchrónaigh agus na Auxies) teacht idir mé féin agus sult a bhaint as an Aoine seo chughainn.  Bíodh sé acu. 

Tá cuimhne éigin againn ar fad ar bhaill den RIC ó chrann ginealaigh an phobail, cuid acu bhí siad maith agus sheas siad leis an bpobal, an chuid is mó sheas siad leis an Stát a bhí ann ag an am is rinne siad a ndualgas dá réir.

Tá siad á dtabhairt chun cuimhne de réir mar is cuí ag eachtraí éagsúla ar fud na tíre i rith na mblianta comórtha seo. Tá baint agam féin le hócáid a bheidh ar siúl i Múscraí i mí na Márta agus tá ball den RIC a thabhairt chun cuimhne an oiread is atá na baill den IRA a rinne luíochán air.

Tá a seal sna trínsí tugtha ag na seansaighdiúirí is seanphoilíní is seanóglaigh. Fúinne, sinne atá beo anois agus na glúinte atá le teacht, atá sé treo nua chun tosaigh a ríomh gan ligint do cheo na staire an todhchaí gheal atá os ár gcomhair a cheilt orainn.

Níos mó