Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nil-san-oige-ach-seal-–-seal-a-mhair-roghearr-do-mhuintir-mcginley

Níl san óige ach seal – seal a mhair róghearr do mhuintir McGinley

| Maire Treasa Ni Cheallaigh |

Bhí mé mall ag scríobh an ailt seo (mo leithscéal leis an eagarthóir a shaothraíonn an Déardaoin agus an Aoine ag fanacht liom) agus chuir mé an mhilleán ar scrúdú praiticiúil a bhí le déanamh ar maidin inniu, agus an mhoilleadóireacht a rinne mé inné ag ligean orm féin go raibh mé staidéar lena aghaidh. 

Rinne mé an scrúdú go moch ar maidin inniu, agus shuigh mé síos le cupán tae ag fáil faoi réir le mo chuid fuinnimh a chur isteach san obair seo. Ag dul ag scríobh ar chúrsaí spóirt san olltoghchán a bhí mé, agus bhí mo chuid tuairimí á gcruinniú agam, go dtí gur chuala mé na ceannlínte nuachta agus athair na bpáistí a bhásaigh i mBaile Átha Cliath ag caint ag a sochraid. Stop sé mé. 

Shamhlaigh mé an triúr páistí beaga, Conor, Darragh agus Carla nach raibh ach naoi, seacht agus trí bliana d’aois agus a nádúr agus a soineantacht a léirigh a n-athair bocht Andrew McGinley ag déanamh iarrachta guth a thabhairt do leanaí beaga a tógadh ón saol seo. 

Ní thugtar dóthain ama do shoineantacht páistí sa lá atá inniu ann. Déanann muid dearmad chomh simplí agus atá an saol do ghasúir. Níl uathu ach grá, comhluadar agus spraoi. 

Labhair Andrew Morley ar an gcraic a bhí acu, agus lena ghuth, d’fheadfá an saol a bhí acu le chéile a shamhlú. Chonaic mé iad ag spraoi leLEGO ar an urlár, agus chuimhnigh mé ar mo nia beag féin agus an time a bhí againn nuair a chaith muid cúpla lá in Legoland.  

D’inis sé dúinn faoin scoil agus an naíonra, agus níl duine ar bith againn a chuala é, nár chuimhnigh ar ghasúir suite ag boirdíní beaga ag dathú agus ag foghlaim. Labhair sé faoin gcaoi gur aimsigh sé na gasúir, básaithe sa mbaile, agus an tacaíocht a fuair sé ó na seirbhísí éigeandála a chaith chomh maith leis, in ainneoin an drochbhail gur dhóigh a chuir sé orthusan chomh maith.

Chuimhnigh mé ar thiománaithe otharchairr agus Gardaí agus seirbhísí dóiteáin a chuidíonn go laethúil le daoine agus a gcuid saoil ag titim óna chéile. 

Dúirt Andrew McGinley gur thuig sé anois céard é an ‘briseadh croí’, ag rá gur úsáid sé ró-mhinic é nuair a chaill foireann na hÉireann cluiche. Tuigeann sé anois an mhothú a bhaineann leis an croí agus anam a bheith tarraingthe amach as do chliabhrach, agus ní chuirfear caoi go brách ar an mbriseadh croí sin.

Labhair sé chomh macánta faoin bpian, agus níl duine ar bith a chuala faoin scéal nach bhfuil ag iompar cuid den chros sin leis le seachtain. Tá rudaí sa saol atá tábhachtach, cosúil le maoiniú spóirt don chaitheamh aimsire agus don sláinte, ach gan grá, tacaíocht, agus comhluadar, níl tada againn. 

Má tá aon daoine beaga i do shaol, ceannaigh uachtar reoite dóibh, dan teachín beag Lego, agus tug amach ag spraoi iad. Níl san óige ach seal, agus bhí sé i bhfad róghearr do Conor, Darragh agus Carla. 

Níos mó