Tomás ar a rothar arís!
Tá sé tosnaithe arís, ar aistear mór fada rothaíochta ar fuaid na hAstráile, na hEorpa, na hÁise agus ar dtús, na Nua-Shéalainne. Is é sin, rothaí an Bhuailtín, mar atá baiste air, Tomás Mac an tSaoir. 25,000 ciliméadar de bhóithre, gan éinne ina theannta ach a rothar! Dhá bhliain atá tugtha aige do féin chun an turas seo, a thosnaigh sé ar an 23 Eanáir. a chur i gcrích.
Bóthar Fada Abhaile atá Tomás ag tabhairt ar an aistear.
Dhein Tomás aistear 12,000 ciliméadar anuraidh ó híochtar go huachtar na hAfraice, agus é ina chaonaí aonair, aistear a thóg seacht mí. Dóbair go rug leon air lá amháin agus é ag tógaint sosa chun a lón a ithe fé scáth na gcrann. An chéad rud eile, chuala sé an t-osna agus an gheonaíl. Ní foláir nó go mboladháil an leon pé rud a bhí sa cheapaire ag Tomás. Má tá, theith Tomás leis ar cosa in airde!
Bhailigh sé os cionn €20,000 don gcarthanacht LIVE LIFE, a bhunaigh muintir an ógánaigh, Dónal Walsh ó Thrá Lí, nuair a cailleadh le hailse é in 2013..
Is féidir aistear Thomáis, atá 25 bliain d’aois, a leanúint anso.