Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-chead-chas-den-choroinvireas-in-eirinn-deimhnithe

An chéad chás den choróinvíreas in Éirinn deimhnithe

| Tuairisc.ie | ,

Tá an chéad chás den choróinvíreas in Éirinn deimhnithe.

Sa tuaisceart a thángthas ar an gcás a dhearbhaigh Áisíneacht Sláinte Phoiblí Thuaisceart Éireann tráthnóna agus duine an t-othar a tháinig ar ais ón Iodáil go dtí an stát ó dheas sula ndeachaigh sé ó thuaidh.

Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt an Dr Michael McBride a d’fhógair an scéal i mBéal Feirtse tráthnóna.

Dúirt sé go raibh an dara tástáil á dhéanamh ar an sampla i Sasana faoi láthair.

Ní raibh an Dr Michael McBride sásta a rá cé acu ar tháinig an té atá buailte ag an ngalar as Baile Átha Cliath ar an gcóras iompair poiblí nó nár tháinig.

Tá aonad ina gcoinneofaí othair leis an ngalar ó dhaoine eile ullmhaithe in Ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste.

Tá athbhreithniú á dhéanamh i gcónaí maidir le reáchtáil pharáid na Féile Pádraig agus ollchruinnithe eile.

An Royal Victoria Hospital, Béal Feirste

Níos túisce inniu, dúirt an té atá i bhfeighil ar phlean an WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Dr David Nabarro, go bhféadfadh an coróinvíreas scaipeadh “ráig i ndiaidh ráige”.

“Táthar ag ullmhú ar fud an domhain don a thuilleadh ráigeanna. Níl caite ach seacht seachtaine go dtí seo. Caithfear cur leis an obair ullmhúcháin,” arsa an Dr David Nabarro ar Today with Seán O’Rourke ar RTÉ.

Tháinig an rabhadh is déanaí ón WHO sna sála ar thuar a rinne ollamh le micribhitheolaíocht nach bhféadfaí an galar a sheachaint in Éirinn.

Dúirt an Dr Kim Roberts as Coláiste na Tríonóide ar Morning Ireland nach mbeadh aon éalú ón ngalar in Éirinn ach nár chóir ró-imní a bheith ar dhaoine faoi.

Chaithfí a bheith ullamh chuige agus an dochar a dhéanfadh an galar a laghdú a oiread agus is féidir, a dúirt sí.

Tá cásanna nua den ghalar aimsithe ar fud an domhain. I measc na dtíortha inar thángthas ar an gcéad chás den ghalar le lá anuas, tá an Eilvéis, an Spáinn, an Ghréig, an Danmhairg, an Ostair, an Rómáin, an Eastóin, an Mhacadóin Thuaidh agus an Chóiré Theas. Thángthas chomh maith inné ar an gcéad chás den ghalar sa Bhrasaíl.

Tuairiscíodh inniu go raibh toradh dearfach ar na tástálacha don ghalar a cuireadh ar bheirt othar eile sa Bhreatain, rud a fhágann gur 15 cás atá deimhnithe ansin.

Tá ordú tugtha ag Rialtas na Seapáine go ndúnfaí gach scoil sa tír ar feadh coicíse ar a laghad.

Tá cosc curtha ag an Araib Shádach ar oilithrigh thar tír isteach, cé nach bhfuil aon chás den víreas aimsithe sa tír sin fós.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron go raibh “eipidéim ar an mbealach” agus 18 cás deimhnithe cheana sa bhFrainc.

Tá 14 duine básaithe leis an ngalar faoin tráth seo i dtuaisceart na hIodáile agus táthar tagtha ar bhreis is 520 cás den choróinvíreas san Iodáil.

Níor thángthas ar aon chás in Éirinn fós ach cuireadh ar ceal an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil an mhí seo chugainn mar chuid den obair réamhullmhúcháin atá ar siúl.

Tá laghdú ag teacht i gcónaí ar líon na gcásanna nua sa tSín.

433 cás agus 29 bás a bhí i gceist sa tSín inné.

Níos mó