Tá sé i gceist ag Gaeloideachas córas nua a fhorbairt faoina dtabharfaidh tuismitheoirí agus daltaí gaelscoile geallúint maidir le labhairt na Gaeilge.
B’ionann an ‘Chairt Náisiúnta Teanga’ nua agus comhaontú idir tuismitheoirí, daltaí agus scoileanna faoi labhairt na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.
Tá plean Gaeloideachas do ‘Chairt Náisiúnta Teanga’ i measc na bpleananna a pléadh anuraidh ag cruinnithe de chuid an Fhóraim Forbartha Teanga a bhunaigh Foras na Gaeilge chun measúnú a dhéanamh ar obair na gceanneagraíochtaí Gaeilge.
De réir miontuairiscí na gcruinnithe sin, atá faighte ag Tuairisc.ie, tá sé i gceist ag Gaeloideachas an Chairt Náisiúnta Teanga agus Gradam Dea-Chleachtais a thabhairt isteach chun úsáid na Gaeilge a neartú lasmuigh den seomra ranga i nGaelscoileanna na tíre.
Is é a bheadh sa Ghradam Dea-Chleachtais ná aitheantas do scoileanna a dhéanann “sár-iarracht” maidir le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga.
Tugadh le fios ag na cruinnithe go mbeadh an Chairt Náisiúnta Teanga bunaithe ar chóras atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag.
Faoin chóras sin tugann daltaí, tuismitheoirí agus scoileanna “geallúint” maidir le húsáid na Breatnaise.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin go mbeadh sé tábhachtach go gcuirfí “na hacmhainní cuí” ar fáil don chairt agus go mbeadh dianchúrsaí teanga ar fáil do thuismitheoirí mar chuid den tionscnamh.
Pléadh chomh maith ag na cruinnithe den fhóram an meath atá tagtha ar líon na nGaelcoileanna atá á mbunú sa stát. Deir Gaeloideachas nach bhfuiltear ag freastal faoin gcóras bunaithe scoileanna atá ann faoi láthair ar an éileamh atá ann don oideachas lán-Ghaeilge.
Tá sé mar sprioc ag Gaeloideachas go mbeadh fáil ag gach tuismitheoir a bhfuil a leithéid uathu ar oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí.