Mórcheisteanna plé an Toghcháin seo
Cúrsaí Leighis
Deirtear go bhfuil an córas sláinte trína chéile i láthair na huaire, le liostaí feithimh fada agus daoine fágtha ar thralaithe mar gheall ar easpa leabacha sna hospidéil. Ceaptear freisin go bhfuil sochaí dhá leibhéal againn sa tír seo ó thaobh córas sláinte de. Tá cúram sláinte saor in aisce ag daoine atá cáilithe don cárta leighis agus árachas príobháideach ag roinnt eile. Do sciar suntasach den phobail áfach ní bhíonn an dara rogha ag gach duine eile ach táillí arda a íoc agus fanacht ar liostaí feithimh ar feadh na mblianta.
Rud atá i mbéal an phobail faoi láthair agus muid ag bogadh i dtreo Olltoghcháin ná Sláintecare. Is éard atá i gceist le Sláintecare ná athchóiriú atá molta do chóras sláinte na hÉireann, córas a bheadh bunaithe ar chúram agus ní ar ioncam agus bhí sé geallta le bheith curtha i bhfeidhm faoi 2019. Beidh le feiceáil céard a tharlóidh leis an bplean sin sa chéad rialtas eile.
Cúrsaí tithíochta
Ábhar atá ag barr gach forógra toghcháin faoi láthair ná cúrsaí tithíochta. Is í príomhchúis ghéarchéim na ndaoine gan dídean ná an córas tithíochta atá againn in Éirinn agus an drochstaid ina bhfuil sé. Tá 10,000 daoine gan dídean timpeall na tíre, daoine fásta agus páistí ina measc siúd agus tá méadú 280% tar éis teacht ar líon na ndaoine gan dídean le sé bliain anuas.
Ní féidir leis an gcóras tithíochta phoiblí in Éirinn freastal ar mhianta an tsochaí agus deirtear gur cheart go bhfeidhmíonn sé mar eangach shábhála do theaghlaigh agus daoine nach bhfuil in ann teach a fháil ar cíos go príobháideach toisc nach bhfuil sé d’acmhainn acu nó fiú mar gheall ar an easpa tithe atá ar fáil. Deirtear gurb é réiteach na faidhbe seo ná níos mó tithíocht shóisialta a thógáil, rud a luaitear sna forógraí ar fad. Is maith an scéalaí an aimsir mar a deirtear.
Athrú Aeráide
Fadhb chasta í an t-athrú aeráide agus deirtear mura ndéantar rud éigean faoi beidh an cine daonna i mbaol a dhíothaithe. Tá sé deacair achoimre a dhéanamh ar impleachtaí athrú aeráide ach ina measc siúd tiocfaidh stoirmeacha agus báisteach níos déine orainn agus ardóidh leibhéil díothaithe go tobann mar gheall ar chaillteanas gnáthóige. Dá bhrí sin beidh sé thar a bheith deacair an cine daonna a chothú in imeacht ama.
Is í Éire an dara tír ar domhan a bhfuil géarchéim aeráide agus bithéagsúlachta fógartha aici agus ansin foilsíodh Plean Gnímh Aeráide sa bhliain 2019. Beidh tionchar mór ag an athrú aeráide ar an tír seo le himpleachtaí do-athraithe ag teacht urithi agus mar sin is fiú smaoineamh ar an méid seo agus tú ag triail ar an mbothán an toghchán seo.
Coireacht
Is fadhb lárnach í an choireacht san Olltoghchán seo. Tá an tír seo ar uimhir 12 ar an Innéacs Síocháin den Domhan, agus mar sin táimid mar chuid de na tíortha is fearr ó thaobh coireachta de. É sin ráite tá ardú mór tar éis teacht ar rátaí coireachta le tamall anuas. Rinne na Gardaí suirbhé anuraidh, agus cheap níos lú ná leath de na daoine go raibh bainistiú maith á dhéanamh ar an bhfórsa. Chomh maith leis sin, cheap níos lú arís (44%) go gcuireann siad seirbhís den scoth ar fáil.
Deirtear go minic mura bhfuil muinín ag daoine sna Gardaí go mbeadh fadhbanna againn sa tír seo agus tá sé sin soiléir ón méid coireacht atá ag tarlú anois. Léirigh na staitisticí ó 2019 gur mhéadaigh an ráta coireachta trasna na tíre ar fad agus tá achrann idir dhronga ag cur isteach go mór ar shaol i nDroichead Átha.