Deir leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin nár chóir “glacadh leis” go ndéanfaí neamhaird sna meáin ar aon chaint a dhéantar sa Dáil i nGaeilge.
Níor bhac na meáin Bhéarla leis an óráid lán-Ghaeilge a thug Catherine Martin le linn an chéad suí den Dáil nua Déardaoin seo caite.
Bhí ábhar i dtuairiscí de chuid RTÉ agus na meán eile ó na príomhóráidí ar fad a tugadh sa Dáil an lá céanna seachas óráid Catherine Martin.
Bhí leascheannaire an Chomhaontais Ghlais ar dhuine d’ochtar Teachtaí Dála a mhol ceannairí a bpáirtithe do phost an Taoisigh sa Dáil an tseachtain seo caite.
Labhair sí i nGaeilge amháin, a dúirt sí, chun aird a tharraingt ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta, ach ba bheag aird a thug na meáin ar a teachtaireacht.
Bhí tuairisc chuimsitheach bheo ar líne ag RTÉ ar imeachtaí an chéad suí den 33ú Dáil, tuairisc ina raibh ráitis acu ó óráidí an tseachtair eile a mhol ceannairí a bpáirtithe do phost an Taoisigh agus ó suas le 20 Teachta Dála eile a thug píosaí cainte uathu.
Focal ní raibh ar an mblag beo ná i dtuairiscí nuachta Béarla eile an stáisiúin, áfach, ó óráid Catherine Martin.
Nuair a tháinig sé go dtí píosa cainte leascheannaire na nGlasach chuathas díreach ar aghaidh go dtí an méid a bhí le rá ag a comhghleacaí Joe O’Brien.
Ba é O’Brien a thacaigh go hoifigiúil le moladh Martin go dtoghfaí Eamon Ryan ina Thaoiseach.
B’amhlaidh an scéal ag na nuachtáin Bhéarla agus ní raibh aon tagairt d’aon rud a bhí le rá ag Catherine Martin aon áit eile seachas sna meáin Ghaeilge agus i measc Ghaeil na meán sóisialta a bhí an-mholtach faoina hóráid.
Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais nár chóir glacadh lena leithéid de neamhaird.
“Ní raibh deis agam féin an clúdach a fheiceáil ach ní dóigh liom gur chóir glacadh leis go bhfágfaí ar lár sna meáin rudaí a deirtear sa Dáil díreach mar gheall gur i nGaeilge a deirtear iad.
“Labhraímse Gaeilge sa Dáil chun an teanga a chothú agus a chuir chun cinn mar gur cuid thábhachtach í den saol poiblí. Ní mór dúinn gnáthchuid den dioscúrsa náisiúnta a dhéanamh den Ghaeilge.
“Creidim go bhfuil dualgas ar na meáin ar fad clúdach a dhéanamh ar chaint a dhéantar i nGaeilge agus cuntas cruinn a thabhairt ar dhíospóireachtaí Thithe an Oireachtais,” a dúirt Catherine Martin le Tuairisc.ie.
Idir an dá linn, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “dímheas” ar an nGaeilge a bhí i gceist leis an tslí a dhein na meáin Bhéarla neamhaird ar óráid “an-suimiúil” Catherine Martin.
Cháin sé RTÉ go háirithe agus dúirt sé go mbeadh an eagraíocht teanga ag plé an scéil leis an gcraoltóir.
“Ba chóir go mbeimis ábalta brath ar an gcraoltóir náisiúnta go háirithe tuairisciú iomlán agus cruinn a dhéanamh ar na cúrsaí seo don phobal uile, pobal na Gaeilge san áireamh agus níor tharla sin sna tuairiscí a bhí acu sa chás seo.
“Ní hé go raibh sé deacair fáil amach céard a dúirt Catherine Martin agus bhí dóthain ama acu fotheidil a chur lena cuid cainte don teilifís ina dhiaidh sin má shíl siad go raibh a leithéid ag teastáil,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Dúirt sé gur léiriú eile a bhí i gcás óráid leascheannaire an Chomhaontais Ghlais ar fhaillí RTÉ i leith na Gaeilge i gcúrsaí reatha.
“Tá drochnós freisin acu nuair atá craoladh beo acu ar siúl acu ‘speaking in Irish’ a chur ar an scáileán nuair a thosaíonn duine ag labhairt as Gaeilge. Níor chóir go dtarlódh sin agus níor chóir glacadh leis,” arsa Julian de Spáinn.