Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-suil-ag-fine-gael-ar-shuiochan-healy-i-dtiobraid-arann

TOGHCHÁN 2020: Súil ag Fine Gael ar shuíochán Healy i dTiobraid Árann

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Thiobraid Árann seachas póca thart ar Thulach Seasta (An Port Nua) in iarthuaisceart an chontae atá curtha le cathair Luimnigh

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Jackie Cahill (FF), Séamus Healy (NS), Alan Kelly (LO), Michael Lowry (NS) agus Mattie McGrath (NS)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)*
Fianna Fáil 23.9 26
Fine Gael 16.1 27
Lucht Oibre 9.9 5
Sinn Féin 7.3 6
Glas 1.7 1
Eile Clé 9.6 3.5
Eile 31.5 31.5

* Tá an contae ar fad san áireamh anseo

Anailís: As an gcúigear Teachtaí Dála sa 32ú Dáil atá ag seasamh sa dáilcheantar seo, tá beirt acu, a bhféadfaí a rá fúthu go bhfuil siad réasúnta cinnte go mbeidh siad ag filleadh ar Theach Laighean, Michael Lowry (NS) agus Mattie McGrath (NS). Tá meaisín maith toghchánaíochta i lár agus i dtuaisceart an chontae ag Michael Lowry (NS) a bhfuil cúlra Fhine Gael aige. Is i ndeisceart an chontae is mó a bhíonn Mattie McGrath (NS) ag fáil vótaí.

Sa dáilcheantar seo tá an tíreolaíocht tábhachtach. Ní aistrítear vótaí rómhaith ó thuaisceart an chontae go dtí deisceart an chontae, ná sa tslí eile ach an oiread. Ag cur cúrsaí daonra san áireamh, bheadh duine ag súil go mbeadh dhá shuíocháin ag dul go deisceart an chontae, ceann go lár an chontae agus dhá cheann sa tuaisceart.

Tá beirt iarrthóirí ag Fine Gael i ndeisceart an chontae, Garret Ahearn (FG) ó Chluain Meala agus Mary Newman Julian (FG), atá lonnaithe i gCaiseal Mumhan, deirfiúr le Kate O’Connell (FG) atá ag seasamh i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas. Níor toghadh aon duine ó Fhine Gael in 2016. Cé go raibh beagnach cuóta ann eatarthu, níor aistríodh dóthain vótaí ó Coonan (FG) sa tuaisceart go Hayes (FG) sa deisceart. Níl aon iarrthóir ag Fine Gael i dtuaisceart an chontae an babhta seo, amhail is go bhfuil siad ag glacadh leis nach fiú dul san iomaíocht ann le Michael Lowry (NS).

Tá sé de bhuntáiste ag an gComhairleoir Garret Ahearn (FG) go bhfuil sé ina mhéara ar Bhardas Chluain Meala le seacht mí anuas, gradam a thugann neart poiblíochta dó gach seachtain. Is mac é le Theresa Ahearn, iarTheachta Dála, a bhásaigh ó ailse scór blianta ó shin. Tá seans maith ag Ahearn (FG) suíochán a bhuachan ach cá bhfágann sin Séamus Healy, neamhspleách ar an eite chlé a bhfuil a lárionad tacaíochta i gCluain Meala? Drochsheans go mbeidh dhá shuíochán ag dul go Cluain Meala. (Col seisear leis an tráchtaire seo é Séamus Healy.)

Is féidir le Fianna Fáil a bheith réasúnta cinnte de go mbeidh suíochán amháin acu agus gur ag Jackie Cahill (FF) ó lár an chontae a bheas sé. Bhí 24% den vóta san olltoghchán in 2016 ag Fianna Fáil agus le vóta mar sin níor cheart go mbeadh aon stró ar Jackie Cahill (FF) a shuíochán a choinneáil. Tá ardmheas air i measc na bhfeilméaraí de bharr a thréimhse mar Uachtarán ar an ICMSA. Ag cruinniú vótaí dó i ndeisceart an chontae beidh Imelda Goldsboro (FF) ó Charraig na Siúire agus ’sí Sandra Farrell (FF), ón Aonach, atá ag Fianna Fáil i dtuaisceart an dáilcheantair.

Chaill Alan Kelly (LO) cuid thábhachtach dá cheantar tacaíochta nuair a cuireadh píosa den chontae thart ar an Tulach Seasta le Cathair Luimnigh, ceantar ina mbíonn vóta láidir ag Páirtí an Lucht Oibre. Beidh Kelly (LO) ag brath mar sin ar vóta maith a fháil ina bhaile dúchais, Aonach Urmhumhan. Tá sé ráite go bhfuil bainisteoir fhoireann Thiobraid Árann, Liam Sheedy, ag tacú leis. Gheobhaidh sé cuid de na vótaí a bhíodh ag an gComhairleoir Séamus Morris, as an mbaile céanna, a sheas le Sinn Féin in 2016 ach a d’éirigh as an bpáirtí sin agus nach bhfuil san iomaíocht an uair seo.

Is as Cill Bharráin don Chomhairleoir Joe Hannigan (NS), áit a bhfuil pub aige. Toghadh é ar bharr an chomhaireamh sna toghcháin áitiúla le 2,113 vóta. Tá sé sáite i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael sa gcontae. D’aistreodh go leor dá vóta chuig Michael Lowry (NS), ach seans go mbeidh Lowry tofa faoin uair a gcuirfear Halligan (NS) as an áireamh. An uair sin, bheadh Alan Kelly (LO) ag súil le slám maith vótaí aistrithe ar bhonn tíreolaíochta uaidh, rud a choinneodh fear Pháirtí an Lucht Oibre san iomaíocht.

Ceaptar go bhféadfadh Séamus Healy a shuíochán a chailliúint. Ceapadh an rud céanna faoi in 2016 ach tháinig sé slán agus 2,300 vóta le spáráil aige. Maidir leis an vóta a bhí ag Morris (SF) in 2016 aistríodh beagnach a leath, 2,855 vóta, go Healy. Le seans a bheith a bheith ag Healy chaithfeadh sé vótaí aistrithe den chineál líon céanna a fháil an uair seo ó iarrthóir Sinn Féin, Martin Browne (SF), arb as Caiseal Mumhan dó. Bhí 5,724 vóta ag Sinn Féin in 2016 agus leis an ngaoth ina seolta an uair seo, d’fhéadfadh Martin Browne a bheith os cionn 6,000 vóta. D’fhágfadh sin go mbeadh sé san iomaíocht do shuíochán, go háirithe dá mbeadh sé níos airde ná Séamus Healy.

Tá iarrthóir óg ó Luimneach, Rob O’Donnell, ag seasamh don Chomhaontas Glas agus gan é ach 23 bliain d’aois. Bhí bean ó Dhurlas, Marese Skehan, le seasamh sa toghchán mar neamhspleách ach fuair sí bás tobann le linn na seachtaine. Suaimhneas síoraí uirthi.

Tuar: Cahill (FF), Lowry (NS), McGrath (NS), Kelly (LO) agus Ahearn (FG)

Níos mó