Níl oiread na fríde idir Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin in Olltoghchán 2020, de réir na pobalbhreithe iarvótála a rinne Ipsos MRBI do RTÉ, TG4, an Irish Times agus UCD.
I bhfianaise na pobalbhreithe iarvótála cathair mar a tuairisc an rabharta tacaíochta a tháinig i dtreo Shinn Féin le linn an fheachtais agus an leibhéal tacaíochta céanna acu is atá ag Fine Gael agus Fianna Fáil.
22.4% a thug le fios gur thug siad vóta céadrogha d’Fhine Gael. De réir na pobalbhreithe 22.3% de na vótaí céadrogha atá ag Sinn Féin agus 22.2% atá ag Fianna Fáil.
Cuirfear tús maidin amárach le comhaireamh na vótaí sa 39 dáilcheantar agus is cinnte go mbeidh sé ina chogadh dearg do go leor den 159 atá le líonadh.
80 suíochán a theastaíonn do mhóramh sa Dáil agus dá mba amhlaidh na torthaí sna laethanta amach romhainn bheadh sé fíor-dheacair rialtas a bhunú.
Bunaithe ar an bpobalbhreith, Is cosúil go ndéanfaidh an Comhaontas Glas dul chun cinn agus 7.9% acu.
4.6% a thacaigh le Páirtí an Lucht Oibre agus gan aon chomhartaí tearnáimh sa phobalbhreith seo.
Tá an chéad éachtaint ar fáil i dtorthaí na pobalbhreithe, inar ceistíodh 5,000 duine ar fud an stáit agus a vóta díreach caite acu, ar mhianta an phobail in Olltoghchán 2020.
Bhí daoine ag triall ar na botháin vótála ar fud na tíre ó mhaidin in Olltoghchán 2020 agus in ainneoin na drochaimsire tuairiscíodh gur vótáil céatadán réasúnta ard de na daoine a bhí ar an gclár vótála.