Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘fuair-me-amach-de-haoine-seo-caite-go-raibh-covid-19-orm’

‘Fuair mé amach Dé hAoine seo caite go raibh Covid-19 orm’

| Tuairisc.ie | , ,

Scéal duine amháin é seo. Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Fuair mé amach Dé hAoine an 13 Márta go raibh Covid-19 orm. Bhí mé ar laethanta saoire san Ostair le grúpa beag cairde an tseachtain roimhe sin. Tá toradh dearfach faighte againn go léir anois ar an tástáil a cuireadh orainn don choróinvíreas.

I ngan fhios dúinn, bhí an galar á scaipeadh go tréan sa bhaile beag sciála ard sna hAlpa Tiorólacha a rabhamar ag fanacht ann ar feadh seachtaine. Go gairid i ndiaidh dúinn teacht abhaile dúnadh an baile sciála don séasúr nuair a deimhníodh go raibh baint aige le scata cásanna den ghalar.

Thángamar abhaile tráthnóna Dé Sathairn. Tamall ina dhiaidh sin, bhraith duine de mo chomrádaithe beagáinín tinn. Dúirt sé go raibh pianta agus casacht air, go raibh fuarallas leis agus go raibh a scornach ábhairín tinn.

Mheas an chuid eile againn gurbh amhlaidh nach raibh sé ar fónamh toisc seachtain a bheith tugtha againn ag sciáil sa lá agus ag dul amach san oíche. Dúramar an méid sin leis, ach ar an dea-uair níor éist sé linn.

Chuir sé glaoch ar a dhochtúir maidin Dé Luain agus socraíodh go dtiocfadh an HSE amach chuige an tráthnóna sin. Fuarthas sampla uaidh le maipín agus dúradh leis go mbeadh na torthaí aige Dé Céadaoin.

Thart ar am lóin Dé Céadaoin chuir sé teachtaireacht ar ár ngrúpa WhatsApp a bhain siar as an gcuid eile againn. Bhí toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh air do Covid-19.

Dúirt sé linn go raibh an HSE ag iarraidh go ndéanfaimis teagmháil leo agus thug sé dúinn sonraí teagmhála an dochtúra a bhí i bhfeighil ar an obair thástála sa cheantar.

Faoin tráth seo bhí casacht orm, an cineál casachta nach mbeadh ina údar imní agam  de ghnáth.

As sin go ceann 36 uair a chloig tástáladh an uile dhuine sa ghrúpa beag againn agus faoi mhaidin Dé Sathairn seo caite bhí toradh dearfach faighte againn go léir. Labhair mé le dochtúir an HSE tráthnóna Dé Céadaoin agus tháinig duine den lucht tástála chun an tí thart ar 5pm Déardaoin. Tháinig sé go dtí an teach in otharcharr agus chuaigh sé go dtí a chúl chun ullmhú. Chuir sé air féin gúna cosanta, spéaclaí cosanta, masc máinliachta agus lámhainní máinliachta. Ní nach ionadh tháinig cuid mhaith de na comharsana san eastát chun na fuinneoige. Stop cúpla duine a bhí ag dul thar bráid ina gcuid carranna go bhfeicfidís cad a bhí ag tarlú leis an otharcharr.

D’fhan mé ag doras an tí go dtí go raibh fear na tástála réidh agus ansin chuaigh mé amach chuige. Fuair sé sampla scornaí uaim le maipín agus cuir sé ar mo pholláire chomh maith é. Chuir sé an sampla i dtrialleadán. Fear deas a bhí ann. Dúirt sé cúpla rud mar ábhar magaidh agus rinne mise amhlaidh.

Dúirt an dochtúir de chuid an HSE ar labhair mé léi roimhe sin go raibh tástáil á cur orm mar go raibh gartheagmháil agam le duine a raibh an víreas air agus ní mar gheall go raibh aon chomharthaí móra an ghalair orm féin, seachas mé a bheith ag casacht. Faoin am a ghlaoigh sí orm tráthnóna Dé hAoine chun a dheimhniú dom go raibh toradh dearfach ar an tástáil, bhí mé beagáinín plúchta.

Chomh maith leis an gcasacht sa chliabhrach a bhí orm, bhí pian mharbh i mo cheann agam, mar a bheadh mo cheann éirithe beagáinín níos troime.

Agus mé a scríobh seo oíche Dé Domhnaigh ní raibh faic eile mar shiomtóim orm agus tá an chasacht agus tinneas cinn ag éirí níos fearr gach lá sa tslí go bhfuil siad nach mór imithe ar fad anois. Mura mbeadh an saol iompaithe bun os cionn, is ar éigean go dtabharfainn aon aird ar na siomtóim.

Tá mé sna luathdhaichidí agus tá mo chompánaigh a bhí san Ostair liom ar fad sna daichidí nó sna luathchaogaidí. Is mar a chéile cuid mhaith an scéal againn go léir ó thángamar abhaile.

Nuair a labhair mé le dochtúir an HSE mhínigh sí dom faoin bhféinleithlisiú, faoin sláinteachas láimhe, faoin scoitheadh sóisialta agus faoi na rudaí go léir a bhfuil daoine ag dul i dtaithí orthu de réir a chéile mar gheall ar scaipeadh an ghalair seo.

Bhí na treoracha a thug sí dom soiléir: fanacht ag baile agus fanacht amach ó na daoine eile sa tigh.

Dúradh liom ar an bhfón go gcaithfinn mé féin a choimeád amach ó dhaoine ar feadh coicíse ón uair a mbeadh na siomtóim glanta. Níos déanaí thug mé faoi ndeara i ríomhphost ón HSE go raibh comhairle éagsúil ann: tú féin a choimeád amach ó dhaoine ar feadh coicíse ón uair a thosaigh na siomtóim a nochtadh féin.

Labhair mé leis an HSE arís chun soiléiriú a fháil faoi seo agus táim ag fanacht ar an soiléiriú sin. Is cosúil go bhfuil an chomhairle seo maidir leis an bhféinleithisliú ag athrú de réir mar atá an HSE agus saineolaithe eile ag foghlaim níos mó faoin bhvíreas.

Is dócha gur fearr glas ná amhras, ach oiread le gach rud eile a bhaineann leis an ngalar seo.

Níl an dara rogha anois agamsa ach fanacht. Ba mhaith leo go mbeadh dhá thástáil diúltach agus cúpla lá eatarthu ag duine sula ndearbhófaí nach bhfuil sé aicídeach a thuilleadh.

Is cosúil, áfach, go bhfuiltear in amhras an mbeidh na hacmhainní acu chun sin a dhéanamh. Tá mé ag súil scéal faoi sin a fháil sna laethanta amach romhainn.

Chuir dochtúir an HSE ceisteanna go leor orm chun mionchuntas a fháil faoi na háiteanna a raibh mé ó tháinig mé abhaile agus faoi na daoine a raibh teagmháil agam leo. D’iarr sí mioneolas faoi cá raibh mé, faoi mo sceideal oibre, faoi cé a casadh orm agus faoin gcineál teagmhála a bhí agam le daoine. Rinne sí na daoine a raibh mé ina gcomhluadar a rangú de réir an bhaoil dóibh. Tá tástáil curtha anois ar mo bhean agus mo chlann agus tá siad ag fanacht ar an dtoradh.

Níor dúradh le haon duine eile tástáil a fháil ach amháin sa chás go raibh siomtóim orthu.

Bhí gach duine a phléigh liom ó thús deireadh an-chineálta agus an-ghairmiúil in ainneoin gur léir go raibh uaireanta fada á gcur isteach acu.

Tacaímis leo.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón víreas seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Tá critéir nua maidir le tástáil don choróinvíreas fógartha ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. Ba chóir do gach duine feasta glaoch ar an ndochtúir má tá fiabhras nó teocht 38 céim nó níos airde orthu nó creathadh fuachta orthu nó comharthaí sóirt ionfhabhtú riospráide, amhail casacht, acu. Go dtí seo ba iad na daoine a shásaigh na critéir do thástáil ná daoine a tháinig abhaile ó áit thar lear ina raibh an galar forleathan agus siomtóim an ghalair orthu agus daoine a raibh gartheagmháil acu leo agus na siomtóim chéanna orthu.

Níos mó