Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘is-i-an-eoraip-anois-croilar-na-paindeime-–-na-tugaigi-cead-a-cinn-don-tine-seo’-–-who

‘Is í an Eoraip anois croílár na paindéime – ná tugaigí cead a cinn don tine seo’ – WHO

Is í an Eoraip anois “croílár na paindéime Covid-19” agus níos mó cásanna deimhnithe den ghalar ann ná mar atá sa chuid eile den domhan go léir nuair a fhágtar an tSín as an áireamh.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus an méid sin tráthnóna tráth a bhfuil breis is 5,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas.

“Cloch mhíle thragóideach” a thug sé ar an bhfigiúr is déanaí sin agus dúirt sé gur gá leanúint de na beartais a bhí riachtanach chun dul i ngleic leis an ngalar.

“Ná tugaigí cead a cinn don tine seo,” arsa Tedros Adhanom Ghebreyesus.

Tuairiscíodh chuig an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go dtí seo 132,ooo cás de Covid-19 agus 123 tír atá buailte ag an ngalar a bhfuil a lorg á fhágáil aige ar gach gné den saol.

Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go raibh níos mó cásanna nua anois san Eoraip ná mar a bhí sa tSín an lá ba mheasa an ghéarchéim sa tír sin. Dúirt sé go raibh míthuiscint a n-íocfaí go daor aisti ar aon tír a mheas nach mbeadh an cás chomh dona céanna acu féin is atá i dtíortha eile.

“Aon tír a fhéachann ar ar tharla i dtíortha eile ina bhfuil eipidéimí móra agus a deir ‘ní tharlóidh sé sin dúinne’, tá botún tromchúiseach á dhéanamh acu. D’fhéadfadh sé tarlú áit ar bith,” arsa ardstiúrthóir an WHO.

Dúirt sé go gcaithfí gach ceann de na beartais a bhí á moladh chun dul i ngleic leis an ngalar a chur i bhfeidhm.

“Ní leor tástálacha astu féin. Ní leor cuardach lucht teagmhála as féin. Ní leor coraintín as féin. Ní leor an scoitheadh sóisialta as féin. Déanaigí é go léir,” arsa ceannasaí an WHO.

99 cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus naoi gcás nua deimhnithe ó thuaidh den teorainn. 29 cás deimhnithe ó thuaidh den teorainn agus 70 cás atá deimhnithe ó dheas.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go raibh a lorg fágtha cheana féin ag scaipeadh an ghalair ar ghnóthaí ar fud na tíre.

Tá ráite ag ceannasaí an HSE Paul Reid nach faoi ordú dianghlasála atá an stát agus nach bhfuil sé i gceist faoi láthair a leithéid d’ordú a chur i bhfeidhm. 

Dúirt Reid inniu nach chun leas an phobail ná lucht leighis atá sé a bheith ag caint ar chéim na héigeandála nuair is ag iarraidh moill a chur ar scaipeadh Covid-19 atáimid. 

Dúirt sé go raibh an ráig de Covid-19 “go mór faoi smacht go fóill” ag lucht na seirbhíse sláinte agus go raibh siad ag ullmhú dó ó mhí Eanáir.

“Tuigimid go bhfuil go leor údair frustrachais ag an bpobal agus ag baill foirne faoin soláthar cúram sláinte le blianta fada, ach tá mé ag impí ar an bpobal seasamh go láidir leis HSE ar bhealach nár tharla cheana,” arsa Paul Reid, ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt sé nach raibh ciall ar bith le daoine a bheith ag carnadh bia agus earraí tí. Tá sciob sceab ar bhia agus earraí tí áirithe sna hollmhargaí le tamall agus d’imigh an scaollcheannach in olcas inné nuair a fógraíodh dúnadh na scoileanna agus na srianta eile atá i bhfeidhm chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair.

Dúirt ceannasaí an HSE nach raibh aon éigeandáil inniu ó thaobh oibrithe sláinte a bheith i láthair ag a gcuid oibre. 

D’fhógair sé chomh maith go raibh an feidhmeannas sláinte i mbun cainte le lucht óstáin faoi leabaí leithlisithe a chur ar fáil.

D’iarr ceannasaí an HSE ar an bpobal cuidiú leo agus le hoibrithe sláinte a bhfuil cuidiú ag teastáil uathu ó thaobh cúram leanaí agus iad i mbun a gcuid oibre sa tseirbhís sláinte.

Tá iarrtha ag ceannasaí an HSE agus ag ceannairí na tíre agus ceannairí poiblí eile ar mhuintir na hÉireann cur le chéile ar mhaithe lena chéile chun dul i ngleic le Covid-19.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfaí beatha daoine a shábháil ach aire a thabhairt dá chéile.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad d’fhógair an Rialtas inné. 

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht tamall amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

D’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris go raibh breis comhairle á cur ar dhaoine atá ag filleadh abhaile chun na hÉireann ó cheantair ina bhfuil ráig den ghalar.

Iarrfar ar gach duine atá ag filleadh ón Spáinn agus ón Iodáil srian a chur lena gcuid gluaiseachtaí ar feadh coicíse, gan dul ag obair agus dul i measc an phobail oiread agus is féidir. 

“Ní baileach gur féin-leithlisiú atá i gceist, ach gan dul mórán áiteanna,” a dúirt an tAire Sláinte. 

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag moladh do dhaoine gan aon turas a thabhairt ar an Spáinn mura bhfuil fíorghá leis agus gan dul chun na hIodáile beag ná mór. 

Tá ráite ag Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Dr Tony Holohan, go bhféadfadh go mbeadh na scoileanna, na crècheanna, na hionaid cúram leanaí agus na hinstitiúidí tríú leibhéal dúnta níos faide ná an 29 Márta. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné go bhféadfaí beatha daoine a shábháil ach aire a thabhairt dá chéile agus aird a thabhairt ar na srianta atá i bhfeidhm go dtí deireadh na míosa.

“Tá a fhios agam go bhfuil creathadh mór bainte aige seo as daoine agus beidh athruithe móra le déanamh againn in ár saol. 

“Tuigim go bhfuilim ag iarraidh ar dhaoine íobairtí ollmhóra a dhéanamh. Ar mhaithe lena chéile atáimid á dhéanamh. Ach cur le chéile is féidir an víreas a chur dá bhuille agus moill a chur air. Ach cur le chéile, mar aon náisiún amháin, is féidir linn beatha go leor daoine a shábháil. 

“Cuirfidh sé seo as don gheilleagar. Tiocfaidh sé uaidh. Déanfar cúiteamh ar an am a chaillfear ar scoil nó sa choláiste. De réir a chéile, beidh an saol ar ais mar a bhí. 

“Thar aon rud eile, caithfimid ar fad aire a thabhairt dá chéile. Is iontach an náisiún í Éire. Agus is iontach an dream sinn. Ní hé seo an chéad uair againn cruatan agus streachailt a bheith le sárú againn. Cuireadh tástáil go leor cheana orainn agus thángamar slán a bhuíochas dár spiorad agus dár misneach. Beidh linn.”

Tá sé tábhachtach a rá gur tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth ní foláir do dhuine 15 nóiméad a chaitheamh i ngiorracht 1-2 méadar de dhuine a bhfuil an galar air chun go mbeadh sé i gcontúirt an galar a thógáil.

Níos mó