Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-litir-as-albain:-mothaim-go-bhfuil-oibrithe-slainte-mo-mhacasamhail-fein-i-liombo-faoi-lathair-–-an-ciunas-roimh-an-anfa

LITIR as ALBAIN: Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair – an ciúnas roimh an anfa

| Tuairisc.ie | ,

Is dochtúir teaghlaigh faoi oiliúint as Éirinn mé agus tá mé ag obair in aonad síciatrachta in ospidéal de chuid an NHS in Albain. Daoine an-leochaileach iad na hothair san aonad síciatrach, a mbíonn fadhbanna sláinte eile ag cur as dóibh go minic.

Is ábhar mór imní é go raibh cuairteoirí ag dul isteach agus amach ón aonad go dtí roinnt laethanta ó shin.

Mothaím go bhfuil oibrithe sláinte mo mhacasamhail féin i liombó faoi láthair; an ciúnas roimh an anfa. Tá deireadh leis na clinicí ar fad nach mór agus muid ag faire ar scéala go mbogfar muid chuig na bardaí dianchúraim, áit a mbeidh othair atá buailte leis an ngalar Covid-19.

Tá strus agus brú go leor i measc oibrithe an NHS faoi láthair. Tá imní orainn, tá muid buartha go bhfaighidh muid féin an galar agus go scaipfimid é i ngan fhios dúinn féin.

San ospidéal ní féidir cloí le rialacha maidir leis an scoitheadh sóisialta. Idir dhochtúirí, bhanaltraí agus oibrithe eile san ospidéal, bíonn an oiread sin daoine i mullach a chéile. Cuir leis sin go mbíonn orainn taisteal chun na hoibre ar an gcóras iompair poiblí, áit eile nach éasca an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Is é an t-ábhar imní is mó sa chóras sláinte anseo nach mbeidh dóthain oibrithe sláinte ar fáil le haire a thabhairt don líon mór othar a bheas buailte leis an ngalar ag an am céanna. Más amhlaidh a bheidh, beidh éifeacht an domanó le brath ar fud an chórais sláinte agus gan cúram ceart ar fáil d’othair eile.  Tá ganntanas trealamh féinchosanta ina ábhar imní d’oibrithe sláinte chomh maith ach tá gealltanas tugtha dúinn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí go luath.

Tá muid ag faire ar na físeáin ó na hospidéal san Iodáil atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta agus ag súil nach dtarlóidh a leithéid anseo.

Tá dóchas agam nach dtarlóidh.

Cinnte tá mé den bharúil go ndearnadh bearta maithe i ndeisceart na hÉireann le scaipeadh an ghalair a mhoilliú. Cá bhfios an ndearnadh a dóthain in am trátha sa Bhreatain?

Bhí daoine buartha faoi chur chuige na Breataine agus faoin easpa tástálacha. Ach ó fógraíodh an t-ordú dianghlasála tá cúrsaí athraithe go mór. Ní fhacamar an galar seo riamh roimhe seo agus is í an aimsir amháin a neosfaidh cad é an bealach is fearr le dul i ngleic leis an aicíd nua.

Ach ábhar dóchais amháin an oiread de spiorad na meithle atá le feiceáil i measc oibrithe sláinte agus an pobal. Má dhéanann gach éinne a gcuid,beidh linn.

Níos mó