Rinne sé de dhurta dharta é, a deirtí. Sin le rá go ndearna sé go tobann é gan smaoineamh roimh ré. De dhoirte dhairte an litriú eile a bhíonn air. Is féidir an t-eolas céanna a thabhairt ar bhealaí éagsúla eile:
Rinne sé lom láithreach é.
Rinne sé bog te é.
Thug sé faoi de sciotán.
Rinne sé de rith is de léim é.
Chuaigh sé ann de rite reaite.
Tharla sé i bhfaiteadh na súl.
Rinne sé de ruathar é.
D’éirigh sé de phreab.
Chuaigh sé ann maolabhrach. Maolfhabhartha a deirtí roimhe seo: gan ullmhú, gan téisclim, go tobann.
De dhurta dharta. Nach deas é?