Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘oro,-ta-seo-linn-sa-bhaile…’

‘Óró, tá Seo Linn sa bhaile…’

Tá baill an bhanna ceoil Gaeilge Seo Linn, a d’eisigh leagan nua den amhrán traidisiúnta ‘Óró ‘Sé do Bheatha Abhaile’ cúpla bliain ó shin, tagtha abhaile iad féin tar éis imní a bheith orthu go mbeidís sáinnithe san Astráil.

Bhí Seo Linn ar camchuairt san Astráil le cúpla seachtain anuas agus gigeanna á ndéanamh acu in ionaid éagsúla timpeall Victoria in oirdheisceart na tíre. B’éigean don bhanna ceoil Gaeilge roinnt gigeanna a chur ar ceal an mhí seo agus an mhí seo chugainn mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh ar fud na cruinne.

Bhí na ceoltóirí i measc na mílte Éireannach a fágadh ar an trá fholamh nuair a cuireadh eitiltí ón Astráil go hÉirinn ar ceal le seachtain nó dhó anuas, ach tá triúr den cheathrar fillte ar an bhfód dúchais anois. Tháinig an Keith Ó Briain abhaile cúpla seachtain ó shin, sula raibh aon imní mór ann faoin víreas san Astráil, agus tháinig Stiofán Ó Fearaíl agus Kevin Shortall abhaile maidin inniu. Fanfaidh pianódóir an bhanna, Dáithí Ó Ruaidh, san Astráil ar feadh cúpla seachtain eile in éineacht lena bhean chéile agus a dheartháir, atá ina chónaí sa tír sin. 

Labhair Stiofán agus Kevin le NÓS faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí san Astráil anois agus faoina dturas casta abhaile le cúpla lá anuas.

“D’fhéadfá a rá go bhfuil an Astráil coicís taobh thiar d’Éirinn maidir le scaipeadh an víris agus maidir leis na srianta atá á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis thall ansin. Bhí bleaist gigeanna le déanamh againn agus muid ann, agus muid lonnaithe in Lake Tyers Beach in Victoria ar feadh dhá mhí. Sin an baile ina raibh muid deireadh seachtaine na Féile Pádraig, baile a bhfuil 700 duine ann. D’éirigh linn 800 ticéad a dhíol don dá cheolchoirm a chas muid ann!

“Bhí ceann eile le bheith againn in Queensland an tseachtain seo, ach thart ar an am a tháinig muid ann, bhí na srianta diana ag teacht i bhfeidhm. Tá an Astráil thart ar choicís taobh thiar d’Éirinn leis an rud ar fad, agus níor tharla na gigeanna de bharr na srianta nua sin,” a mhínigh Kevin. 

Bhí Seo Linn le bheith san Astráil go dtí an 12 Aibreán, agus eitiltí curtha in áirithe acu leis an aerlíne Emirates.

“Sheol Emirates teachtaireacht chugainn seachtain ó shin le rá go mbeidh eitiltí á gcur ar ceal sna laethanta amach romhainn, ach ní raibh eolas sonrach ann faoinár n-eitilt féin. Chuir mé glaoch orthu, ach ní raibh an tseirbhís fóin ag obair i gceart, agus cuireadh ar aghaidh chuig an líne Araibise mé. Ní raibh Béarla iontach ag an bhfear a d’fhreagair, agus níl an Araibis agam féin, agus bhí sé thar a bheith deacair an scéal a fháil uaidh i gceart. 

“Bun agus barr an scéil, cuireadh an eitilt ar an 12 Aibreán ar ceal. Bhí eitilt eile ar fáil dúinn ar an 24 Márta in Melbourne, ach bhí mé ag glaoch ó Queensland ar an 23 Márta. Ní bheadh an t-am agam a bheith san aerfort in am don eitilt. Dúradh liom nach mbeadh ceann eile ar fáil go dtí mí an Mheithimh,” a dúirt sé.

Níl Catar agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha an-gheal dá chéile, agus tá feachtas ar siúl ag aerlíne náisiúnta Chatar, al-Qaṭariya, daoine a fágadh ar an trá fholamh mar gheall ar Emirates a bheith ag cur eitiltí ar ceal “a tharrtháil”.

“Tá easaontas mór millteach idir Catar agus an UAE, agus an tsluaghairm atá ag Catar Airways anois ná ‘We’ll get you home’ — tá siad ag spochadh as Emirates. Tá na heitiltí atá acu ag imeacht mar is gnáth, agus chuir muid eitilt in áirithe don 12 Aibreán arís agus muinín agam astu nach gcuirfí ar ceal í. 

“Ach ansin dúirt mo dheartháir liom go rabhthas ag súil le buaic an víris in Éirinn ar an lá sin agus tháinig imní orm arís go ndúnfaí na haerfoirt sa mbaile mar gheall ar sin, agus ní raibh muid cinnte nach ndúnfaí na haerfoirt san Astráil féin roimhe sin. Tháinig deis eile aníos nuair a thairg Comhlachas Tráchtála na hÉireann/Astráile eitilt eile dúinn. Bhí costas $1,700 ar an ticéad, ach b’fhiú é,” a dúirt sé.

Tá Kevin agus a chailín, a bhí san Astráil leis, anois á leithlisiú féin in árasán atá ar thalamh a mhuintire i gcontae Chill Chainnigh.

“Beidh muid ag fanacht san árasán ar feadh coicíse anois, agus tá mo thuismitheoirí ag déanamh na siopadóireachta dúinn. Tá an t-ádh orainn go bhfuil an spás ag mo thuismitheoirí dúinn. Ní raibh sé chomh dona sin ag deireadh an lae, tá neart daoine atá tréigthe san Astráil anois. Bhí an t-ádh orainn an scéal casta a réiteach taobh istigh de chúig lá, agus a bheith sa bhaile anois,” a dúirt sé.

Bhí Stiofán Ó Fearaíl ar an eitilt chéanna le Kevin agus a chailín a tháinig i dtír i mBaile Átha Cliath ar maidin. Bhí eitilt curtha in áirithe aige féin don lá amárach le al-Qaṭariya, ach bheartaigh sé dul sa seans agus dul in éineacht leis an mbeirt eile chuig an aerfort inné.

“Chuaigh mé isteach le mo mhalaí pacáilte agus shiúil mé chuig an gcuntar seirbhíse agus dúirt mé leo ‘tá mé le n-eitilt abhaile Dé Máirt, seo m’uimhir áirithinte, ach an bhféadfainn taisteal le mo chuid cairde?’. Thóg sí mo chuid sonraí, agus mo phas, agus cúig nóiméad ina dhiaidh dúirt sí ‘fadhb ar bith, féadfaidh tú seiceáil isteach anois’.

“Ní raibh fadhb ar bith ann, bhí mé ruainne beag thar an teorainn meáchan ach ní raibh aon fhadhb ansin ach an oiread. Nuair a chuaigh muid ar an eitleán bhí siad chomh sabhnd an bealach ar fad tríd. Tá siad tar éis go leor daoine as Éirinn a shábháil, nuair a bhí muid in aerfort Melbourne ní raibh tada ann ach Catar Airways, agus nuair a tháinig muid isteach i mBaile Átha Cliath ní raibh mórán seachas Catar agus Aer Lingus ann,” a dúirt sé.

Dúirt Stiofán go bhfuil na mílte Éireannach san Astráil go fóilleach agus scéalta á gcloisteáil aige faoi dhaoine a chaith na mílte mílte Euro ar thicéad aonair.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge