Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tuilleadh-cunaimh-de-dhith-chun-ionad-aclaiochta-sa-phalaistin-a-chur-ar-a-chosa

Tuilleadh cúnaimh de dhíth chun ionad aclaíochta sa Phalaistín a chur ar a chosa

Tá beocht úr á cur i bhfeachtas bailithe airgid don ionad aclaíochta ‘Aclaí sa Phalaistín’ a seoladh i gCampa Aida ar an Bhruach Thiar an tseachtain seo caite.

€25,000 an sprioc úr atá ag Ainle Ó Cairealláin, bunaitheoir an giom aitheanta ‘Aclaí’ i gCorcaigh, chun an t-ionad aclaíochta sa Phalaistín a chur ar a chosa.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Ó Cairealláin, ar éirigh leis an trealamh giom a thabhairt isteach chuig Campa Aida an tseachtain seo caite, nach raibh an togra “ach ina thús”.

“Tá an giom socraithe suas againn agus tá foireann oiliúnaithe roghnaithe againn

ach tá a lán oibre le déanamh go fóill chun spriocanna uile an tionscnaimh a bhaint amach.

“An rud is measa a d’fhéadfadh muid a dhéanamh ná an giom a fhágáil mar atá sé. Tá freagracht mhór orainn an t-ionad aclaíochta a fhorbairt le go mbeidh sé in ann freastal ar na daoine atá sa champa, fad is a bheidh siad ina gcónaí ann,” a dúirt sé.

Cé gur seoladh an t-ionad aclaíochta ‘Aclaí sa Phalaistín’ an tseachtain seo caite, dúirt Ó Cairealláin go mbeadh “roinnt míonna eile ann” sula n-osclófar doirse an giom don phobal.

Idir an dá linn, beidh foireann ‘Aclaí sa Phalaistín’ i mbun “tréimhse dhian-oiliúna” le foireann traenálaithe Aclaí na hÉireann.

Cúigear Palaistíneach – beirt bhan agus triúr fear – a bheas ag dul i mbun oibre sa giom nua nuair a bheidh an tréimhse oiliúna in ionad Aclaí i gCorcaigh curtha i gcrích acu.

“Togra fadtéarmach atá ann, ina mbeidh foireann Aclaí i gCorcaigh ag tabhairt tacaíochta d’fhoireann traenálaithe Aclaí sa Phalaistín lena chinntiú go mbeidh na scileanna cearta acu.

“Idir oiliúint foirne, costais reatha, agus turas eile go hÉirinn don chúigear oiliúnaithe tá sprioc úr de €25,000 againn.”

Dúirt Ó Cairealláin, a bhí ina thraenálaí le foireann shinsir pheile Chorcaí, gur ag “ag foghlaim de réir mar a bhí an togra á fhorbairt” a bhí sé féin agus an dream atá ag plé leis an giom a bhunú sa Phalaistín.

“Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid seo déanta ag duine ar bith eile, mar sin tá muid ag dul ó chéim amháin go dtí an chéad chéim eile.”

Sháraigh Ó Cairealláin ceann de na dúshláin ba mhó a bhain le bunú an ghiom sa Phalaistín an tseachtain seo caite nuair a d’éirigh leis an trealamh spóirt a thabhairt isteach chun na Palaistíne ó Bheirlín na Gearmáine.

Dúshlán as an ngnáth le sárú ag Gael as Béal Feirste – ionad aclaíochta a bhunú i gcampa Palaistíneach

“Éacht a bhí ann an trealamh a thabhairt isteach agus a bhuíochas sin do dhaoine ar an talamh a chuidigh linn agus d’éirigh linn,” a dúirt sé.

Grúpa ban de chuid an champa a thug faoin chéad seisiún traenála in Aclaí sa Phalaistín an tseachtain seo caite, faoi stiúir traenálaí ó fhoireann Aclaí Chorcaí.

“Ó tharla difríochtaí cultúrtha a bheith ann, ba rud as an ghnáth é tús áite a thabhairt do mhná ach bhí sé tábhachtach domsa go dtuigfeadh na mná sa champa go raibh fáil acu ar na háiseanna aclaíochta sa ghiom,” a dúirt Ó Cairealláin.

Tá €33,000 bailithe ag Ó Cairealláin don ionad aclaíochta sa Phalaistín ó seoladh an chéad fheachtas anuraidh.

Reáchtáil sé feachtais éagsúla, ina measc Go Fund Me, margadh ‘Pop Up’ d’earraí lámhdhéanta ón Phalaistín agus ceolchoirm mhór ‘Gym Jam’ an samhradh seo caite, a mheall leithéidí Moxie, Nuadán agus Kneecap, an grúpa rapairí as Béal Feirste a bhfuil a dheartháir Naoise, ’Moglaí Bap’, ina bhall de.

Dúirt Ó Cairealláin, go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh an t-ionad aclaíochta leis an chaighdeán saoil atá ag daoine i gCampa Aida agus go mbeidh an tseirbhís á cur ar fáil dóibh i gceann cúpla mí.

Tá leathanach Gofundme do ‘Aclaí sa Phalaistín’ ar fáil anseo.

Níos mó