Tá 16 eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ó dheas.
244 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 174 ó dheas agus 70 ó thuaidh.
370 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna agus 69 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.
Maidir leis an 21 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, naonúr bean agus dháréag fear a bhí i gceist. San oirthear a bhí seachtar déag de na daoine a bhásaigh, bhí beirt in iarthar na tíre, i ndeisceart na tíre a bhí an bheirt eile. 81 an mheánaois a bhí acu agus bhí fadhbanna sláinte eile ag cúigear déag acu.
6,522 cás atá deimhnithe den choróinvíreas faoin tráth seo, 5,364 ó dheas agus 1,158 ó thuaidh.
Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh seachtar eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe sa Tuaisceart.
8,740 tástáil don víreas atá déanta ó thuaidh agus 254 duine a tástáladh ó tuairiscíodh figiúirí an lae inné.
Idir an dá linn, de réir na sonraí is déanaí is le hionaid altranais a bhaineann 99 de na braislí de chásanna coróinvíris ó dheas.
Is ionann braisle agus trí chás nó níos mó den víreas a bheith deimhnithe ar aon láthair amháin ar feadh 72 uair an chloig.
Faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite bhí 57 braisle cásanna a bhain le hionaid altranais agus léirigh sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) seachtain ó shin gur 38 braisle a bhí in ionaid altranais faoi mheán oíche ar an 31 Márta.
Údar imní ar leith i gcónaí é scaipeadh an ghalair in ionaid altranais, go háirithe in oirthear na tíre, agus tá roinnt beartas fógartha chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Maidir leis an 16 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, seisear ban agus deichniúr fear a bhí i gceist. San oirthear a bhí aon dhuine dhéag de na daoine a bhásaigh, bhí ceathrar in iarthuaisceart na tíre agus in iarthar na tíre a bhí an duine eile. 78 an mheánaois a bhí acu agus de réir an eolais atá ar fáil go dtí seo bhí fadhbanna sláinte eile ag ceathrar acu.